Ar mhaithe le ‘díospóireacht a spreagadh’ a thug Ivan Yates ‘cultural terrorists’ ar Ghaeilgeoirí – cinneadh an BAI

Mar mhíniú ar an gcinneadh diúltú do ghearán faoi ráiteas a rinne Ivan Yates faoi Ghaeilgeoirí, deir an BAI go mbítear ag súil le ‘tuairimí conspóideacha’ uaidh toisc gur nós leis a bheith ag déanamh ráiteas ar mhaithe le sáraíocht

Ar mhaithe le ‘díospóireacht a spreagadh’ a thug Ivan Yates ‘cultural terrorists’ ar Ghaeilgeoirí – cinneadh an BAI

Dhiúltaigh Údarás Craolacháin na hÉireann do ghearán faoi chlár teilifíse inar thug an láithreoir Ivan Yates ‘sceimhlitheoirí cultúir’ ar Bhláthnaid Ní Chofaigh agus daoine eile a labhraíonn an Ghaeilge.

Thug an BAI le fios inniu gur diúltaíodh don ghearán ó Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn mar gur measadh gur ag iarraidh díospóireacht a spreagadh a bhí Yates. Dúradh chomh maith mar mhíniú ar an gcinneadh gur láithreoir é Yates a mbítear ag súil le “tuairimí conspóideacha” a chloisteáil uaidh toisc gur “gnáthnós” aige a bheith ag déanamh ráiteas ar mhaithe le sáraíocht, nó ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin.

Dúirt an BAI gur tugadh “faoi deara gur féidir gur chuir sé sin isteach ar roinnt daoine sa lucht féachana”, ach gur tugadh neart deiseanna do na daoine faoi agallamh sa chlár “a dtuairimí a chur in iúl agus gur úsáideadh cur chuige cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta ar an iomlán i leith an ábhair”.

Ní raibh “éagóir” i gceist, a chinn an BAI.

Mhaígh Julian de Spáinn ina ghearán go ndearnadh éagóir ar chainteoirí Gaeilge agus ar Bhláthnaid Ní Chofaigh go háirithe agus go raibh “easpa neamhchlaontachta agus oibiachtúlachta” ag baint leis na tuairimí a chuir Yates in iúl le linn eagrán an 19 Meitheamh den chlár The Tonight Show ar TV3 (Virgin Media One).

Mar fhreagra ar an ngearán sin, dúirt TV3 go raibh Ivan Yates ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin ar mhaithe le díospóireacht a spreagadh” agus gur ag caint faoi dhaoine “a bhfuil tuairimí dochta acu” a bhí seachas faoi chainteoirí Gaeilge “go sonrach”.

Chothaigh an díospóireacht teilifíse faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais fearg mhór i measc lucht na Gaeilge an samhradh seo caite.

Ba é Matt Cooper a chuir tús leis an díospóireacht ar The Tonight Show ar TV3 ar an 19 Meitheamh nuair a thug sé le fios go ndúirt a chomhláithreoir Ivan Yates le linn bhriseadh na bhfógraí go raibh sé ar son fáil réidh leis an nGaeilge ar fad.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Yates ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ agus an chuma ar an scéal go raibh sé ag tagairt do Bhláthnaid Ní Chofaigh, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a bhí tagtha ar an gclár chun díospóireacht a dhéanamh faoin nGaeilge ‘éigeantach’ le Niall Boylan ó 4fm.

Nuair a chuir Ní Chofaigh in iúl do Yates gur chuir a ráiteas faoi ‘cultural terrorists’ iontas uirthi, dúirt an láithreoir go raibh sé ag tagairt do “these zealots who believe their way of life should be inflicted on us all”.

Le linn na díospóireachta céanna, mhaígh Niall Boylan gur cur amú airgid a bhí i TG4 agus gur seirbhís a bhí ann a bunaíodh chun freastal ar 12,000 duine.

Agus é ag aontú le Boylan, thug Yates “another turkey that nobody listens to” ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh agus Piaras Ó Dochartaigh go raibh cearta ag dul do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus thug an staraí Diarmuid Ferriter “a complete and utter nonsense” ar chomparáid a rinne Yates idir ceist an ghinmhillte agus ceist na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais.

Fág freagra ar 'Ar mhaithe le ‘díospóireacht a spreagadh’ a thug Ivan Yates ‘cultural terrorists’ ar Ghaeilgeoirí – cinneadh an BAI'