FÍSEÁN: ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ – fearg mhór ar líne faoi dhíospóireacht faoin nGaeilge ar TV3

Chuir cuid dá ndúradh faoin nGaeilge agus lucht a labhartha le linn 'The Tonight Show' ar TV3 iontas agus olc ar dhaoine ar na meáin shóisialta

FÍSEÁN: ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ – fearg mhór ar líne faoi dhíospóireacht faoin nGaeilge ar TV3

Ivan Yates, TV3

Chothaigh díospóireacht teilifíse faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais fearg mhór i measc lucht na Gaeilge ar líne aréir.

Ba é Matt Cooper a chuir tús leis an díospóireacht ar The Tonight Show ar TV3 nuair a thug sé le fios go ndúirt a chomhláithreoir Ivan Yates le linn bhriseadh na bhfógraí go raibh sé ar son fáil réidh leis an nGaeilge ar fad.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Yates ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ agus é ag tagairt do Bhláthnaid Ní Chofaigh, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a bhí tagtha ar an gclár chun díospóireacht a dhéanamh faoin nGaeilge ‘éigeantach’ le Niall Boylan ó 4fm.

Nuair a chuir Ní Chofaigh in iúl do Yates gur chuir a ráiteas faoi ‘cultural terrorists’ iontas uirthi, dúirt an láithreoir go raibh sé ag tagairt do “these zealots who believe their way of life should be inflicted on us all”.

Ina dhiaidh sin, dúirt Niall Boylan go raibh sé “rude” ag Ní Chofaigh agus an Teachta Dála Gaeltachta Pearse Doherty, a bhí mar aoi ar an seó chomh maith, Gaeilge a labhairt lena chéile roimh thús an chláir.

Le linn na díospóireachta, mhaígh Boylan chomh maith gur cur amú airgid a bhí i TG4 agus gur seirbhís a bhí ann a bunaíodh chun freastal ar 12,000 duine.

Agus é ag aontú le Boylan, thug Yates “another turkey that nobody listens to” ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh agus Piaras Ó Dochartaigh go raibh cearta ag dul do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus thug an staraí Diarmuid Ferriter “a complete and utter nonsense” ar chomparáid a rinne Yates idir ceist an ghinmhillte agus ceist na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais.

Ach má chuir caint Yeats olc ar lucht na Gaeilge ar líne, seans gur ráiteas aisteach a rinne Boylan faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais is mó a chuir mearbhall orthu.

“I would like to be able to speak Irish, I think it’s wonderful and I think it’s a very romantic idea to know your own language. In Australia they don’t force people who speak Australian English to speak an aboriginal, or a Native American [language] in America,” arsa Niall Boylan.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ – fearg mhór ar líne faoi dhíospóireacht faoin nGaeilge ar TV3'

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart deireadh a chur le TV3.

  • Seán Mac Gearailt

    Mo náire iad Bláthnaid agus Piaras gan cead a lorg ar Niall Boylan Gaeilge a labhairt.

  • Jamie Ó Tuama

    Rinneadh ionsaithe ar mhórphobal na Gaeilge aréir agus bhí go leor a dúradh nach raibh cruinn ar aon bhealach. Ba cheart dóibh siúd a bhí maslaithe ag Ivan Yeats agus ag Niall Boylan gearáin a dhéanamh le TV3 agus le Coimisiún Craolacháin na hÉireann.

    Ní ghlacfaí le hionsaithe den chineál ar aon ghrúpa mionlaigh eile sa tír.

  • Lile Frost

    Bhí an ghaeilge ann fadó, tá anois agus beidh feasta!

  • Séamus Mac Giolla Phádraig

    Níor chóir iontas a bheith ar dhuine ar bith gur daoine gan oideachas gan náire cuid acu siúd atá i mbun rialtais sna 26 contae. An féidir a rá go fírinneach gur duine ‘oilte’ é an té nach bhfuil aon eolas aige ar theanga ar bith eile. Is léir nach bhfuil eolas cruinn acu ar stair na tíre agus nach bhfuil aon náire orthu faoi. Is olc an comhartha ar thaidhleoireacht na tíre go hidirnáisiúnta mura dtig lenár bpolaiteoirí labhairt le daoine go macánta ‘ar a dtéarmaí féin’ agus nuair atá sé “mímhúinte” do theanga féin a labhairt i láthair Bhéarlóirí.

  • Mánus

    Bíodh an deabhal ag na tuatacháin glóracha in TV3. B’fhearr do Bhláthnaid Ní Chofaigh fanacht glan ar scaothairí frithGhaelacha ar nós Yates agus Cooper. Níl a leithéidí go maith dár meabharshláinte.
    Nárb fhearr dúinne Gaeil ár bhfuinneamh a úsáid ar rudaí dearfacha ar nós eastát tithíochta lánGhaeilge a bhunú i mbaile mór le go mbeidh todhchaí ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus an sean sprid Gaelach a mhúscailt san aos óg…

  • Séamus

    Tá trua agam do Bhláthnaid Ní Chofaigh – ar chúis éigean tá uirthi dul ar na cláracha sin ar RTÉ agus an Ghaeilge a chosaint i gcoinne na ndaoine aineolacha siin – Ivan Yates, Brendan O’Connor agus mar sin de. Ní jab éasca é sin!

  • Mártan Ó Náraigh

    Ach cén dochair an Ghaeilge beith ina ábhar rognach sa chóras oideachais? Faraor, tá úsáid na Gaeilge rognach sa saoil agus, cé go bhfuil eolas ag beagnach gach éinne ar an Ghaeilge, is beagán a labhrann í .Cúis náire dúinn uile an Ghaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais.
    Agus tá an ceart ag Boylan; is cur amú airgid atá i TG4.

  • Dónall

    Ná déanaigí dearmaid, ba mhaith leo deireadh a chur le TG4 mar tá náire orthu. Ní náire roimh an Ghaeilge ná ár gcultúr. Ach náire nach bhfuil na cláir a dhéanann siadsan chomh maith céanna cé go bhfaigheann siad méid uafásach airgid lena gcur i láthair. Tá easpa samhlaíochta ag baint le cláracha teilifíse Béarla na hÉireann. Óir tá níos mó cultúr ar fáil i gcúinne bheag de pharóiste amháin sa Ghaeltacht ná mar atá in iomlán na Galltachta. Léiríonn TG4 agus RnaG seo. Tá lucht féachana agus éisteachta ar fud an domhain acu agus iad ag iarraidh blaiseadh a fháil de chultúr ar leith. Faigheann láithreoirí Béarla na tíre seo saibhreas millteanach as a bheith ag craoladh ar chlár amháin teilifíse nó raidió d’fhonn stop a chur leo imeacht anos go Sasana. In ainneoin seo tá i bhfad níos mó cláracha dúchasacha ar TG4 agus de réir sin i bhfad níos mó deiseanna ag pobail na tíre seo trí chéile obair in airnéal na teilifíse. Tá sé níos fusa ag leithéidí TV3 cláracha a cheannacht isteach ó Shasana agus ó Mheiriceá ná a gcláracha féin a dhéanamh. Agus tá sé de dhanacht acu maslaí a thabhairt do lucht TG4. Mór an náire iad.

  • Seathrún C.

    Yates ag cur drochmheasa ar na Gaeill is a ar a dteanga? Iarsma dho lucht plándála na tíre, dho shlíocht na nGall go smíor, conús a dtainig a mhuintear chuig Éireann le Cromwell, an mbéadh iontas i ndairíre ar aoinne go bhfuil meon dhon tsaghas sin orainn? Ní raibh meas madra ná muice aige siúd is ag a mhuintir ríamh anonn ar an tír, ar a mhuintir dhúchasigh, ar a troid gan stad gan staonadh ar son a saoirse, ní airím ar an teanga s’againne