‘Ar mhaith leat tacaíocht uainn nó an Ghaeilge a fhoghlaim?’ – cáineadh déanta ar rogha atá á tabhairt do dhaltaí scoile

Cáineadh ag cruinniú coiste Oireachtais inné nós a bhíonn ag scoileanna áirithe tabhairt ar dhaltaí rogha a dhéanamh idir tacaíocht bhreise a fháil agus an Ghaeilge a fhoghlaim

‘Ar mhaith leat tacaíocht uainn nó an Ghaeilge a fhoghlaim?’ – cáineadh déanta ar rogha atá á tabhairt do dhaltaí scoile

Pléadh i dTeach Laighean inné nós a bhíonn ag scoileanna áirithe tabhairt ar dhaltaí a bhfuil riachtanas speisialta oideachais acu rogha a dhéanamh idir tacaíocht bhreise a fháil agus an Ghaeilge a fhoghlaim.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite, dúradh i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an mhí seo caite go bhfuil iallach á chur ag scoileanna ar dhaltaí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus a n-uaireanta tacaíochta foghlama breise.

Deirtear go bhfuil seo ag tarlú fiú i gcás daltaí a tógadh le Gaeilge.

Cháin saineolaí ar chúrsaí oideachais agus Cumann Disléicse na hÉireann inné an nós seo.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh a gceart an Ghaeilge a fhoghlaim á séanadh ar dhaltaí mar gheall ar sceidealú na n-uaireanta tacaíochta i scoileanna áirithe.

“Caithfidh tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir tacaíocht foghlama agus foghlaim na Gaeilge…agus dar liomsa go bhfuil sé sin frith-oideachasúil mar ní féidir le páistí a gcumas a bhaint amach nuair nach bhfuil curaclam iomlán á chur ar fáil dóibh.

“Táimid ag rá leo ‘féach níl an córas maith go leor, níl na hacmhainní againn…caithfidh tú cinneadh a dhéanamh ar mhaith leat tacaíocht uainn nó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge’.”

Dúirt Ó Duibhir go léiríonn cás daltaí áirithe a fuair oideachas lán- Ghaeilge “cé chomh seafóideach” is atá an cur chuige seo..

“Tá páistí a bhfuil disléicse orthu nó deacracht eile acu atá líofa sa Ghaeilge mar go bhfuil siad i nGaelscoil agus tá príomhoide iar-bhunscoile ag rá leo ‘bhuel, ní féidir linn tacú leat mura n-éiríonn tú as an nGaeilge. Dar liom tá sé sin go hiomlán in aghaidh ár bhfealsúnacht oideachasúil agus go hiomlán i gcoinne fheaslúnacht na Roinne féin.”

Dúirt Ó Duibhir gurb é polasaí oifigiúil na Roinne ná an t-oideachas ionchuimsitheach a chur chun cinn agus bheith istigh a thabhairt don uile dhalta sa churaclam.

A mhalairt a bhí ag tarlú sa chás seo, dar leis.

Cháin Cathaoirleach Chumann Disléicse na hÉireann, Gráinne O’Rourke, chomh maith an nós rogha a thabhairt do thuismitheoirí agus daltaí idir tacaíocht bhreise a fháil agus an Ghaeilge a fhoghlaim

“Mar a chéile é ag na páistí a leanann ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge agus a bhfuil tacaíocht foghlama bhreise uathu…go minic ní bhíonn an tacaíocht seo ar fáil ach ag an am céanna go mbíonn an Ghaeilge ar an gclár ama don dalta. Go bunúsach, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh daltaí agus tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an teagasc speisialta atá ag teastáil ón dalta,” arsa Gráinne O’Rourke.

An Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge mar ‘cheist riaracháin seachas ceist oideachais’

Bhí cruinniú an lae inné den Choiste Oireachtais na Gaeilge ar an gceann is déanaí i sraith cruinnithe faoi chóras na ndíolúintí.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ag na gcruinniú go dtaispeánann líon na ndaltaí a mbíonn díolúine acu ó staidéar ar an nGaeilge agus a dhéanann staidéar ar nuatheangacha Eorpacha eile “nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sainmhíchumas foghlama teanga”.

Dúirt sé go raibh riachtanais speisialta oideachais amhail disléicse, diospraicse agus speictream an uathachais ag 9.4% de dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus “dul chun cinn maith a ndéanamh acu”.

“Léiríonn an taighde an tairbhe atá le baint ag gach páiste eile as foghlaim an dara teanga. Fiú amháin páistí a bhfuil riachtanais foghlama ar leith acu ar nós disléicse, éiríonn leo dul chun cinn maith a dhéanamh ag teacht lena gcumas sa chéad teanga,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Duibhir, atá ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go séanann córas na díolúine buntáistí an dátheangachais ar pháistí agus go dtagann sé salach ar fhís an chórais oideachais polasaithe ionchuimsitheacha a chur i bhfeidhm. Dúirt sé go gcuireann an díolúine strus ar pháistí a cheapann nach bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a fhoghlaim agus go ligeann sé don chóras “leanúint le modhanna teagaisc mí-oiriúnacha”.

Dúirt sé chomh maith go gceileann córas na díolúine “deiseanna imeasctha” ar imircigh.

Dúirt Cumann Disléicse na hÉireann nach “réiteach gach faidhbe” a bhí i ndíolúine na Gaeilge ach gur chuige pragmatach a bhí ann.

Mhaígh Cathaoirleach Chumann Disléicse na hÉireann, Gráinne O’Rourke, go bhfuil easpa taighde ann faoin mbuntáiste a bhaineann le díolúine ón nGaeilge agus go mbíonn go leor den chaint faoi mhíbhuntáistí na díolúine bunaithe ar thuairimíocht agus ar mhíthuiscintí.

“Is cur chuige pragmatach agus réasúnta an díolúine ón nGaeilge i leith na ndúshlán suntasach ó thaobh scríobh teangacha a bhíonn roimh roinnt daltaí a bhfuil disléicse orthu. Is féidir leis an díolúine a bheith mar athrú ó bhonn don duine óg a bhfuil disléicse air mar go dtugann sé deis dó a bheith ag léamh agus ag litriú i gcód teanga amháin agus líofacht a bhaint amach sa teanga sin. Tugann sin deis dóibh ansin barr a gcumais a bhaint amach i leith an churaclaim.”

Dúirt Gráinne O’Rourke go mbíonn go leor “struis agus imní” ag baint le foghlaim conas scríobh in dhá teanga ag an am céanna.

Dúirt sí nach raibh aon rud “i gcoinne na Gaeilge” ag Cumann Disléicse na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Ar mhaith leat tacaíocht uainn nó an Ghaeilge a fhoghlaim?’ – cáineadh déanta ar rogha atá á tabhairt do dhaltaí scoile'

  • Caitríona

    Easpa comthéacs san alt seo! Cén chúis nach ndearna an t-Iriseoir beagán tochailt maidir le seasamh Chumann Disléisce na hÉireann san am atá caite i leith na Gaeilge etc……Alt nach dtugann an comhthéacs cuí.