Ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana, beidh muintir na hÉireann ag smaoineamh ar phobal Gaza

Foilsítear anseo teachtaireacht na Féile Pádraig 2024 ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn

Ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana, beidh muintir na hÉireann ag smaoineamh ar phobal Gaza

 Is mian liom mar Uachtarán na hÉireann mo bheannachtaí croíúla a sheoladh chuig gach duine ar cuid é nó í de mhórtheaghlach na nGael agus chucu siúd ar fad ar fud an domhain gur cás leo an tír seo agus a bhfuil muid buíoch díobh as a spéis ar lá seo na Féile Pádraig 2024.

Is cuma cá bhfuil siad lonnaithe nó cad iad na cúinsí ina maireann siad, tá na hÉireannaigh go léir atá scaipthe ar fud na cruinne, chomh maith leosan a bhraitheann ceangal lenár dtír, mar chuid d’aon teaghlach mór domhanda a dhéanann ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht chomhroinnte agus a mheabhraíonn ár bhféidearthachtaí agus ár leochaileachtaí daonna dúinn ar an lá speisialta seo, beag beann ar theorainneacha, ar fharraigí nó na mílte fada atá idir muidne agus iadsan.

Nár mhaith an rud é dá mbeadh an ceiliúradh seo ar bun agus síocháin i réim agus muid uilig ar aon fhocal faoinár n-imní faoi thodhchaí inbhuanaithe ár bpláinéid agus gach ní beo a mhaireann anseo.

Is léanmhar agus dodhearmadta an scéal é ach tá a rian fágtha ar thráth na beatha seo ag na coimhlintí, na cogaí agus na ceisteanna sin atá fágtha gan freagairt faoin ocras agus faoin mbochtaineacht atá ag crá oiread dár dteaghlach daonna. Is ríléir dúinn ar fad go bhfuil na milliúin duine ag streachailt ar fud an domhain de thoradh na n-iliomad géarchéimeanna seo atá fite fuaite ina chéile agus ag tarlú ag an am céanna, chomh maith leis an éagothroime, an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta.

Is cuí agus is ceart dúinn sa tréimhse dhúshlánach seo machnamh a dhéanamh agus seasamh leis na luachanna is mian linn a shaineodh muid mar Éireannaigh agus smaoineamh freisin ar na gníomhartha agus na focail sin ar féidir linn a bheith bródúil astu.

Luachanna a bhain le dlúthpháirtíocht, cairdeas agus bá leis an gcine daonna a bhí i gcroílár bheatha Naomh Pádraig. Meabhraíonn scéal an té sin a tháinig i dtír ar chladaí na hÉireann mar strainséir, mar dheoraí agus mar imirceach ar thóir sóláis agus cúis bheatha i dtír eachtrach, go tochtmhar dúinn teacht aniar, misneach agus ionchur leathan na n-imirceach, agus na ndaoine sin a tháinig ag lorg tearmainn agus foscaidh i gcaitheamh na staire.

Déanann muid ceiliúradh, agus is ceart sin a dhéanamh, ar thréithe sin na n-imirceach a chuaigh thar sáile ón tír seo, iadsan a rinne agus atá ag déanamh éachtaí móra i gcúiseanna éagsúla ar fud an domhain san áireamh. Feiceann muid na tréithe sin freisin sa lá atá inniu ann i saothar na ndaoine iontacha sin atá tagtha le maireachtáil anseo inár measc in Éirinn leis na deicheanna de bhlianta anuas agus atá anois mar chuid lárnach den mhórtheaghlach Éireannach; tá a gcuid oibre ríthábhachtach i bhfeidhmiú ar sochaí atá lán le leochaileachtaí agus féidearthachtaí.

I ndomhan ina bhfuil a rian féin fágtha ag coimhlintí agus míshuaimhneas, is sampla maith den chuid is fearr den Éireannachas í an obair phraiticiúil atá déanta ag an tír seo i gcruthú na síochána, rud atá níos tábhachtaí anois ná riamh, mar chuid dár dtiomantas maireachtáil faoi shuaimhneas agus saor ó bhuairt lenár dteaghlach domhanda agus muid ag spreagadh daoine eile sa treo céanna sna cúinsí reatha. Tugann muid ómós inniu ar ár Lá Náisiúnta d’fhir agus do mhná sin na hÉireann atá ag saothrú go díreach i gcosaint na síochána agus ag soláthar faoiseamh daonnúil agus muid fíorbhródúil astu.

Tá méadú tagtha ar na hionsaithe ar ghnáthshaoránaigh mar a tharla le hionsaí Hamas i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite agus na hionsaithe uafásacha díoltais a lean sin mar a bheadh pionós comhchoiteann ann. I mbliana, beidh muintir na hÉireann ag smaoineamh ar phobal iomlán Gaza, gnáthshaoránaigh a bhfuil cúinsí fíoruafásacha cogaidh agus díláithrithe sa mullach orthu.

Tá sé tábhachtach go n-iarrfaí agus go nguífí go mbeidh sos cogaidh láithreach ansin, go mbeadh deireadh leis an marú, bás an líon mór sin páistí san áireamh agus go mbeadh scaoileadh saor na ngiall ar fad mar chuid den sos cogaidh sin. Tá fíricí an scéil, bás agus míchothú na bpáistí, á gcraoladh ar scáileáin teilifíse an domhain mhóir gach lá – páistí ag fáil bháis cheal ocsaigine agus tuilleadh fós i mbaol ag gorta a bheidh mar thoradh ar obair an duine.

Mar fhreagra air sin, is féidir le pobal na hÉireann a bheith bródúil as dea-shampla na tíre seo a bheith chun cinn ag tabhairt tuilleadh fóirithinte do UNRWA, ní hamháin mar gheall ar scéal ár staire féin ach mar gheall ar thábhacht na ngníomhartha daonnúla agus an dlí idirnáisiúnta dhaonnúil don domhan mór.

Ar Lá Fhéile Pádraig 2024, is bliain speisialta í seo le coinneáil inár n-intinn na hÉireannaigh sin atá gafa le cruthú agus le forbairt na síochána in iliomad réigiún ar fud an domhain, san áireamh ansin an tslí a bhfuiltear ag leanúint den tréimhse is faide ag aon tír ar domhan a bheith páirteach gan bhriseadh, gan bhearna i gcruthú na síochána leis na Náisiúin Aontaithe ón gcéad uair a cuireadh saighdiúirí ar dualgas le misean de chuid na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1958.

Obair fhíorthábhachtach í seo ag tráth a bhfuil dúshláin dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag bagairt ar an gcine daonna. Tá na Náisiúin Aontaithe agus an t-iltaobhachas féin faoi bhagairt mhór. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de ráiteas Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, le gairid faoin mbealach a bhfuil dreamanna atá gafa i gcoimhlintí ní hamháin ag tabhairt neamhaird ar dhlíthe idirnáisiúnta, ar Choinbhinsiún na Ginéive agus fiú ar Chairt na Náisiún Aontaithe féin ach á mbrú faoi chois freisin. Caithfear éisteacht lena ghlór siúd agus tacú leis.

Léiríonn an diúltú seo don dlí agus don fhreagracht idirnáisiúnta arís mar a lagaigh mí-úsáid an veto seasamh na Comhairle Slándála rud a d’fhág gur theip uirthi aontú ar rúin chuí faoi ghníomhartha míleata Iosrael in Gaza nó ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin dhá bhliain ó shin.

Anois an uair do thíortha sin na cruinne ar mian leo domhan faoi shíocháin a fheiceáil agus domhan a chruthú ar bhonn níos inbhuanaithe, fréamhaithe i Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a theacht le chéile le cinntiú go ndéanfar ár gcóras iltaobhach a leasú le go mbainfear na spriocanna sin amach.

Bhí meas ar an nádúr mar chuid bhunúsach agus i gcroílár na teachtaireachta ag Naomh Pádraig freisin. Ní gá cur i gcuimhne arís dúinn go bhfuil muid in am cinniúnach sa chath in aghaidh thorthaí an athraithe aeráide, a bhfuil a thionchar ag luí go trom ar chuid de na pobail is leochailí dá bhfuil ann. Tá deis againne mar Éireannaigh a bheith chun tosaigh i gcruthú malairt slí a bheidh níos fearr ná sin.

Inniu agus muid ag ceiliúradh na hoidhreachta a d’fhág Naomh Pádraig le huacht againn spreagtar muid le treoir a ghlacadh arís trí luachanna ar nós na dlúthpháirtíochta, cúraim, cineáltais agus comhbhá a aimsiú agus a dhearbhú as an nua.

Níor cheart dúinn na féidearthachtaí a bheadh i ndán dúinn dá mbeadh an tsíocháin choitinn i réim a ligean i ndearmad riamh; go smaoineoimis ar an saol a bheadh romhainn gan cogadh, gorta, ocras ná saint i ndomhan cothrom a dhiúltódh d’idéil nimhiúla an impiriúlachais, an chiníochais agus an fuath don strainséir agus a tharraingeodh chuige féin féith na daonnachta; agus go gcuimhneoimis mar a d’fhéadfaimis cuimsiú pobail a chothú sa bhaile agus oibriú i dteannta na náisiún eile le domhan síochánta dóchasach a fhorbairt.

Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta ar na daoine ar fad a mhaireann i dteanna a chéile ar an oileán seo agus orthusan a bhfuil ceangal acu le hÉirinn nó spéis acu sa tír seo, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad.

Beir beannacht.

Fág freagra ar 'Ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana, beidh muintir na hÉireann ag smaoineamh ar phobal Gaza'

  • Pádraig

    Tagaim le Mícheál Ó hUiginn gur cheart do Hamas na gialla a scaoileadh a luaithe is féidir.
    D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad agus leis an mbaol ocrais trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Dá bhrí sin, is iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair.

    Ach tá léirithe acu arís is arís eile gur cuma leo dáiríre faoi phobal Gaza – tá fuath chomh mór sin acu do na Giúdaigh gur fearr leo ár agus scrios a tharraingt ar a bpobal féin seachas ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin ina stát féin ar leac a ndorais.

    Cé a bhí i gceannas ar an stráice ó tharraing na hIosraelaigh amach as an áit beagnach 20 bliain ó shin? Cad a rinne Hamas chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine ó shin i leith? Cad a rinne siad leis na múrtha airgid a fuair siad mar chúnamh daonnachtúil? Seachas coinníollacha saoil an phobail a fheabhsú agus an t-airgead a infheistiú in infreastruchtúr agus i seirbhísí poiblí, etc. is é a rinne siad ná tolláin a thógáil, pá a íoc lena dtrodaithe agus airm a cheannach chun go bhféadfaidís leanúint leis an gcogadh in aghaidh na nGiúdach.

    Ba é Hamas a chuir tús leis an tubaiste is déanaí seo sa Mheánoirthear nuair a rinne siad slad ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7ú Deireadh Fómhair. Thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael air seo agus gurb iad muintir Gaza is mó a bheadh thíos leis ach rinne siad an slad ar aon nós. Cé go bhfuil gréasán fairsing tollán tógtha acu a d’fhéadfadh foscadh a thabhairt do shibhialtaigh, ní ligeann siad do ghnáthmhuintir Gaza na tolláin chéanna a úsáid chun éalú ón gcogadh a tharraing Hamas féin ar Gaza. Go deimhin, tá gach cuma ar an scéal go ndéanann Hamas a ndícheall gan ligean do na sibhialtaigh éalú ón láthair chogaíochta mar gur mhian leo pobal Gaza a úsáid mar sciath daonna i gcoinne an IDF agus ar an gcaoi sin cur le líon na marbh. Thuig siad go gcuirfeadh bás na sibhialtach déistean ar an bpobal idirnáisiúnta le gníomartha Iosrael. Agus cé go raibh stoc-charn bia agus leighis ag Hamas sna tolláin, níor roinn siad sin leis an ngnáthphobal ach an oiread. Go deimhin, bíonn Hamas ag goid cúnamh daonnachtúil ó na carthanachtaí chun gur féidir leo leanúint ar aghaidh leis an gcogaíocht in aghaidh Iosrael.

  • Antóin

    Mar is dual don Uachtarán, tagairtí do ‘thodhchaí inbhuanaithe ár bpláinéid’, d’athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta agus do ‘Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe’ ach gan an focal ‘Críostaíocht’ luaite ar Lá Fhéile Pádraig.

    Is é Dia tús agus deireadh bheatha Naomh Pádraig mar is léir ón fhaoistin a scríobh Pádraig féin. Ach, an-drogall i gcónaí ar Uachtarán na hÉireann an focal ‘Críostaíocht’ a lua. Náireach.

  • Oisín na Féinne

    Tá a fhios ag an saol gurb iad na Síónaigh na bithiúnaigh a bhfuil na hairm ollscriosta acu agus go bhfuil a n-iompar sa Phalaistín chomh lofa céanna leis na Naitsithe ba mheasa dár mhair riamh. Ní sibh is measa ach an dream atá bhur dtacú agus na cladhairí eile atá ina dtost. Bhí leithscéal éigin ag daoine sna 1930aidí agus ’40aidí, nach raibh a fhios acu go raibh an slad, an sléacht agus an cinedhíothú ar bun ag na Naitsithe ach tá sé le feiceáil ar na scáileáin ag an saol mór inniu agus fós féin níl sé de mhisneach ag ceannairí an AE seasamh i gcoinne impiriúlachais Mheiriceá ná sléacht díoltasach náireach na Síónach.