Ár bpolasaí drugaí – is fada, léanmhar agus náireach an scéal é

Admhaíonn polaiteoirí gur chóir an polasaí ar dhrugaí a athrú ach ní léir fíorthoil chun gnímh

Ár bpolasaí drugaí – is fada, léanmhar agus náireach an scéal é

Ní hionann tuairim pholaiteora a chloisteáil agus deimhniú a fháil go ndéanfar gníomh dá réir, mar is eol do gach duine a d’iarr ar aire rialtais polasaí a athrú.

Ní léiríonn fiú tacaíocht d’athrú go ndéanfar an gníomh a iarrtar go luath, fiú más ó bhéal an Taoisigh a thagann an tacaíocht.

Thug Leo Varadkar le fios Dé Céadaoin gur aontaigh sé le bunathrú polasaí a moladh i dtuairisc atá curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an Tionól Saoránach ar Dhrugaí.

Mhol an Tionól nach dtabharfaí daoine a mbeirtear orthu agus drugaí mídhleathacha ina seilbh os comhair cúirte feasta ach go gcuirfí seirbhísí leighis ar fáil dóibh. Tá polasaí dá leithéid i bhfeidhm cheana féin sa Phortaingéil agus san Ostair.

Ba chóir déileáil le mí-úsáid phearsanta drugaí, a dúirt an Taoiseach sa Dáil, ar bhonn sláinte go príomha seachas ar bhonn dlí. Níor gheall sé leasú ar an dlí áfach a chuirfeadh séala reachtúil ar an gcur chuige a mhol an Tionól (agus ar chur chuige ginearálta na nGardaí le tamall).

Is faoi choiste Oireachtais a bhunófar le tuairisc an Tionóil a phlé a bheidh sé na moltaí ina thuairisc a bhreithniú. Is ar éigean a chuirfear tuairimí an choiste i bhfeidhm roimh an olltoghchán.

Bhí an ceart ag Leo Varadkar gan athrú polasaí nó dlí a gheallúint. Go deimhin ní raibh aon dul as aige, toisc gur faoin gcoiste a bheidh sé athruithe a mholadh.

Ní foláir a admháil freisin go bhfuil roghanna achrannacha le meá, go háirithe má chuimhnítear ar a ndúirt saineolaithe leighis agus ionadaithe ón nGarda Síochána agus ón Roinn Dlí agus Cirt leis an Tionól. Dar leo go ndeachaigh mí-úsáid drugaí i méid agus go ndeachaigh riar agus reacht chun donais i dtíortha inar maolaíodh feidhmiú an dlí.

Is ábhar suntais é gur mhol comhaltaí an Tionóil maolú ainneoin a dtuairimí, agus gur vótáil siad (le móramh aon vóta) nár chóir an dlí a deir go bhfuil seilbh channabais mídhleathach a athrú.

Tá cuid de mhalltriall na bpolaiteoirí réasúnta. Níl na roghanna ba chóir a dhéanamh maidir le drugaí mídhleathacha ná na himpleachtaí, baileach chomh simplí leis na roghanna a mhol tionóil eile (ar chothromaíocht phósta mar shampla). Admhaítear go forleathan nach bhfuil ag éirí leis an gcur chuige atá i bhfeidhm le fada ach baineann contúirt nó éiginnteacht le gach athrú polasaí.

Sin ráite, is léir an deis a thabharfaidh a thuilleadh cur is cúiteamh do gach iarrthóir san olltoghchán roghanna achrannacha maidir le mí-úsáid drugaí a sheachaint. Gan trácht ar na roghanna atá curtha i leataobh go dtí seo.

Tá caiteachas breise ar sheirbhísí d’andúiligh faighte ag an Aire Stáit Hildegarde Naughton ach níl an polasaí cuimsitheach sláinte a fógraíodh cúig bliana ó shin curtha i bhfeidhm fós (mar gheall ar chúrsaí dlí, a dúirt sí Déardaoin).

Léiríonn scéal ó Bhaile Átha Cliath faoi sheirbhís riachtanach a moladh fadó agus nár cuireadh ar fáil fós neamhthoil pholaiteoirí agus an phobail aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí mídhleathacha.

Bíonn neamhshuim follasach fiú más léir an tairbhe a bhainfeadh andúiligh agus an pobal as seirbhís a choinneodh daoine beo agus a laghdódh bochtaineacht agus coireacht.

Is fada, léanmhar agus náireach an scéal é.

2012: Mhol an uile pháirtí ar Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath go mbunófaí lárionaid sa chathair ina gceadófaí féin-instealladh drugaí faoi mhaoirseacht foireann leighis.

2015: Rinne an rialtas cinneadh foirmiúil go leasófaí an tAcht um Mí-úsáid Drugaí chun bunú ionaid dá leithéid a cheadú.

2017: Ritheadh an leasú a fógraíodh in 2015 san Oireachtas.

2019: Dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath cead pleanála a thabhairt do bhunú ionaid ar Ché na gCeannaithe, tar éis do dhaoine sa cheantar cur ina choinne. Thosaigh siar agus aniar idir Merchants Quay Ireland (cumann deonach a chabhraíonn le he handúiligh drugaí agus le daoine gan dídean), an Chomhairle, An Bord Pleanála agus na cúirteanna.

2022: Thug An Bord Pleanála cead do bhunú an ionaid, agus thug an Chomhairle tacaíocht arís dó, nuair a moladh mionathruithe ar mhaoirseacht agus ar uaireanta oscailte an ionaid.

2023: D’fhógair Merchants Quay Ireland go n-osclófaí an lárionad féin-insteallta i Meán Fómhair seo chugainn – dhá bhliain déag tar éis do chomhairleoirí na cathrach bunú ionaid a mholadh d’aon ghuth toisc go raibh géarghá leis.

Is díol suntais é gur ghlac ionadaithe tofa leis dhá bhliain déag ó shin go raibh an riachtanas soiléir, agus nach bhfuil an gníomh riachtanach (ar bhonn píolótach a deirtear) déanta fós.

Is díol suntais é nár beartaíodh ionad taistil (mar a mhol an t-iar-aire drugaí Aodhán Ó Ríordáin) san idirlinn, agus nach bhfuil bunú ionaid den sórt céanna beartaithe fós i gCorcaigh ná in aon áit eile.

Ní haon díol suntais é áfach go dtugann an córas daonlathach deis arís agus arís eile do pholaiteoirí agus do vótálaithe moill a chur ar chabhair do dhaoine atá i gcruachás.

Fiú más cabhair í a rachaidh chun tairbhe do chách.

Fág freagra ar 'Ár bpolasaí drugaí – is fada, léanmhar agus náireach an scéal é'