Imreoidh foireann na hÉireann in aghaidh na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag deireadh mhí an Mhárta seo chugainn.
Sa tSeicia, atá sa 44ú háit ar domhan, a imreofar an cluiche.
Rinneadh an tarraingt do na babhtaí cáilithe in Zurich tráthnóna.
Má éiríonn le foireann Heimir Hallgrímsson an ceann is fearr a fháil ar an tSeicia beidh babhta ceannais acu in aghaidh na Danmhairge nó na Macadóine Thuaidh chun cáiliú do Chorn an Domhain an tsamhraidh seo chugainn.
Sa bhaile i mBaile Átha Cliath a bheidh Éire sa bhabhta ceannais má éiríonn leo teacht slán ón gcéad chluiche.
Imreoidh Éire a mbabhta leathcheannais ar an 26 Márta agus má éiríonn leo an bua a fháil, imreoidh siad an babhta ceannais ar an 31 Márta.

Bhain Éire áit amach sna babhtaí cáilithe leis an mbua stairiúil a bhí acu ar an Ungáir Dé Domhnaigh seo caite. Ba é an cúl ó Troy Parrott sna soicindí deireanacha a chinntigh gur bua 3-2 a bhí ag Éirinn ar an bhfoireann baile i mBúdaipeist.
Tháinig an bua sin sna sála ar an mbua 2-0 a bhí ag Éirinn i gcoinne na Portaingéile seachtain ó shin. Parrott a d’aimsigh gach ceann de na cúig chúl a scóráil Éire sa dá chluiche.
De réir rangú FIFA, a ndearnadh uasdátú air inné, tá Éire anois ar an 59ú foireann is fearr ar domhan, suas ón 62ú áit.
Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus i Meicsiceo a bheidh Corn an Domhain 2026 ar siúl an samhradh seo chugainn.
Fearn
An rachaidh Poblacht na hÉireann, nó an mbeidh sí i sáinn go marfach ag “Czechmate” na Seiceach?