An ‘tSéafraíocht’ – cleasaíocht an DUP ar mhaithe lena gceannaire

Tá rialtas na dTóraithe ag iarraidh cead ‘an dá phost’, in Stormont is Westminster, a thabhairt idir toghchán an Tionóil sa Bhealtaine agus an chéad olltoghchán eile

An ‘tSéafraíocht’ – cleasaíocht an DUP ar mhaithe lena gceannaire

Tá an DUP ar a míle dícheall ag iarraidh cuma na maitheasa a chur air. Tá sé fánach acu. Polasaí á chur ar neamhní chun cuidiú le polaiteoir amháin, le páirtí ar leith – an DUP. Ní féidir tada eile ach cleas a ghlaoch ar an iarracht na rialacha a athrú le theacht i gcabhair ar Jeffrey Donaldson.

Tá rialtas na dTóraithe ag iarraidh cead a thabhairt do pholaiteoirí ‘an dá phost’  a bheith acu, ceann in Stormont is ceann in Westminster, idir toghchán an Tionóil sa Bhealtaine agus an chéad olltoghchán eile. Leasú rialtais ar reachtaíocht a d’eascair as Ré Nua, Cur Chuige Nua is ea an rún go mbeadh cead freastal ar dhá mháistir. Pléifear é i dTeach na dTiarnaí inniu an rún sula bhfillfidh sé ar an Teach íochtair mar a bhfuil móramh 89 feisire fós ag Boris Johnson.

Faoi théarmaí an phlean beidh cead ag aon fheisire Parlaiminte a thoghfar mar theachta Tionóil in Stormont ar an 5 Bealtaine fanacht ina ionadaí sa dá áit go dtí an chéad olltoghchán Parlaiminte eile. Bhí údar maith leis na gcinneadh deireadh a chur in 2016 leis an ionadaíocht dhúbailte den chineál seo. Ach seo chugainn, i mbéal toghcháin, athrú rialacha a fhuasclóidh fadhb mhór don DUP. Níor cuireadh aon pháirtí eile ar an eolas roimh ré, go deimhin dúradh leo nach nglacfaí le leasú ar bith ar reachtaíocht Stormont mura mbeadh tacaíocht aige ó gach páirtí.

Tá na ‘tSéafraíocht’, cleasaíocht ar mhaithe le Séafraidh [Donaldson])’ ar na lipéid is dea-bhéasaí atá curtha ag páirtithe eile ar an bplean. Feictear dóibh gurb é a chuspóir cuidiú leis an DUP fothoghchán contúirteach do Westminster i nGleann an Lagáin a sheachaint. Beidh ceannaire an DUP san iomaíocht ansin do Stormont agus é ag súil le bheith ina Chéad-Aire. Faoi na seanrialacha bheadh air éirí as Westminster dá dtoghfaí ina Theachta Tionóil é. Ní ribín réidh a bheadh sa bhfothoghchán ó bhain Alliance plaic mhór as vóta Donaldson in 2019.

‘Sé an DUP an t-aon pháirtí a bhainfeadh buntáiste as an scéiméireacht seo. Níl suim ag Sinn Féin, SDLP ná Alliance ann, cor a fhágann páirtí Donaldson ar leathchois. Tá an UUP agus an TUV dubh dóite ina choinne chomh maith. Shéan Jeffrey Donaldson go ndearna sé margadh leis na Tóraithe chun an féirín seo a fháil. Mhaígh sé nach raibh rud ar bith cearr leis agus gur faoi na vótóirí a bheadh sé an breithiúnas a thabhairt. Argóint in aisce ab ea é, na páirtithe eile ar fad meáite gur scéim mhíchothrom é.

Postúlacht uasal le híseal an atharthaíochais a shamhlófá le Westminster agus an míniú gan dealramh a tugadh mar chúis leis an rún, nó iarracht chun an dubh a chur ina gheal. Bhí gá leis, arsa Oifig Thuaisceart Éireann – roinn Brandon Lewis – chun seasmhacht Stormont a chinntiú. Bhí daoine eile ar nós an Tiarna John Alderdice (a bhí ina cheannaire ar Alliance i bhfad siar ach a bhfuil bearna mhór idir é agus an páirtí anois) ag maíomh gur theastaigh feisirí Parlaiminte in Stormont chun feidhmíocht na n-institiúidí a fheabhsú. Cé nach bhfuil Stormont thar mholadh beirte, b’údar fonóide ag mórán an consaeit sin i bhfianaise a bhfuil feicthe in Westminster.

Murab ionann agus seasmhacht Stormont a bhuanú b’fhacthas do pháirtithe eile gur thug scéim na dTóraithe sciath chosanta do Jeffrey Donaldson a chothódh guagacht. Ní raibh an DUP ná Donaldson toilteanach a rá go fóill an nglacfadh siad páirt sa bhFeidhmeannas dá mbeadh Sinn Féin i dteideal na Chéad-Aireachta. Ní fios ach oiread cad atá i gceist acu maidir leis an mbagairt do Stormont mar chuid den bhfeachtas in éadan an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Mheas páirtithe eile go gcinnteodh dhá phost, ceann in Westminster agus ceann sa bhaile, nár ghá do Donaldson rogha a dhéanamh a bheith tiomanta do rathúlacht Stormont. Léiriú is ea é ar imní an DUP faoina laige agus atá siad faoi láthair, ach ní údar misnigh é faoina bhfuil i ndán do Stormont.

Fág freagra ar 'An ‘tSéafraíocht’ – cleasaíocht an DUP ar mhaithe lena gceannaire'

  • Paul Laughlin

    Níl daonlathas agus aontachtas réitheach le chéile!
     

  • Seán Mag Leannáin

    “Bhí daoine eile ar nós an Tiarna John Alderdice (a bhí ina cheannaire ar Alliance i bhfad siar ach a bhfuil bearna mhór idir é agus an páirtí anois) ag maíomh gur theastaigh feisirí Parlaiminte in Stormont chun feidhmíocht na n-institiúidí a fheabhsú. Cé nach bhfuil Stormont thar mholadh beirte, b’údar fonóide ag mórán an consaeit sin i bhfianaise a bhfuil feicthe in Westminster.” Nach cúis gháire é Teach na dTiarnaí féin i ré seo an daonlathais agus an chomhionnanais, más fíor? Agus nach ábhar fonóide iad na daoine ón tír seo a ghlac páirt riamh ann? Ina measc siúd bhí/tá An Tiarna Alderdice of Knock, an Tiarna Kilclooney (nó John Taylor mar a bhíodh sé), agus ar ndóigh an Tiarna Fitt of Bell’s Hill (Gerry Fitt) nach maireann.