An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin

Deir an Taoiseach gur ‘údar mór misnigh’ a bhí sa chinneadh a thabharfadh le fios do mhuintir na hÚcráine gurb í an Eoraip an ‘áit is dual’ dá dtír

An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin

Tá an tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin.

D’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, tráthnóna go raibh sé socraithe tús a chur leis an idirbheartaíocht leis an tír atá scriosta ag ionradh na Rúise.

Dúirt sé go raibh cinneadh déanta ag an gComhairle Eorpach tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin agus an Mholdóiv agus stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht a bhronnadh ar an tSeoirsia.

Dúirt sé go gcuirfí tús le cainteanna leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin nuair a bheadh na critéir bhallraíochta comhlíonta ag an tír sin.

Dúirt sé gur “comhartha dóchais soiléir” a bhí sa chinneadh don Úcráin agus don Eoraip go léir.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar “údar mór misnigh” a bhí sa chinneadh a thabharfadh le fios do mhuintir na hÚcráine gurb í an Eoraip an “áit is dual” dá dtír.

Dúirt Varadkar níos luaithe inniu go raibh an Úcráin sa bhearna bhaoil agus nach dtiocfadh sí slán gan tacaíocht an Aontais Eorpaigh agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy gur bua mór a bhí ann don Úcráin, bua a neartódh a thír agus a thabharfadh misneach di.

Dúirt Uachtarán na Moldóive Maia Sandu gurb ionann cinneadh an lae inniu agus leathanach a iompú i scéal na tíre.

“Braithimid inniu an Eoraip ár bhfáisceadh go croíúil lena hucht,” arsa Maia Sandu.

Bhí sé ina imní i measc na gceannairí eile, go mbainfeadh Viktor Orbán na hUngáire leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin.

Mhaígh sé nach ngéillfeadh siadsan do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.

Meastar go raibh baint ag a athrú intinne le fógra an AE go rabhthas ag scaoileadh leis an €10.2 billiún de mhaoiniú na hUngáire atá calctha toisc nár chloígh an tír sin le caighdeáin maidir le riail an dlí.

Fág freagra ar 'An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin'