An Taoiseach le conspóid seirbhís aeir Árann a phlé le hAire na Gaeltachta Déardaoin

Tá go dtí an lá amárach ag comhlachtaí eile a bhí san iomaíocht don chonradh athbhreithniú breithiúnach a lorg san Ard-Chúirt, ach meastar nach rachfar i muinín an dlí ag an bpointe seo

Aire Stát na Gaeltachta Joe McHugh agus oifigigh ó Roinn na Gaeltachta ag caint le toscaireacht ó mhuintir Árann. Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Aire Stát na Gaeltachta Joe McHugh agus oifigigh ó Roinn na Gaeltachta ag caint le toscaireacht ó mhuintir Árann an tseachtain seo caite. Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Labhróidh an Taoiseach Enda Kenny Déardaoin le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh i dtaobh na conspóide faoin gconradh d’aersheirbhís chuig oileáin Árann.

I ráiteas a eisíodh le Tuairisc.ie thar ceann an Taoisigh tráthnóna, dúradh go bpléifeadh sé an scéal le Joe McHugh i ndiaidh an chruinnithe atá le bheith ag an Aire le toscaireacht Árann maidin Déardaoin.

Tá go dtí an lá amárach ag comhlachtaí eile a bhí san iomaíocht don chonradh a bronnadh ar Executive Helicopters chun athbhreithniú breithiúnach a lorg faoin bpróiseas tairisceana. Dúirt an tAire Stáit an tseachtain seo caite go raibh sé ar an eolas faoi bhagairt a bheith á déanamh ag comhlacht dul chun na hArd-Chúirte ag lorg athbhreithniú breithiúnach ar an bpróiseas a bhí ann go dtí seo.

Meastar anois nach bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht sin dul i muinín an dlí ag an bpointe seo.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil cead ag Roinn na Gaeltachta tar éis an lae amáraigh dul i mbun idirbheartaíochta le Executive Helicopters maidir le conradh a aontú leo.

Dhiúltaigh Pádraig Ó Céidigh as Aer Arann Islands, an comhlacht a chuireadh an tseirbhís aeir ar fáil roimhe seo, a dheimhniú do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite gurb eisean a bhí leis an athbhreithniú cúirte a lorg agus dúirt go raibh comhairle curtha air gan tada a rá leis na meáin chumarsáide i láthair na huaire.

Nuair a fógraíodh toradh an phróisis tairsceana, thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios go gcuirfí conradh i gcrích leis an gcomhlacht ar éirigh leis sa chomórtas, Executive Helicopters Limited, tar éis an lae amáraigh, an 9 Meán Fómhair.

Ní gá go gciallódh sé sin go gcaithfí an conradh a shíniú amárach, áfach, agus meastar gur drochsheans go ndéanfaí a leithéid anois agus an tAire McHugh chun an scéal a phlé leis an Taoiseach tar éis chruinniú an Déardaoin le toscaireacht Árann.

Dhá bhunéileamh atá ag an toscaireacht thar ceann mhuintir Árann: gur le heitleán a dhéanfaí freastal orthu seachas le héileacaptar; agus go mbeadh an tseirbhís lonnaithe ag Aerfort na Minne seachas ar an gCarn Mór i nGaillimh.

Teastaíonn uathu go dtarraingeofaí siar an tairiscint atá déanta le Executive Helicopters Ltd. agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Bhailigh suas le 500 duine as Árainn agus Conamara den chuid is mó lasmuigh de Roinn na Gaeltachta sna Forbacha an tseachtain seo caite le linn do thoscaireacht as na hoileáin a bheith i mbun cainte leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne taobh istigh.

Theastaigh ó lucht an fheachtais bualadh leis an Taoiseach i gCaisleán an Bharraigh amárach ach cuireadh scéala chucu go mbeadh sé gafa le cruinniú Rialtais i mBaile Átha Cliath.

Tá sé fós i gceist ag lucht feachtais Árann taisteal ó thuaidh go Maigh Eo maidin amárach chun leanúint dá n-iarracht stop a chur le síniú an chonartha.

Fág freagra ar 'An Taoiseach le conspóid seirbhís aeir Árann a phlé le hAire na Gaeltachta Déardaoin'

  • Séamas Mac Coitir

    Feictear dom go bhfuil gach uile ghné de chonspóid na haerseirbhíse chuig Oileáin Árann, seanphléilte, um an dtaca seo, agus go bhfuil leas nó aimhleas na seirbhíse atá faoi chaibidil, ag brath go hiomlán ar chinneadh an Rialtais. Sin é mo bhriethiúnas ar an ngéarchéim thruamhéalach seo!