Faoin Ard-Chúirt a bheidh cinneadh i dtaobh próiseas tairisceana seirbhís aeir go hÁrainn

Tá tuilleadh amhrais faoin tseirbhís aeir go hÁrainn de bharr bagairt chúirte

An tAire Stáit, Joe McHugh agus Tarlach de Blácam, duine d'urlabhraithe thoscaireacht Árann, i Roinn na Gaeltachta inné
An tAire Stáit, Joe McHugh agus Tarlach de Blácam, duine d’urlabhraithe thoscaireacht Árann, i Roinn na Gaeltachta inné

Is cosúil anois gur faoin Ard-Chúirt seachas faoi Aire Stáit na Gaeltachta a bheidh sé cinneadh a dhéanamh faoin bpróiseas tairisceana a d’fhág gur roghnaíodh Executive Helicopters Ltd. le seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Bhí toscaireacht ó na hoileáin a chas leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne inné ag éileamh go dtarraingeofaí siar an tairiscint ar chonradh a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go gcuirfí tús le próiseas nua tairisceana chun seirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán a sholáthar. 

Tháinig sé chun solais, áfach, i ráiteas a d’eisigh an tAire Stáit aréir, go raibh sé ar an eolas faoi bhagairt a bheith á déanamh ag comhlacht nár éirigh leo sa phróiseas tairisceana dul chun na hArd-Chúirte ag lorg athbhreithniú breithiúnach ar an bpróiseas a bhí ann go dtí seo.

Dhiúltaigh Pádraig Ó Céidigh as Aer Arann a dheimhniú do Tuairisc.ie gurb eisean a bhí leis an athbhreithniú cúirte a lorg agus dúirt go raibh comhairle curtha air gan tada a rá leis na meáin chumarsáide i láthair na huaire.

Bhailigh suas le 500 duine as Árainn agus Conamara den chuid is mó lasmuigh de Roinn na Gaeltachta sna Forbacha inné le linn do thoscaireacht as na hoileáin a bheith i mbun cainte leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne taobh istigh. 

Dúirt Tarlach de Blácam thar ceann mhuintir na n-oileán nach ndearnadh aon dul chun cinn sa chruinniú, nach raibh “tada nua ráite ag an Aire” leis an toscaireacht agus gur “thimpeall i gciorcal” a bhí an comhrá ag dul.

Dúirt sé go leanfar den fheachtas sna seachtainí amach romhainn agus go gceisteofar an Taoiseach faoin scéal nuair a bheidh sé i gCaisleán an Bharraigh an tseachtain seo chugainn.

Ní léir fós cén uair a dhéanfar an t-iarratas ar athbhreithniú breithiúnach. Is iondúil nach ndéanann an chúirt aon mheastóireacht ar chinntí riaracháin ach go scrúdaíonn siad an próiseas a bhí ar siúl le cinntiú go raibh sé cóir agus cothrom.

Fág freagra ar 'Faoin Ard-Chúirt a bheidh cinneadh i dtaobh próiseas tairisceana seirbhís aeir go hÁrainn'