Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais go bhfuil súil aici go mbeidh na sonraíochtaí nua T1 agus T2 do shiollabas Gaeilge na hArdteiste réidh le tabhairt isteach in 2028.
Bhí na sonraíochtaí nua á bhforbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) go dtí gur cuireadh stop leis an obair in earrach 2023. Rinne eagraíochtaí teanga agus oideachais cáineadh láidir ar a raibh molta go dtí sin. Dúirt an CNCM ag an am gur theastaigh tuilleadh taighde a dhéanamh faoin bplean na sonraíochtaí nua a thabhairt isteach, T1 do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus T2 do dhaltaí i scoileanna Béarla.
Deir an tAire Oideachais nua Helen McEntee go bhfuil an taighde breise sin ar bun faoi láthair agus staidéar á dhéanamh ar na múnlaí a úsáidtear le haghaidh teangacha dúchais i dtíortha eile.
I bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Tom Brabazon ó Fhianna Fáil, níor thug an tAire McEntee aon eolas maidir le cén uair go mbeadh an taighde seo críochnaithe nó cén uair go mbeadh an obair ar fhorbairt na sonraíochtaí ag tosú arís ach thug sí le fios go raibh sé fós i gceist go mbeadh curaclam Gaeilge na hArdteiste réidh le tabhairt isteach i scoileanna uile an stáit faoi fhómhar na bliana 2028.
Tugadh an múnla T1 agus T2 isteach ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí in 2017 agus an cúrsa T1 dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 oiriúnach do dhaltaí eile.
Chaith an CNCM naoi mí i mbun comhairliúcháin phoiblí faoi fhorbairt na sonraíochtaí don Ardteist ach moladh ar deireadh stop a chur leis an obair sin agus dúradh gur aithníodh go raibh gá leis an siollabas reatha a athrú ach go raibh amhras ann faoi roinnt gnéithe den mhúnla molta.
Dúirt an tAire Oideachais chomh maith go ndéanfaí machnamh ar na sonraíochtaí nua don Ardteist “a ailíniú” leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (ar a bhfuil an córas TEG bunaithe), mar atá molta ag leithéidí Chonradh na Gaeilge le fada. Dúirt an tAire McEntee go raibh an t-ábhar á scrúdú i sraith páipéir acadúla a bhí á réiteach dá roinn.
Gealladh sa gClár Rialtais a foilsíodh an mhí seo caite go rachfar i mbun oibre le curaclam Gaeilge na mbunscoileanna, na scoileanna dara leibhéal agus na n-institiúidí tríú leibhéal a chur in oiriúint don bhhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc cheana gur theastaigh nasc a bheith ann idir an Ghaeilge mar ábhar agus an FTCET chun cumas teanga daltaí a mheas i gceart.
“Aithnítear níos mó agus níos mó nach bhfuil aon cheangal idir marc maith a fháil i scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus cumas a léiriú sa teanga. Má fhaigheann daltaí toradh maith san Ardteist, níl tuairim dá laghad ag aon duine sa phobal cén caighdeán Gaeilge atá acu, go háirithe nuair a fheiceann tú gurb í an Ghaeilge ceann de na hábhair is éasca dá bhfuil ann le marc ard a bhaint amach inti. Ní hionann sin agus caighdeán,” a dúirt de Spáinn.
Pádraig
Cé acu T1 nó T2 a bheadh ar a cumas tabhairt faoi? T3 fiú??
Nioclás Pól Caileán de Ghloucester
Tugann sí tosaíocht don Sacs-Bhéarla.