Tugadh deis do lucht éisteachta Today FM le gairid vóta a chaitheamh do na hamhráin Éireannacha is fearr leo. An t-amhrán ‘Zombie’ de chuid The Cranberries a roghnaíodh sa gcéad áit ach bhí ‘Joxer Goes to Stuttgart’ le Christy Moore (38ú áit) agus ‘Put ‘em Under Pressure’, a chan foireann sacair na hÉireann (53ú áit), ar an liosta chomh maith.
Cé go bhfuil muid beagnach dhá scór bliain ar aghaidh ó ghaiscí na bhfoirne a dtagraítear dóibh sna hamhráin sin, léiriú a bhí i dtorthaí na pobalbhreithe ar an gcion atá ag muintir na tíre seo ar mhórócáidí spóirt agus ar an gcaoi gur féidir leo fanacht sa gcuimhne ar feadh na nglúnta.
Tá fir agus mná óga ar fud na hÉireann nach bhfaca nó nach cuimhin leo fiú soicind amháin den imirt ó Euro ’88, Italia ’90 nó USA ’94 ach a bheadh in ann ar a laghad cúpla líne ó ‘Joxer Goes to Stuttgart’, ‘Put ‘em Under Pressure’ nó ‘Give it a Lash Jack’ a thabhairt duit.
Tógfaidh foireann Éireann na linne an chéad chéim eile an tseachtain seo ina n-iarracht áit ag Corn an Domhain a bhaint amach agus buachaillí Heimir Hallgrímsson ag dul go dtí Prág chun aghaidh a thabhairt ar Phoblacht na Seice Déardaoin. Níl an beart déanta go fóill, ná baol air, ach ó rinne Troy Parrott laoch de féin mí na Samhna seo caite, bí cinnte go bhfuil lucht tacaíochta na hÉireann i mbun pleanála faoi thuras chuig comórtas an tsamhraidh seo i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus Meicsiceo.
Is féidir a bheith cinnte chomh maith go gcumfar amhráin nua don fhoireann má éiríonn linn áit a bhaint amach i gCorn an Domhain 2026.
B’fhiú do leithéidí Foras na Gaeilge agus Gael Linn a bheith i mbun machnaimh an tseachtain seo chomh maith mar bheadh deis ann dóibh má éiríonn le foireann na hÉireann an beart a dhéanamh. An uair dheireanach a raibh foireann na hÉireann ag déanamh ar Mheiriceá do Chorn an Domhain, bheartaigh Bord na Gaeilge, réamhtheachtaí an Fhorais, comórtas a reáchtáil agus iad sa tóir ar rosc catha i dteanga ársa na nGael.
65 iontráil ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas agus ba é an t-amhrán a chum beirt ógánach ó Bhaile Átha Cliath, David Downes agus Barry McCrea, ‘Seo Linn go Meiriceá’ a shaothraigh an chéad áit agus duais £1,000.
Agus é ag labhairt le RTÉ ag an am, dúirt Seán Ó hÉanaigh ó Bhord na Gaeilge go rabhthas ag iarraidh “amhrán an-tarraingteach le liricí simplí, amhrán a d’fhéadfadh aon duine a chasadh”. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh amhrán Gaeilge “d’ardchaighdeán againn i measc na dteangacha ar fad a bheidh thall i Meiriceá”.
Dúirt David Downes gur bheartaigh sé féin agus McCrea daoine a mhealladh le cúpla líne Gaeilge a bheadh ar eolas ag gach duine agus le fonn aitheanta, ‘Oró ‘Sé do Bheatha Abhaile’.
“Tá muid ag caint ar mheascán mór daoine, daoine nach bhfuil Gaeilge acu, daoine nach bhfuil ach beagáinín acu, daoine nach bhfuil ceol acu. Caithfidh muid rud simplí ach rud maith a dhéanamh,” a dúirt sé.
Mar a tharlaíonn sé, is leis an amhrán céanna a thosaigh an banna Seo Linn ‘The Irish Roar’, amhrán oifigiúil na hÉireann an uair dheireanach gur éirigh linn mórchomórtas sacair a bhaint amach, in 2016.
Ní dona a chruthaigh Downes ná McCrea sna 30 bliain nó mar sin ó chum siad ‘Seo Linn go Meiriceá’. Cumadóir, léiritheoir agus stiúrthóir ceoil é Downes a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Celtic Woman, grúpa a bhfuil cáil bainte amach acu ar fud an domhain, agus ainmníodh é do ghradam Emmy in 2010 as an obair a rinne sé leo. Tá amhráin cumtha aige freisin le McCrea, atá anois ina Ollamh sa Léann Éireannach tin Ollscoil Notre Dame agus a bhuaigh duais iomráiteach, an René Wellek Prize, in 2016 dá shaothar Languages of the Night.
Cén bheirt ab fhearr chun moltóireacht a dhéanamh ar chomórtas nua agus muid, le cúnamh Dé, ag filleadh ar Mheiriceá an samhradh seo?
Fág freagra ar 'An t-amhrán Gaeilge a cumadh d’fhoireann sacair na hÉireann an uair dheireanach ag Corn an Domhain i SAM'