An t-aire sláinte le teacht slán do FF, drochsheans go mbeidh suíochán eile ag FG i gceantar an Taoisigh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain

An t-aire sláinte le teacht slán do FF, drochsheans go mbeidh suíochán eile ag FG i gceantar an Taoisigh

Cill Mhantáin

Líon na suíochán: 4

Beidh iomaíocht ghéar sa dáilcheantar seo. Tá cúigear Teachta Dála ag seasamh agus gan ach ceithre shuíochán le líonadh. Triúr déag ar fad atá san iomaíocht. Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly (FF) agus Stephen Mathews (CG) i mbaol a suíocháin a chailliúint.

Tá suíochán amháin bainte ón Dáilcheantar seo mar go bhfuil deisceart an chontae thart ar an Inbhear Mór gearrtha amach as Cill Mhantáin le dáilcheantar nua a chruthú, Cill Mhantáin-Loch Garman.

Seo é dáilcheantar an Taoisigh, Simon Harris (FG). Níl aon cheist ann ach go gcoinneoidh sé a shuíochán agus seans go mbeidh farasbarr mór le roinnt aige. An cheist mhór an mbeidh an mbeidh líon na vótaí aistrithe sách maith le seans a thabhairt don chomhairleoir Edward Timmins (FG) suíochán breise a bhaint d’Fhine Gael.

Ní mó ná sásta a bhí an t-iar-comhairleoir contae Shay Cullen (Nspl) nár roghnaíodh é le seasamh ag coinbhinsiún Fhine Gael, agus é ag seasamh anois mar iarrthóir neamhspleách. Bainfidh sé vótaí ó Fhine Gael thart ar bhaile Chill Mhantáin sa ghéarchoimhlint a bheas ar bun ansin. Ar chúis éicint níor sheas sé sna toghcháin áitiúla Meitheamh seo caite leis an suíochán a ghnóthaigh sé in 2019 a chosaint. Fuair sé 2,287 vóta céadrogha in 2019. Drochsheans go n-éireoidh leis suíochán bhaint ach d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do sheansanna Fine Gael suíochán breise a fháil.

Ar an gcaoi céanna beidh an Comhairleoir Joe Behan (Nspl), a bhíodh le Fianna Fáil uair, ag baint vótaí ó Stephen Donnelly (FF). Fuair sé 2,449 vóta i mBrí Chualann sna toghcháin áitiúla, an Meitheamh seo caite. Ní chabhraíonn sé le Donnelly (FF) go bhfuil an tInbhear Mór agus deisceart an chontae bainte as an dáilcheantar, mar is sa gceantar sin ba láidre Fianna Fáil.

Ar an láimh eile feileann an t-athrú i dteorainneacha an dáilcheantair d‘iarrthóir na na nDaonlathaithe Sóisialta, Jennifer Whitmore (DS). Ní raibh mórán tacaíochta ag na Daonlathaithe Sóisialta i ndeisceart an chontae. Níl an chosúlacht air gur n-éireoidh le Steven Matthews (CG) suíochán an Chomhaontais Ghlais a choinneáil.

Creidim go gcoinneoidh Johnny Brady (SF) a shuíochán, cé go mbeidh titim ina vóta. Fuair sé 17,297 vóta in 2020, beagnach dhá oiread an vóta a fuair Simon Harris (FG). Mura bhfaigheadh sé ach leath den vóta a bhí aige in 2020, bheadh sé fós san iomaíocht. Is léir ó aistriú an fharasbairr mhóir a bhí ag Brady (SF) in 2020, go mbeidh sciar den vóta a chaillfidh sé ag dul chuig Jennifer Whitmore (DS).

Shamhlóinn go mbeidh vóta maith le fáil aici chomh maith ó Steven Matthews (CG), má chuirtear é as an áireamh, rud a tharlóidh i dtreo deireadh an rása. Ar an gcaoi sin ceapaim go gcoinneoidh Whitmore (DS) a suíochán agus gur Matthews (CG) a chaillfidh. Beidh an tAire Sláinte Steven Donnelly (FF) faoi bhrú ón gcomhairleoir Edward Timmins (FG) ach ceapaim gur ag Donnelly (FF) a bheas an bua ar an lá.

Ag seasamh chomh maith sa Dáilcheantar tá an comhairleoir Paul O’ Brien (LO) do Pháirtí an  Lucht Oibre, a fuair 1,045 vóta sna toghcháin áitiúla agus é ag seasamh sa gceantar thart ar bhaile Chill Mhantáin. Aistreofar cuid mhór dá vótaí chuig Jennifer Whitmore (DS). Chomh maith leis an gcomhairleoir Joe Behan (Nspl) agus an Comhairleoir Shay Cullen (Nspl) tá beirt iarrthóirí eile neamhspleách ag seasamh: Rob Carry (Nspl), a  fuair 468 vóta sna toghcháin áitiúla i mBrí Chualann agus Charlie Keddy (Nspl) a fuair 108 vóta ar Na Clocháin Liatha. Agus seo á scríobh níl aon iarrthóirí ag seasamh do pháirtithe ar an eite dheis. Tá Ciarán Hogan (Aon), a fuair 424 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh d’Aontú agus ar an eite chlé tá Kellie Mc Connell (PBP) ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; DS 1

Fág freagra ar 'An t-aire sláinte le teacht slán do FF, drochsheans go mbeidh suíochán eile ag FG i gceantar an Taoisigh'

  • Seán Mag Leannáin

    Tríd is tríd aontaím le tuar Dhonncha ach ní chuirfeadh sé iontas orm dá n-eireodh le Shay Cullen suíochán a bhaint. Sa chás sin is dócha gurb é Donnelly a bheadh thíos leis.