RAIDIÓ
Eagrán speisialta ‘Blas Ceoil’ ag ceiliúradh Oireachtas na Gaeilge siar sna blianta
Craolfar eagrán speisialta Oireachtais den chlár ‘Blas Ceoil’ ar BBC Uladh ar BBC Sounds an Déardaoin seo, 28 Lúnasa ag a 8 i.n. Seo sraith speisialta den chlár atá á cur i láthair ag athair agus iníon, Marcas Ó Murchú agus a iníon Róise. Ó tharla 50 bliain de Raidió Uladh á cheiliúradh faoi láthair, iarraidh ar an mbeirt an clár a léiriú agus a láithriú. Beidh glúin eile ón gclann le cloisteáil ar chlár speisialta Oireachtais an Déardaoin seo agus mír chartlainne de chuid Raidió Éireann á casadh. Cloisfear taifead d’Alf Ó Murchú, seanathair Róise, athair Mharcais, tráth ar bhronn an tOllamh Seán Óg Ó Tuama bonn óir air agus é ag rá an amhráin Geaftaí Bhaile Buí sa mbliain 1961.
Léigh tuilleadh nó éist siar leis an eagrán anseo.
TAISPEÁNTAS
Taispeántas Chois Fharraige i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
Beidh Taispeántas Chois Fharraige ar bun ar champas Choláiste Chonnacht ar an Domhnach, 7 Meán Fómhair. Tá stair fhada ag an taispeántas a cuireadh ar bun den chéad uair ag deireadh na 40idí sa gcéad seo caite. Chuaigh sé i léig ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin, ach cuireadh ar bun arís é sna 1970idí agus tá an-rath air ó shin.
Bíonn 11 rannóg sna comórtais, idir chomórtais tís agus gharraíodóireachta, ealaín, grianghrafadóireacht, capaillíní, caoirigh agus madraí dar ndóigh. Cuirtear rannóga ar leith ar fáil do ghasúir agus an deis acu obair a chur isteach ar na comórtais – ceardaíocht, bácáil brioscaí agus réiteach bláthanna. Tá foirmeacha iarratais ar fáil sna siopaí áitiúla i gceantar Chois Fharraige nó is féidir rphost a sheoladh chuig tcfteo@gmail.com
FÉILTE
Féile John Ford ag ceiliúradh nasc an scannánóra le Cois Fharraige
Cuirfear tús le féile nua i gCois Fharraige i dtús mhí Mheán an Fhómhair! Tá buíon tagtha le chéile i gceantar an Spidéil le féile a bhunú agus a reáchtáil le comóradh a dhéanamh ar John Ford, an léiritheoir scannán clúiteach. Is de bhunadh Uí Fhéinneadha as an Tuar Beag, baile fearainn taobh thiar den Spidéal dá athair.
Rugadh John Martin Feeney in 1894 agus bhí sé ar dhuine den lucht déanta scannán ba mhó cáil i Meiriceá ó na tríochaidí go dtí na caogaidí. Bhain sé úsáid as an ainm stáitse John Ford. Ba é The Quiet Man ceann de na scannáin ba cháiliúla a rinne sé. B’as Cois Fharraige ó dhúchas a athair agus a mháthair agus deirtear go raibh John an-mhórtasach as a chúlra i gConamara. Taispeánfar The Quiet Man oíche oscailte na féile agus beidh imeachtaí agus taispeántais eile ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Gach eolas agus clár Fhéile John Ford le fáil ag an nasc seo: https://www.feilejohnford.com
An stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach
Tá an stáitse Gaeilge ar ais arís i mbliana ag an bPicnic Leictreach a bheidh ar bun ó 29 go 31 Lúnasa. I measc na gceoltóirí a bheidh ag casadh i gcaitheamh an deireadh seachtaine, beidh John Spillane, Bláithín Mhic Chana agus Piaras Ó Lorcáin, Lisa Murray, Jessie and the Veil, Lost West, Earthmover, Little Kings, IMLÉ, Dysania, Fianna Bána, DJ Ferdilicious, agus Éire agus Chulainn. Cuirfear ceol agus siamsaíocht ar fáil san oíche agus faoi scáth chrainnte na Collchoille, láthair atá sna coillte ar imeall na féile.
Cuirfidh Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá an sceideal de cheoltóirí agus bannaí Gaeilge ar an ardán agus an tsiamsaíocht ar bun acu ón 7 i.n. go 12 meán oíche ó Aoine go Domhnach ag an bPicnic Leictreach. Beidh ceoltóirí éagsúla a ghlac páirt i scéim forbartha Glór Ár Linne de chuid Raidió Rí-Rá le feiceáil ar stáitse chomh maith, ina measc beidh Jessie and the Veil, Earthmover, Lisa Murray, Little Kings agus Éire agus Chulainn.
COMHDHÁIL
Cruinniú bliantúil Ghrúpa Ginealach agus DNA Ros Muc
Beidh Grúpa Ginealach agus DNA cheantar Ros Muc ag teacht le chéile an deireadh seachtaine seo don séú bliain as a chéile mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna inniu ag 5 i.n. i nGairmscoil na bPiarsach mar a mbeidh an fáiltiú agus caint ina dhiaidh le Páraic Ó Súilleabháin maidir le muintir Sheoighe as Camas. Beidh ceol agus siamsaíocht ar bun ina dhiaidh.
Leanfar ar aghaidh leis na cainteanna ar an Satharn agus John O’Halloran ag caint faoi mhuintir Chonamara agus na hainmhithe a choinnítear ann. Déanfaidh Noel Murphy cur i láthair faoi Y-DNA agus é ag rianú sloinnte Éireannacha, agus labhróidh Mártan O’Halloran faoi shárú chonstaicí ginealaigh. Cuirfear clabhsúr le himeachtaí an tSathairn le caint ó Thomás Mac Con Iomaire agus é ag labhairt faoi Bruce Ismay agus Teach Chasla.
Tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook an ghrúpa.
Fág freagra ar 'An stáitse Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Féile John Ford, Eagrán speisialta Blas Ceoil, Caint ar Bhruce Ismay agus Teach Chasla'