An seans deireanach le Trump a chloí?

Léiríonn na pobalbhreitheanna le cúpla lá gur beag anois idir Nikki Haley agus Donald Trump i New Hampshire

An seans deireanach le Trump a chloí?

Má tá ábhar iontais le bheith i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe agus próiseas na bpoblachtach le hiarrthóir a roghnú, is Dé Máirt seo chugainn a tharlóidh sé i New Hampshire. Cé go raibh súil go mbeadh an bua ag Trump in Iowa is beag a cheap aon duine go mbuafadh sé 98 as 99 ceantar ná go mbeadh os cionn 50% den vóta aige. Tá seans go n-athróidh sin i New Hampshire – seans beag ach seans.

Stát talmhaíochta i lár na tíre i Meiriceá é Iowa. Tá pobal mór Críostaithe ceartchreidmheacha ann agus tacaíocht láidir ag Donald Trump mar thoradh air sin. Stát láidir Poblachtach is ea Iowa freisin agus cé is moite den chácas a chuireann tús oifigiúil le próiseas thoghchán na huachtaránachta, is beag a chloisfear faoi ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.

Dé Máirt is i New Hampshire a bheidh na vótaí á gcaitheamh, stát atá i gcoirnéal thoir thuaidh na Stát Aontaithe agus ceann de na trí choilíneacht déag as ar bunaíodh an tír. Tá sé ar cheann de na stáit is rachmasaí agus tá sciar mór den phobal ansin a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu. Ní íoctar aon cháin ioncaim i New Hampshire.  I dtéarmaí ioncaim tá pobal New Hampshire ar an gceathrú dream is mó a bhfuil saothrú acu sna Stáit Aontaithe. Níl luaitear an chráifeacht le pobal an Stáit agus ní chreideann ach a leath i nDia de réir dhaonáireamh na Stát Aontaithe in 2022. Is Poblachtach é gobharnóir New Hampshire, Chris Sununu atá ag tacú go láidir le Nikki Haley sa réamhthoghchán, ach is Daonlathaigh an bheirt sheanadóirí sa Stát. Is gnách le New Hampshire tacú leis an iarrthóir Daonlathach i dtoghcháin uachtaránachta.

Ciallaíonn sé sin ar fad nach ionann beag ná mór an saghas toradh a mbeifeá ag súil leis i réamhthoghchán sa Stát seo. Tá an pobal níos liobrálaí ina gcuid tuairimí ar cheisteanna morálta agus sóisialta. Tá siad níos neamhspleáiche ina gcuid tuairimí polaitiúla rud a chuireann go mór leis an tsuim a chuirtear sa réamhthoghchán uachtaránachta. Tugann sin deis do Ron DeSantis agus Nikki Haley agus beagán dóchais acu nach mbeidh an toradh anseo mar a bhí in Iowa agus gur fiú dóibh leanacht i mbun stocaireachta ar feadh cúpla lá eile.  Go deimhin, tá an t-uafás ama caite ag DeSantis ansin le tamall ach an mbeidh aon tairbhe aige ar an obair sin? Ní cosúil é.

Léiríonn na pobalbhreitheanna le cúpla lá gur beag anois agus idir Haley agus Trump i New Hampshire. An éireoidh léi coinneáil leis Dé Máirt? Mura n-éiríonn, is deacair a shamhlú go bhfaighfear an ceann is fearr ar an iar-uachtarán agus tá sé chomh maith a rá go bhfuil an phróiseas seo thart agus gan é ach ina thús ar éigean.

Fág freagra ar 'An seans deireanach le Trump a chloí?'