An rud deireanach gur chóir do scríbhneoir ficsin a dhéanamh ná stuif a mhíniú

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní seanmóireacht, ach lón machnaimh a sholáthar an fheidhm atá leis an bhficsean

An rud deireanach gur chóir do scríbhneoir ficsin a dhéanamh ná stuif a mhíniú

Ar chóir do shaothar ficsin na ceisteanna a chuireann sé féin a fhreagairt?

Rith an cheist sin liom tar éis eachtra osnádúrtha ar an mbealach go dtí an t-ionad aclaíochta.

Ba é an chaoi go raibh an dréacht is déanaí den úrscéal atá idir lámha agam le breis agus seacht mbliana anuas díreach críochnaithe agam agus curtha chun bealaigh chuig dornán foilsitheoirí. Nach mise a bhí sásta a bheith réidh leis, ach ansin: bú! Thit slám abairtí nua isteach i m’aigne de thuairt. Ní hamháin sin ach dúirt glór éigin: seo é croí do scéil, rinne tú dearmad an rud is tábhachtaí a bhí le rá agat a rá.

Bhuel, ní inniu ná inné a thosaigh mé i mbun na ceirde seo agus tá ciall cheannaithe agam maidir le habairtí a léimeann isteach i d’aigne gan choinne agus glórtha a deir gurb iad na habairtí céanna na cinn is fearr a scríobhfaidh tú riamh. Go hiondúil ní fiú cac an diabhail iad agus ba chóir iad a mharú ar an toirt.

Ach bhí rud éigin faoin stuif seo. Maith dom an fhoclaíocht nua-aoiseach, ach bhí fuinneamh aisteach ag baint leis na habairtí nua sin, fuinneamh dorcha, agus mhíneoidís cén fáth a ndéanann duine de na príomhcharachtair na rudaí a dhéanann sé agus nár chóir dó a dhéanamh.

Anois bhí mé buartha i gceart. An rud deireanach gur chóir do scríbhneoir ficsin a dhéanamh ná stuif a mhíniú, agus go deimhin sin é an dúshlán is mó a bhíonn romhamsa mar údar: ligean don léitheoir rudaí a oibriú amach dó féin.

Ach ní ligfeadh na habairtí sin liom. Gach maidin ar dhúiseacht dom bhí siad ar bharr m’aigne agus thug mé faoi deara go raibh mé ag déanamh eagarthóireachta orthu cheana féin i mo cheann agus mé ar mo shiúlóidín laethúil go dtí an t-ionad aclaíochta.

Ar ais chuig an gceist ag barr an ailt seo. Ar chóir do shaothar ficsin na ceisteanna a chuireann sé féin a fhreagairt?

Lig dom a rá i dtús báire go measaim gur gá do shaothar ficsin ceisteanna a chur.

Ní ceisteanna den chineál ‘an mbeidh A agus B le chéile sa deireadh thiar thall?’ atá i gceist agam anois. Sin ceisteanna a bhaineann leis an bplota, agus féadfaidh tú iad a fhreagairt (is maith le foilsitheoirí agus cuid mhór léitheoirí é sin) nó is féidir leat an deireadh a fhágáil oscailte ach leid a thabhairt faoi na freagraí (an cur chuige is fearr a thaitníonn liom féin.)

Ceisteanna de chineál eile atá i gceist agam áfach. Ceisteanna morálta, fealsúnachta, síceolaíochta. Ar éigean gurbh fhiú leabhar a léamh nó a scríobh, dar liom, nach dtugtar aghaidh ann ar bête noire éigin, nó péire, nó trí cinn – aincheisteanna atá ag croílár an scéil agus atá chomh dubh dorcha sin go mbeadh eagla agus go deimhin náire ort iad a chur os ard.

Is cóir do leabhar ficsin ceisteanna mar sin a ardú, measaim, ach ar chóir don leabhar céanna iad a fhreagairt? Is éard a bheadh agat ansin, dar liom, ná rud níos cosúla le leabhar teagaisc reiligiúnda, nó dráma moráltachta mar a bhíodh acu sna Meánaoiseanna: ‘má bhíonn tú i gcruachás X, déan Y.’

Go bunúsach, ní seanmóireacht ach lón machnaimh a sholáthar an fheidhm atá ag an bhficsean, dár liom.

Céard a rinne mé mar sin leis na habairtí úd a léim isteach i m’aigne gan choinne ar an mbealach go dtí an t-ionad aclaíochta?

Sa deireadh ghéill mé dóibh agus thug spás dóibh i m’úrsceal. Ach lig mé don phríomhcharachtar lena mbaineann siad na smaointe iontu a athfhoirmliú mar cheisteanna a chuireann sé air féin. Ar an gcaoi sin, tá súil agam, d’éirigh liom leid níos fearr a thabhairt faoin dorchadas aisteach is croí don scéal, ach gan é a mhíniú i míle mionsonraí, agus gan tuairim nó teagasc ann faoinar chóir do dhuine ficseanúil nó go deimhin san fhíorshaol a dhéanamh le dorchadas mar sin.

Fág freagra ar 'An rud deireanach gur chóir do scríbhneoir ficsin a dhéanamh ná stuif a mhíniú'