An rogha deireadh a chur le díolúine ón nGaeilge do dhaltaí scoile as tíortha eile á meas

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, beidh moltaí á gcur chun cinn go luath maidir leis an gcóras a leasú

An rogha deireadh a chur le díolúine ón nGaeilge do dhaltaí scoile as tíortha eile á meas

Tá an rogha deireadh ar fad a chur leis an ndíolúine ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí scoile as tíortha eile á meas ag an Roinn Oideachais.

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, beidh moltaí á gcur chun cinn go luath acu maidir le leasú a dhéanamh ar na cúiseanna a gceadaítear díolúine do dhaltaí ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Thug an Roinn le fios do Tuairisc.ie dhá mhí ó shin go gcuirfí tús “sna seachtainí amach romhainn” le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le socruithe nua a thabhairt isteach i dtaobh an chórais faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge do dhaltaí scoile, ach níor tharla sin fós.

Tuairiscíodh ar Irish Times inniu áfach go ndeirtear i gcáipéis a bhaineann leis an athbhreithniú ar cheist na díolúine go ndéanfar scagadh ar an “potential of ending the opt-out facility for new entrants to Ireland”.

Glactar leis áfach gurb é líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge mar gheall ar dheacrachtaí foghlama a bheith acu an cheist is mó a chaithfear aghaidh a thabhairt uirthi san athbhreithniú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.

De réir figiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

Faoi chóras na díolúine, bíonn ar dhaltaí nó a dtuismitheoirí tuarascáil a fháil ó shíceolaí mar chruthúnas go bhfuil siad faoi mhíchumas, amhail disléicse, agus go bhfuil siad i dteideal díolúine dá bharr sin.

Ach tá amhras mór tarraingthe ag lucht oideachais faoi bhailíocht chuid de na tuarascálacha seo a fhaightear go príobháideach ó shíceolaithe agus an tuairim ann go coitianta go mbítear ag baint mí-úsáid as an gcóras trí díolúine ‘a cheannach’.
Níos túisce i mbliana, dúirt Clive Byrne ó Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha go raibh amhras léirithe ag bainisteoirí scoile faoin líon mór scoláirí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge agus ceisteanna acu faoin tionchar a bheadh aige sin ar an gcóras tríú leibhéal.

Dúirt Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann (NUI) i mí an Mheithimh go mbíonn orthu ceisteanna a chur faoi bhailíocht tuarascálacha síceolaithe a chuirtear faoina mbráid mar chruthúnas go bhfuil mac léinn i dteideal díolúine ón nGaeilge.

Faoi pholasaí iontrála Ollscoil na hÉireann glactar le díolúine ón nGaeilge a ceadaíodh san iarbhunscoil. Is fada an lá conspóid a bheith ann faoi chóras díolúine na Gaeilge ag an dara leibhéal agus amhras ann go mbítear ag baint mí-úsáid as, go háirithe i bhfianaise líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ach a dhéanann staidéar ar theanga, nó teangacha, Eorpacha eile.

Tá ráite ag Cumann Disléicse na hÉireann go mbíonn cúiseanna bailí ag daltaí díolúine a fháil ón nGaeilge d’ainneoin staidéar a bheith á dhéanamh acu ar theangacha eile agus go mbíonn ar chuid acu an Ghaeilge a chur ar leataobh sa bhunscoil chun níos mó ama a chaitheamh ar bhunscileanna an Bhéarla.

Tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

De réir figiúirí a fuair Tuairisc.ie i mí Lúnasa, fuair beagnach 300 dalta díolúine ó scrúdú Ardteiste na Gaeilge i mbliana de bharr deacracht foghlama a bheith acu nár tháinig chun suntais go dtí go raibh siad i rang na hArdteistiméireachta féin.

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois, sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

Thug an Roinn le fios i mí an Mhárta go bhfoilseofaí gan mhoill an tuarascáil ar tosaíodh an plé ina taobh ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite. ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus dúradh san earrach go raibh sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Chuirfí tús ansin, a dúirt lucht na Roinne, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Dúradh i mí Lúnasa go raibh bailchríoch á cur ag an Roinn Oideachais ar dhá dhréachtchiorclán nua maidir leis an gcóras faoina gceadaítear díolúine ón nGaeilge agus go raibh sé i gceist na ciorcláin sin agus an tuarascáil a fhoilsiú gan mhoill.

Beidh an próiseas comhairliúcháin poiblí faoi cheist chonspóideach dhíolúine na Gaeilge bunaithe ar na ciorcláin agus ar an tuarascáil ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ .

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Fág freagra ar 'An rogha deireadh a chur le díolúine ón nGaeilge do dhaltaí scoile as tíortha eile á meas'

  • Colin Ryan

    Cén fáth nach múintear an Ghaeilge ar bhealach aoibhinn éifeachtach? Is fearr Fraincis líofa ná droch-Ghaeilge.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Dar liom féin gur cheart díolúine a bheith ar fáil ón mBéarla seachas ón nGaeilge. Sin an córas atá ann i dtír ar bith eile san Eoraip.