I mbliain na hArdteiste féin a fuair beagnach 300 dalta le deacrachtaí foghlama díolúine ón nGaeilge den chéad uair

Le linn a mbliain dheiridh ar scoil a fuair 279 dalta a rinne an Ardteist in 2018 díolúine den chéad uair ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu, agus rinne 176 díobhsan scrúdú i dteanga Eorpach eile

I mbliain na hArdteiste féin a fuair beagnach 300 dalta le deacrachtaí foghlama díolúine ón nGaeilge den chéad uair

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Fuair beagnach 300 dalta díolúine ó scrúdú Ardteiste na Gaeilge i mbliana de bharr deacracht foghlama a bheith acu nár tháinig chun solais go dtí go raibh siad i rang na hArdteistiméireachta féin.

B’ionann sin agus 7% den 3,977 a raibh díolúine ón nGaeilge i mbliana acu de bharr deacrachtaí foghlama.

Den 279 dalta ar tugadh díolúine ón nGaeilge dóibh le linn na scoilbhliana deireanaí acu, rinne 176 díobh scrúdú ardteiste sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

587 dalta ar fad a fuair díolúine ón nGaeilge den chéad uair agus iad i scoilbhliain na hardteiste féin agus chláraigh 392 de na daltaí sin le teanga Eorpach eile a dhéanamh sa scrúdú.

As an 587 dalta sin a fuair díolúine ón Ghaeilge den chéad uair i mbliain na hArdteiste, bhí 348 díobh cláraithe le tabhairt faoin Ardteist thraidisiúnta, bhí 84 duine cláraithe don Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus 155 a bhí le tabhairt faoi Ghairmchlár na hArdteistiméireachta.

Dúirt síceolaí oideachais le Tuairisc.ie cheana gurb é “an dea-chleachtas agus an gnáthchleachtas” go ndéanfaí diagnóis i dtaobh deacrachtaí foghlama ar nós disléicse le linn do dhalta a bheith sa bhunscoil, go háirithe más “ar scála measartha nó dian” atá an disléicse atá i gceist. 

Dúirt sé go dtarlaíonn sé go ndéanfaí diagnóis ‘déanach’ i gcásanna áirithe ach gur rud neamhghnách é nach ndéanfaí an diagnóis sula bhfágfadh an dalta an bhunscoil nó “an-luath” ina dhiaidh sin.

Dúirt sé nach raibh aon taighde ann a chruthaigh go bhféadfadh deacrachtaí foghlama a bheith ag duine a mbeadh an disléicse air le foghlaim teanga amháin seachas teanga eile. 

Dúirt sé nach raibh “mórán fianaise ar chor ar bith” ann ach an oiread a thabharfadh le fios gur chun aimhleas an dalta a bheadh sé an dara teanga a fhoghlaim. 

Dúirt sé go bhfuil go leor daoine óga ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus a bhfuil díolúine tuillte acu. Deir sé áfach go bhfeictear go bhféadfadh go mbeadh buntáiste ag baint le díolúine a fháil ón nGaeilge ó thaobh na scrúduithe de agus go bhfuil “an cathú ann” dá bharr díolúine ón nGaeilge a lorg.

Tá ráite cheana ag Cumann Disléicse na hÉireann go mbíonn cúiseanna dlisteanacha ag go leor daltaí díolúine a fháil ón nGaeilge ach staidéar a dhéanamh ar mhórtheanga Eorpach eile. Dar leis an gcumann go mbíonn tacaíocht bhreise ag teastáil ó na daltaí seo agus staidéar á dhéanamh acu ar an mBéarla sa bhunscoil ach go n-éiríonn leo ina dhiaidh sin tabhairt faoi theanga Eorpach eile a fhoghlaim san iarbhunscoil, de réir mar a dhéanann a gcomhscoláirí.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

Bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,416 dalta do scrúduithe na bliana seo le hais 5,954 dalta anuraidh.

De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis. 

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

Ar an iomlán, tugadh díolúine ó scrúduithe Ardteistiméireachta na Gaeilge 2018 do 6,416 dalta. Chláraigh 64% de na daltaí sin, nó 4,114 duine, le scrúdú a dhéanamh i dteanga Eorpach eile. 

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois, sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, tuairiscíodh i mí Mhárta na bliana seo go mbeadh moltaí á gcur chun cinn go luath acu maidir le leasú a dhéanamh ar na cúiseanna a gceadaítear díolúine do dhaltaí ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Thug an Roinn Oideachais le fios an uair sin go raibh dréachtchiorclán á réiteach acu maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge agus go raibh sé i gceist acu é a fhoilsiú “a luaithe agus ab fhéidir”.

Dúradh go raibh sé i gceist ag an Roinn chomh maith próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar bun maidir leis na hathruithe atá beartaithe sa dréachtchiorclán a bhaineann leis an díolúine. Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfoilseofaí gan mhoill an tuarascáil ar tosaíodh an plé ina taobh ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite. ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus dúradh san earrach go raibh sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Chuirfí tús ansin, a dúirt lucht na Roinne, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Cé gur ag deireadh na nóchaidí sa chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada.

Fág freagra ar 'I mbliain na hArdteiste féin a fuair beagnach 300 dalta le deacrachtaí foghlama díolúine ón nGaeilge den chéad uair'