An Rialtas le moladh as conradh trádála le hIosrael a cháineadh

Más tír cheannasach neamhspleách muid ní ceart go ligfeadh muid do thíortha eile comhpháirteachas i gcoireanna cogaidh Iosrael a bhrú orainn

An Rialtas le moladh as conradh trádála le hIosrael a cháineadh

Ní minic go mbíonn an misneach ag aon rialtas anseo moladh ar bith a dhéanamh a thagann salach ar dhearcadh an Aontais Eorpaigh mar aonad.

Mar sin is ábhar mór gliondair, ardú meanma is croí agus dóchais gur féidir luachanna na tíre seo – síocháin, frithchoilíneachas agus cothromas cearta – a bhrú chun cinn beag beann ar an gCoimisiún Eorpach nó eile.

Táim ag tagairt ar ndóigh don chinneadh rialtais go scríobhfaí, in éineacht leis an Spáinn, litir go dtí an Coimisiún ag iarraidh athbhreithniú ar an gconradh trádála idir an tAontas agus Iosrael, mar gheall ar bharbarthacht is uafás Iosrael i nGaza agus sa Phalaistín i gcoitinne.

Ag an tús, cháin an Tánaiste Micheál Martin Hamas ag rá go ndearna siad ionsaí gan chúis ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. Níor cháin sé an tAontas Eorpach a dúirt go seasfaí gan teora le hIosrael, cé gur mhol sé d’Iosrael a fhreagra ar Hamas a choinneáil srianta ar mhaithe le gan sibhialtaigh a mharú.

Ar ndóigh, bhí cúis ag Hamas – sé sin an chaoi ar chaith muintir Iosrael le muintir na Palaistíne le 75 bliain, cúis nár thug an tAontas Eorpach aird dá laghad uirthi.

Ach in ainneoin leisce an rialtais an uair sin seasamh éagsúil a ghlacadh ó sheasamh an AE, léirigh muintir na hÉireann i gcoitinne ár ndéistin faoin gcoilíneachas agus faoin mbarbarthacht a chleacht Iosrael.

Bhí Leo Varadkar i bhfad níos láidre, agus ceapaim go bhfuil moladh mór tuillte aige mar gheall ar an iarracht seo ag Éirinn agus an Spáinn pionós a ghearradh ar Iosrael mar gheall ar an uafás ar fad.

Ag an am céanna is beartas é seo ba chóir a bheith glactha againn i bhfad roimhe seo.

Nuair a bhí cainteanna ar siúl idir na trí pháirtí rialtais (mar atá anois) dhiúltaigh Fine Gael agus Simon Coveney labhairt amach go láidir faoin scéal agus glacadh le Bille na gCríocha Gafa nach ligfeadh d’earraí ó na críocha sin isteach sa tír seo.

Dúirt Coveney, agus d’aontaigh Micheál Martin leis, nach bhféadfadh muid é sin a dhéanamh toisc go gcuirfeadh sé i gcoimhlint leis an Aontas Eorpach muid.

Ba náireach an géilleadh é sin ó pháirtithe, ar nós an Chomhaontais Ghlais, a raibh geallúint faoi seo mar chuid dá bhfeachtas toghcháin.

Ceapaim gur chóir cuimhneamh air sin, mar céard a tharlós mura n-aontaíonn an tAontas féin le héileamh na hÉireann?  An ngéillfidh muid do chros na Gearmáine is tíortha eile, nó an gcloífidh muid lenár bprionsabail féin?

Agus cuimhnímis i gcónaí go bhfuil Palaistínigh á marú gach lá agus go bhfuil timpeall 12,000 páiste maraithe ó cuireadh tús le hionsaí Iosrael.

Is é an t-ár atá á bhagairt ar Rafah a spreag an Rialtas an litir seo a chur isteach anois. D’fhógair na hIosraelaigh ar mhuintir Ghaza teitheadh ón tuaisceart agus lonnú ó dheas, i Khan Younis ar dtús agus ansin i Rafah.  Tá Khan Younis scriosta agus tá Rafah anois i mbaol a scriosta.

Tá Meiriceá anois ag impí ar Iosrael bealach a aimsiú le sibhialtaigh a thabhairt amach ó láthair na contúirte.  Ach cá bhfuil na Palaistínigh le dul?  Amach as an bPalaistín ar fad agus isteach i bhfásach Sinai, a deir airí de chuid rialtas Iosrael.

Glanadh eitneach nó cinedhíothú, a thugtar ar a leithéid.

Ní fheicim go bhfuil mórán seans go nglacfaidh an tAontas Eorpach lenár n-éileamh.  Mar gheall go raibh siad ciontach san Uileloscadh, tá leisce mhór ar an nGearmáin is ar an Ostair aon bheart a dhéanamh i gcoinne Iosrael.

Ach ní hionann Iosrael agus an pobal Giúdach ar fud an domhain, mar a léiríonn na céadta Giúdach atá ag seasamh leis an bPalaistín, go háirithe i Meiriceá, agus fiú in Iosrael féin.

Más tír cheannasach neamhspleách muid, cibé rud faoi chomhoibriú eacnamaíochta nó trádála, ní ceart go ligfeadh muid do thíortha eile, atá níos cumhachtaí ná muid san Aontas Eorpach, comhpháirteachas i gcoireanna cogaidh Iosrael a bhrú orainn.

Mura dtagann an chuid eile den Aontas Eorpach linn is cóir dúinn an beart a dhéanamh muid féin agus bac a chur ar thrádáil idir an tír seo agus Iosrael, Bille na gCríocha Gafa a chur i bhfeidhm agus brú a chur ar Iosrael éirí as an slad.

Céim mhaith is ea an litir.  Céim níos tábhachtaí is ea an gníomh.

Fág freagra ar 'An Rialtas le moladh as conradh trádála le hIosrael a cháineadh'

  • Criostóir

    Díol suime é go mbíonn Eoin Ó Murchú coireanna cogaidh i leith Iosrael ach nár dhamnaigh sé sléachtanna 7 Deireadh Fómhair, rud a chuir tús leis an tubaiste seo ar fad. D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a thabhairt ar láimh agus a gcuid airm a thabhairt suas. Ach ní mholfadh Ó Murchú a leithéid mar síleann sé gur grúpa dlisteanach é Hamas, gan dabht, nach bhfuil ach ag troid ar son shaoirse na bPalaistíneach (má tá dul amú orm, a Eoin, abair liom é).

    Ní fhaca mé trácht ó Ó Murchú ar an nuacht gur ghlac roinnt oibrithe de chuid UNRWA páirt i sléachtanna 7 Deireadh Fómhair ach an oiread, go raibh lámh acu i bhfuadach na nIosraelach agus gur chuidigh siad le Hamas cúnamh daonnachtúil a ghoid ar bhonn leanúnach. B’shin scéal a bhí i gceannlínte na meán go léir go bhfios ach ní raibh ann ach tost ó Ó Murchú ar an gceist.

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘rud a chuir tús leis an tubaiste seo ar fad’…
    An rud a chuir tús leis an tubaiste seo ar fad ná Nakba 1948, gan trácht ar ‘lomadh na faiche’ (béarlagar an IDF a chiallaíonn ídiú na bPailistíneach)
    atáthar a dhéanamh ó shin i leith, bliain i ndiaidh bliana.

  • jpmorley0@gmail.com

    Díol suime go deo é freisin an clár iontach BBC ‘Panorama’ faoi Netanyahoo agus an leathshúil chaoch a thugadh sé ar mhaoiniú Hamas riamh anall. Óir ba bhunchloch den straitéis a bhí aige ligean do Hamas fothú agus treisiú leo in Gaza d’fhonn is nach dtáthódh an dá stráice tíre, an Bruach Thiar & Gaza le chéile… mar thuig sé go raibh an baol ann go n-iompódh an comhtháthú sin amach ina Stát Palaistíneach. Tá an fhianaise ar fad leagtha amach ansin go paiteanta, neamhbhalbh .i. bhí páirt lárnach dhoshéanta ag Príomh-Aire Iosrael féin i bhforbairt agus i bhfás Hamas!! Faoi mar dúirt an fear fadó: ‘Chugat an púca anois!!’

  • Eoin Ó Murchú

    Tá sé ráite go maith ag JP Morley thuas. Níor tharla 7 Deire Fómhair gan údar, agus is é an t-údar ná an síor-chos ar bolg a chleacht Iosrael ar na Palaistínigh, na mílta atá gafa i bpríosún, cuid mhaith acu gan triiail da laghad, agus an síor-ghabhail talún ar an mBruach Thiar. Maidir le UNRWA, níl sna líomhaíntí ó Iosrael ach líomhaíntí. Níor thug siad aon fhianaise a chruthódh a leagan den scéal. Ach teastaíonn uathu deireadh a chur le UNRWA is deireadh a chur le cúnamh ar bith, bia nó leigheas do mhuintir na Palaistíne.

  • Criostóir

    Níl aon ionadh orm go bhfuil bá ag Eoin Ó Murchú le Hamas, grúpa sceimhlitheoireachta faisisteach atá ag iarraidh na Giúdaigh go léir in Iosrael a dhíothú. Óir tugann Ó Murchú tacaíocht do dhream faisisteach eile, i.e. Putin agus a dhrong coirpeach a rinne ionradh gan chúis ar an Úcráin.

    Bíonn Ó Murchú ag cáineadh Iosrael amhail is gurb é ‘máthair gach oilc’ sa réigiún é – ach mura raibh Iosrael ann an mbeadh síocháin agus comhbhráithreachas ann sa Mheánoirthear? Ní dóigh liom é. Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria, cuir i gcás.

    Díol suime é nach bhfuil Ó Murchú sásta na ‘líomhaintí’ i gcoinne UNWRA a chreidiúint ach go bhfuil sé sásta na figiúirí a sholáthraíonn Hama faoin gcogadh a chreidiúint gan iad a cheistiú in aon chor. Cé mhéad sibhaltach atá maraithe ag an IDF sa chogadh i nGaza? Tá sé fíordheacair muinín a chur sna figiúirí atá á lua faoi láthair (29,000 sibhialtach marbh) mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás ball de Hamas agus bás sibhialtaigh. Dá bhrí sin, fiú más cruinn na figiúirí a sholáthraíonn Hamas i dtaobh líon na marbh gach seans gur sceimhlitheoirí Hamas an leathcuid acu agus sibhialtaigh an chuid eile. Ar ndóigh, is tragóid é go bhfuil sibhialtaigh ar bith ag fáil bháis, ach d’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a thabhairt ar láimh agus a gcuid airm a thabhairt suas.

    Maidir leis an méid a deir JP Morley – más mian leat dul siar sa stair, d’fhéadfaí a rá gurb é an tubaiste ba mhó a bhuail an Meánoirthear ná scaipeadh Ioslam leis an lámh ládir nuair a thosaigh ‘saighdiúirí Allah’ ag imirt scrios agus leatrom ar Chríostaithe, Giúdaigh agus págánaigh. Dá mbeifí lena gceart a thabhairt do na Giúdaigh, ghlacfaí leis go bhfuil an ceart acu seilbh a bheith acu ar Iarúsailéim agus ionaid naofa ársa eile sa Talamh Naofa, óir is iadsan an dream a bhfuil an oidhreacht is sine acu sa cheantar.

  • jpmorley0@gmail.com

    Ghlac Joe Biden i ráiteas ar an 13/02 gur maraíodh “os cionn 27,000 sibhialtach” agus gur “daoine neamh-chiontacha a bhformhór mór”. Is follas mo léan go bhfuil na mílte mílte eile corpán folaithe faoin smionagar nár thangthas orthu fós agus gur móide nach dtiocfar orthu go deo. Fíoraíonn eagrais neamhspleácha idirnáisiúnta na figiúirí sin chomh maith. Teifigh faoi dhó is ea an chuid is mó de mhuintir Gaza a cuireadh ó thír is ó thalamh i 1948 t’réis síor-ionsaithe marfacha ó na Síonaigh. Tá mar aidhm anois ag rialtas Iosraeil “na hainmhithe daonna” seo a chinedhíothú nó a dhíbirt ar fad. Dúirt Aire Cosanta Iosraeil nach lobhálfaí
    ” bia, breosla, aibhléis ná uisce” isteach in Gaza agus go luathófaí le díothú na bPalaistíneach dá scaipfeadh ráig, víoras nó paindéim. “Cé bhí ann ar dtúis?”. Ceist amaideach amach is amach.

  • Gearóid O Raghallaigh

    Maidir leis an amaidí atá le rá ag Críostóir, foilsíodh an sliocht seo i Haaretz, nuachtán in Iosrael ag an iriseoir liobrálach Gideon Levi roinnt seachtainí ó shin ag tús an cinedhíothaithe in nGaza.
    “Tá milleán dá mbásanna féin ag ocht miíe páiste; tá 20,000 daoine freagrach as á maraithe féin; 2 milliún duine ba chúis lena ndíbirt as a n-áit cónaithe. Seo í an dóigh a labhraíonn an sách faoin seang, an duine a bhuil rath air faoin duine mí-ámharach, an duine sláintiúil faoin duine míchumasach, na daoine láidre faoi na daoine laga, na Giúdaigh Ashkenazi faoi na Giúdaigh Misrahi; is orthu féin atá an locht as bheith ina n-íospartaigh.

  • Gearóid O Raghallaigh

    “Ní raibh a oiread sin náire orm ariamh”.

    An teideal a bhí ar an alt