An mbeidh tú ag baint lán na súl as an style ag móruaisle Shasana i Mainistir Westminster?

Chomh fada agus atá an Sasanach sásta a lámh a chur ina bpóca, nach é sin a gcúram fhéin, arsa an saoránach Éireannach sotalach, mórchúiseach

An mbeidh tú ag baint lán na súl as an style ag móruaisle Shasana i Mainistir Westminster?

An bhfuil aon tuiscint ar an Sasanach? An bhfuil aon léamh in aon chor orthu a dhéanfadh ciall?

Ar éigean é, arsa tusa. Agus mise.

Thíos ar an dá ghlúin, slán an meafar, a bheidh na céadta míle is na milliúin acu an deireadh seachtaine seo ag adhradh agus ag onórú an Neach is Airde sa Teaghlach Ríoga, acu.

Na céadta milliún punt steirling á chaitheamh acu ar Chorónú Oifigiúil an Rí Séarlas is a leathbhádóir iomráiteach Camilla, Banríon.

Céad milliún punt steirling an figiúir atá á áireamh ag saineolaithe ar na cúrsaí san.

Dearbhaíonn lucht tacaíochta an Teaghlaigh Ríoga gur fiú na haon phingin é mar go bhfaighidh an Stát a chomhoiread nó níos mó ó chaiteachas turasóirí, meallta chun na tíre don ócáid.

Nach maith a theastódh an céad milliún san óna gcóras sláinte, an NHS, atá ar a chosa deiridh, gan trácht ar na bochtáin atá ag brath ar dhéirc na mbancanna bia, agus araile.

Ach ní déarfadh ach cancrán formadach a leithéid san.

Núthair ní raibh ócáid ‘Corónú’ ag na créatúirí bochta ó 1953 i leith. N’fheadar conas a mhaireadar in aon chor.

Ní leor an ceiliúradh mór iubhaile a bhí acu anuraidh agus an bhanríon ag ceiliúradh 70

bliain i réim. Ceiliúradh a chosain £6.3 billiún steirling, más é do thoil é.

Ná ní leor an tórramh mór millteach agus an tsochraid a lean é, a sheas suas le seachtain a’ fágaint slán ag an mbean uasal, chun a mianta agus a ndúil sa ‘ríogachas’ a shásamh.

600 milliún punt steirling an saibhreas pearsanta atá ag an Rí Séarlas, a deirtear.

Meastachán ar fad atá i gceist anseo mar diúltaíonn an teaghlach ríoga sin aon eolas a thabhairt mar gheall ar a maoin ná a saibhreas. Rún daingean acu é.

Bhí meas thar na bearta ag pobal na Ríochta Aontaithe ar an mBanríon Eilís.

N’fheadar an gcuirfeadh sé aon mhairg orthu gur dhein sí deimhin de le linn a réimis ná sceithfí aon eolas in aon chor mar gheall ar a maoin ná a saibhreas.

Diúltaíonn an teaghlach ríoga d’fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Béal-iata go maith atáid i dtaobh aon ní a bhaineann lena gcuid airgid agus maoine, ná aon ní dá sórt.

Is léir nach bhfuil sin ag cur mórán mairge ar fhormhór an phobail. Sin daonlathas sa Ríocht Aontaithe agat.

Ach canathaobh go mbeadh éinne againne ag gearán mar gheall air seo?

Chomh fada agus atá an Sasanach sásta a lámh a chur ina bpóca, nach é sin a gcúram fhéin, arsa an saoránach Éireannach sotalach, mórchúiseach.

Caithfear an gabhar a róstadh i ngach paróiste sa Ríocht Aontaithe. Gan trácht ar thinte cnámh mura bhfuil an nós Gaelach san róbharbartha dóibh.

Níl aon teorainn leis na hócáidí ina mbeidh poimp is mustar is searmanais.

Is maith iad chuige.….

Cóistí órga is capaill feistithe galánta dá réir.

Pósadh inniu is picil amárach, a deir an seanrá….

Ach cé is dóigh leat a bheidh suite, seachas ar na glúine, os comhair an scáileáin amach, mar aon leis na céadta milliún eile, ag gliúcaíl agus a’ baint lán na súl as an style a bheidh ag maithe is móruaisle an tSasanaigh i Mainistir Westminster Dé Sathairn beag seo?

Mé fhéin, cé eile!

Fág freagra ar 'An mbeidh tú ag baint lán na súl as an style ag móruaisle Shasana i Mainistir Westminster?'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Ní bhíonn glóir shaolta nach dubhachas a deireadh.’ Agus:
    ‘Tabhair onóir san áit a bhfuil onóir dlite.’

  • jpmorley0@gmail.com

    Rí Séarlas… arb é ath-ionchollú ar Labhraí Loingseach é? Súil agam go mbeidh a chuid gruaige fásta aige, más ea.

  • Séadna Mac Seoin

    D’éist mé leis ‘An tSeachtain’ le Máire Ní Ghadhra mar a dheinim chuile sheachtain más féidir.

  • An Teanga Bheo

    Cine dheilgilt is cosuil………….. an mara chéile muid meastú ??