Ní raibh oiread spéise sa Ghaeilge san Ísiltír riamh roimhe seo: breis agus 30 mac léinn a chláraigh do chúrsa Nua-Ghaeilge an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Utrecht i mbliana, ardú deichniúir ar a laghad ar an ngnáthlíon.
‘Deirimis mar seo é: níl a leithéid ann agus drochphoiblíocht,’ a deir an Dr. Nike Stam, Ollamh Cúnta sa Léann. ‘Bhí oiread sin ruaille buaille faoin Léann Ceilteach a bheith i mbaol a dhúnta le bliain anuas gurb amhlaidh gur chothaigh sé spéis na mac léinn in Utrecht, agus ceapaim go bhfuil baint nach beag ag an tóir atá ar Kneecap san Ísiltír leis an scéal freisin.’
Ach ní fios an mbeidh an Ghaeilge bheo á teagasc in Utrecht feasta sna blianta amach romhainn.
De bharr ciorruithe ollmhóra a thug rialtas na hÍsiltíre ar ollscoileanna na tíre a chur i bhfeidhm anuraidh, beidh deireadh á chur in Ollscoil Utrecht leis an Léann Ceilteach, atá breis agus 100 bliain ar an bhfód, ag deireadh na bliana acadúla seo.
Mairfidh cuid den Léann – na cúrsaí sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge agus sa tSean- agus sa Mheán-Bhreatnais, mar shampla – mar chuid de Roinn an Bhéarla, ach níl fothain aimsithe fós don Nua-Ghaeilge, don Nua-Bhreatnais ná do chuid de na cúrsaí staire agus litríochta atá á dteagasc faoi láthair agus a bhfuil an-tóir orthu.
‘Gan dabht tá muid fós ag obair air sin,’ a deir Nike Stam. ‘Ní fhéadfaí a shamhlú go mbeadh cúrsaí sna teangacha Ceilteacha á dtairiscint againn ach nach mbeadh na teangacha beo ina measc.’
Seachas an Léann Ceilteach bhí cúig chúrsa céime eile i mbaol a ndúnta freisin de bharr na gciorruithe agus cuirfear deireadh iomlán le cuid acu sin, an Iodáilis mar shampla.
‘Is cinnte go bhféadfadh cúrsaí a bheith níos measa,’ a deir Nike Stam, ‘agus tá muid buíoch as an tacaíocht ar fad a fuair muid i bhfoirm agóidí, alt, litreacha agus achainí ar líne, a chabhraigh lenár gcás go mór.’
Cuireadh breis agus 7,000 síniú le hachainí ar líne a eagraíodh d’fhonn an Léann Ceilteach a shábháil, agus chuir na céadta iar-mhic léinn agus comhghleacaithe acadúla san Ísiltír agus thar lear litreacha chuig uachtarán Ollscoil Utrecht.
‘Mar sin féin is cúis bhróin dom nach mbeidh ár Léann féin againn a thuilleadh,’ a deir Stam. ‘An rud is íorónaí ar fad faoin scéal ná nach sábhálfaidh sé ach €70,000 in aghaidh na bliana ar an Ollscoil deireadh a chur leis an Léann Ceilteach – oiread na fríde i gcomparáid leis an gciorrú €14 milliún atá ar an Ollscoil a chur i bhfeidhm.’
Ní bhrisfear éinne as a phost de bharr na gciorruithe, ach ní dhéanfar conarthaí sealadacha a athnuachan. Fostaithe i Roinn an Bhéarla a bheidh Stam féin feasta, mar shampla, agus tá dearcadh praiticiúil aici air sin.
‘Tuigim gur cúis dhíomá do go leor dár gcomhghleacaithe sna tíortha Ceilteacha gur cuid de Roinn an Bhéarla a bheidh ionainn anois, thar aon Roinn eile, ach gnáthchur chuige é sin in go leor ollscoileanna ar an mór-roinn, in Uppsala agus in Poznań mar shampla. Ceann de na buntáistí a fheicim féin ná go mbeidh muid in ann díriú ar an idirghníomhaíocht idir na teangacha Ceilteacha agus an Béarla. Deirimis go bhfuil deiseanna amuigh ansin.’
An Dr. Mícheál Ó Flaithearta
Tá obair mhór déanta ag an Dr. Nike Stam, a comhghleacaithe agus ag a cuid mac léinn le bliain anuas ó ghearr udaráis Ollscoil Utrecht pianós an bháis ar an Léann Ceilteach san ollscoil sin. Ghríosaigh an Dr. Stam an pobal idirnáisiúnta chun gnímhe agus cuireadh feachtas bríomhmhar agóidíochta ar bun chun an Léann Ceilteach in Ollscoil Utrecht a shábháil. Ach is cosúil gur cluasa bodhra a bhí ag fanacht leis an agóidíocht sin. Tá deireadh á chur le réimse an Léinn Cheiltigh san ollscoil tar éis 100 bliain. Níl sé ach dhá bhliain ó shin ó dúirt seainsiléar Ollscoil Utrecht amach go poiblí ag an gComhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh in Utrecht gurb é an léann Ceilteach seoid léinn na hollscoile sin! Tá focla saor! Tá dóchas ag an Dr. Stam go leanfaidh cuid de chúrsaí an Léinn Cheiltigh ar aghaidh faoi scáth roinn an Bhéarla. Ní bheinnse chomh dóchasach agus tá cur amach 16 bliain agam ó bheith i mo léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Utrecht (2007-2023). Deirtear go leanfar le cúrsaí meánaoiseacha (Sean- agus Meán-Ghaeilge, Meán-Bhreatnais) ach go bhfios domsa, níl fiú cúrsaí meánaoiseacha (Sean-Bhéarla) á múineadh i Roinn an Bhéarla! Mar sin, níl comhghuaillíocht ná tacaíocht ar bith ag an Léann Ceilteach meánaoiseach laistigh den roinn sin. Is fánach ar an Léann Ceilteach in Utrecht nuair a imeos Ollamh an Léinn Cheiltigh ar scor i gceann cúpla bliain! Agus céard faoi na beotheangacha Ceiltise? Ní bheidh iontu ach bunranganna. Is cúis bhróin liom seo ar fad mar tá ceann de an ranna is fearr sa domhan sa Léann Ceilteach in Ollscoil Utrecht.