An smaoineamh maith é go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh do Ghaeilgeoirí?

Glactar go forleathan leis i léann na teangeolaíochta, agus in áiteanna eile, go seasann an chlaontacht teanga do chlaontaí ar bhoinn eile

An smaoineamh maith é go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh do Ghaeilgeoirí?

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht ar ghríosú fuatha, cuirfear san áireamh moladh go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh bunaithe ar an teanga. Tá Conradh na Gaeilge ag tacú leis an moladh agus iad ag súil go mbeidh an Ghaeilge san áireamh sa reachtaíocht. Mar a sheasann sé, tagraíonn an reachtaíocht don fhuath do ghrúpa daoine mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéis.

Athrú chun feabhais ‘teanga’ a bheith luaite sa reachtaíocht, chomh maith le rudaí eile. Ní ar mhaithe leis an nGaeilge is mó a deirim an méid sin, mar sin féin.

Glactar go forleathan leis i léann na teangeolaíochta, agus in áiteanna eile, go seasann an chlaontacht teanga do chlaontaí ar bhoinn eile. Mar sin, nuair a chaitear anuas ar an teanga a labhraíonn duine, bíonn rud éigin eile taobh thiar de sin de ghnáth. Go minic, is é atá i gceist dáiríre le leatrom teanga ná claonta a bhaineann le haicme, le cine, le creideamh, le dath, le heitneacht, le gnéas, le gnéaschlaonadh srl.

Nuair a chuirtear fuath in iúl don teanga a labhraíonn duine nó grúpa, nó nuair a léirítear claonadh i gcoinne pobal teanga, cuirtear fuath in iúl do na gnéithe sin a seasann an teanga dóibh. Gheobhadh gurb é a bheadh i gceist le claonadh i gcoinne teanga áirithe, mar shampla, ná claonadh a bhaineann le cine nó le creideamh ach nach mbeadh duine sásta é sin a rá amach.

Mar a chéile i gcás canúintí. Tóg an Béarla in Éirinn. Ní as an ngnáth go gcaithfí anuas ar dhuine nó ar ghrúpa mar gheall ar an tslí a labhraíonn siad Béarla. Gheobhadh pobal tuaithe, pobail as ceantair faoi mhíbhuntáiste sna cathracha, an lucht siúil, nó inimircigh a bheith i gceist. I ngach cás acu sin, is le cúlra an chainteora, nó an grúpa ar de í, a bhaineann an leatrom.

Den chuid is mó, is ar mhaithe leis na cásanna thuas, cásanna nach mbaineann go sonrach leis an nGaeilge, go mbeinn i bhfabhar go gcuirfí teanga duine san áireamh sa reachtaíocht ar ghríosú fuatha.

Tá dreamanna in Éirinn nach labhraíonn mórán Béarla ná Gaeilge agus atá fíorleochaileach dá dheasca sin. Ní bhíonn na deiseanna céanna ar fáil dóibh i margadh an tsaothair ná i réimsí eile den saol. Gheofaí an méid céanna a rá fúthu siúd nach labhraíonn ‘an saghas ceart Béarla’ – pobal lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha agus i mbailte eile na tíre, inimircigh, an lucht siúil. Nuair a léirítear fuath do theanga nó do chanúintí na ndreamanna sin, nó nuair a léirítear fuath don phobal a labhraíonn ar na slite sin, caitear anuas ar ghrúpaí ar beag an chosaint atá acu.

Tá cás na Gaeilge difriúil. Dar ndóigh, caitear anuas uaireanta ar an nGaeilge agus orthu siúd a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha. Ní miste a aithint go bhfuil sciar de phobal na Gaeltachta leochaileach ar bhonn teangeolaíochta agus socheacnamaíochta. I dTuaisceart Éireann, is féidir le cainteoirí Gaeilge a bheith leochaileach sa mhéid is gurb ionann go minic an claonadh i gcoinne na Gaeilge agus claonadh i gcoinne pobal a bhí thíos ar feadh i bhfad mar gheall ar a gcreideamh agus a bpolaitíocht.

Bíodh sin mar atá, tá tacaíocht shuntasach ag an nGaeilge agus ag lucht labhartha na Gaeilge i reachtaíocht agus i sochaí na hÉireann. Tá seasamh réasúnta láidir ag an teanga laistigh d’fhearas an stáit. Tá stádas aici mar theanga náisiúnta, mar phríomhtheanga oifigiúil sa tír, agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach. Tá cosaint aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá Oifig an Choimisinéara Teanga ann le cúram a dhéanamh di.

Tá seasamh aici mar ábhar éigeantach agus mar chroí-ábhar sa chóras oideachais. Chomh maith leis sin, léiríonn suirbhéanna difriúla ó na 1970í i leith go bhfuil tacaíocht fhollasach ag an nGaeilge i measc phobal na tíre i gcoitinne agus go n-aithnítear í ina gné thábhachtach d’fhéiniúlacht na tíre.

Tá cuid den phobal a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha i measc na ndaoine is oilte sa tír agus bíonn deiseanna breise ar fáil dóibh de bharr go bhfuil smacht acu ar an teanga. Ina dhiaidh sin féin, bíonn Béarla ar a dtoil ag cainteoirí Gaeilge de ghnáth agus fágann sin cumhacht faoi leith acu i sochaí na tíre seo agus sa mhargadh idirnáisiúnta.

Dar ndóigh, ní i gcónaí a chomhlíonann an stát a chuid dualgas i leith na teanga, agus ní mar a chéile tacaíocht ghinearálta don Ghaeilge agus tacaíocht don phobal a labhraíonn í ar bhonn rialta. Mar sin féin, tá mé ag déanamh gur fearr a thacófaí leis an nGaeilge agus le pobal a labhartha dá ndíreofaí ar an reachtaíocht atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm mar is ceart agus acht teanga a chur leis an reachtaíocht i dTuaisceart Éireann.

Ina dhiaidh sin, fágtar an reachtaíocht ar ghríosú fuatha dóibh siúd a bhfuil cos ar bolg níos mó á himirt orthu i sochaí na tíre.

Fág freagra ar 'An smaoineamh maith é go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh do Ghaeilgeoirí?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    ‘Tá seasamh réasúnta láidir ag an teanga laistigh d’fhearas an stáit.’
    agus má chreideann tú é sin, tá droichead agam ar mhaith liom a dhíol leat.

  • Pól an Stól

    Sílim nach dtuigeann údar an ailt seo a dheacra is a bhíonn sé nuair a dhéantar iarrachtaí Gaeilge a úsáid, taobh amuigh den Ghaeltacht go háirithe. Is minic a chloisim gearán as mo theanga féin a úsáid. Agus ó thaobh na reachtaíochta de, is cinnte go bhfuil gá le cosaint a thabhairt go cúrsaí teanga. Chuala mé scéal faoi fhear i gCorcaigh a briseadh as a phost as Gaeilge a labhairt. Dhiúltaigh an fear sin gan Gaeilge a labhairt leo siúd a raibh fonn orthu í a úsáid. Ba cheart ar a laghad cearta a bheith ag an bpobal cibé teanga oifigiúil a úsaid ina gcuid oibre- ní shílim go bhfuil sé ceart go bhfuil cead ag fostóir bac a chur ar an nGaeilge sa láthair oibre, má tá Gaeilge ag an fostaí agus an custaiméir. An chaint seo faoi eitneas agus mar sin de, tá go maith- ach tá gá le cosaint don Ghaeilge- idir reachtaíocht fhuath-teanga agus reachtaíocht maidir le ceart an dá theanga oifigiúil a úsáid sa láthair oibre.