An ghrian ag cuidiú le hathchóiriú Shéipéal Fionntrá

Tá obair dheisiúcháin ar siúl ar Shéipéal Naomh Caitlín i gCorca Dhuibhne agus is mór an chabhair an dea-aimsir agus an séipéal gan díon

An ghrian ag cuidiú le hathchóiriú Shéipéal Fionntrá

Dar le cuid de thuataí tuisceanacha pharóiste Fionntrá, is é an Dr. Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, go méadaítear a ghlóir sna Flaithis, a sheol an brothall seo chugainn ionas go bhféadfaí séipéal an pharóiste sin a dheisiú gan dua gan doineann.

Tá corp an Mhoinsíneoir, a d’éag  i mí Iúl 2016, curtha i gclós an tséipéil agus, le déanaí, cuireadh fuinneog  gloine dhaite i gcuimhne an Fhiannachtaigh sa tséipéal.

Le tamall de laethanta tá obair dheisiúcháin ar siúl ar dalladh ar an séipéal seo, a tógadh i ndeireadh an naoú haois déag agus atá tiomnaithe do Naomh Caitlín, pátrún pharóiste Fionn Trá, a ndeirtear fúithi gurb í Catherine Alexandria í.

In Ard an Bhóthair atá an séipéal agus trasna an bhóthair uaidh tá tábhairne cáiliúil Pháidí Uí Shé, nach maireann.

Fad a bheidh an séipéal á dheisiú beidh an tAifreann á léamh gach tráthnóna Sathairn sa Halla Pobail i gCeann Trá. Beidh searmanais shochraide do pharóisteánaigh Fionntrá ar bun i Séipéal Naomh Muire sa Daingean.

Fág freagra ar 'An ghrian ag cuidiú le hathchóiriú Shéipéal Fionntrá'