An ghéarchéim tithíochta á plé sa Dáil – go leor ceisteanna, fíorbheagán freagraí agus

Léiríodh sa Dáil inné nach ceisteanna dáiríre a chuirtear le linn Cheisteanna na gCeannairí agus nach freagraí dáiríre a thugtar ach oiread…

An ghéarchéim tithíochta á plé sa Dáil – go leor ceisteanna, fíorbheagán freagraí agus

Tugadh léargas eile ar an ngéarchéim tithíochta sa tuairisc bhliantúil a d’fhoilsigh an cumann carthanachta Threshold inné.

Bhí fógra díshealbhuithe ag déanamh imní do dhuine as gach triúr a d’iarr cabhair ar an gcumann anuraidh, Dúradh sa tuairisc nach raibh an céatadán a raibh díbirt ag bagairt orthu (32%) chomh hard ó bunaíodh Threshold i 1978.

Dúirt cathaoirleach Threshold Aideen Hayden gur mar gheall ar árasáin nó tithe a bheith á ndíol, thar aon chúis eile, a dhíbrítear tionóntaí. Teastaíonn leasú gan mhoill ar an dlí, a dúirt sí, ionas go mbeadh dlí na hÉireann inchurtha leis an dlí i mórán tíortha eile. Mar shampla, ní cheadaítear díshealbhú mar gheall ar dhíolachán sa Ghearmáin, ná san Ísiltír, ná sa tSualainn.

Bhí an tAire Tithíochta Eoghan Murphy i láthair agus an tuairisc á seoladh maidin Dé Céadaoin. Dúirt sé go mbeadh cosaint bhreise do thionóntaí i reachtaíocht a fhoilseofar go luath, ach níor thug sé sonraí.

Pléadh tuairisc Threshold agus a ndúirt Aideen Hayden sa Dáil tráthnóna inné le linn Cheisteanna na gCeannairí. Is féidir an fhaisnéis nua a fuarthas ón Taoiseach de thoradh an cheistiúcháin a chuntas in abairt amháin.

Dúirt Leo Varadkar go bpléifí bille, ina bhforálfar méadú faoi dhó ar an tréimhse a thugtar do thionóntaí sula gcaithfidh siad imeacht tar éis fógra díbeartha a fháil, ag cruinniú an rialtais Dé Máirt seo chugainn. Táthar ag súil, arsa an Taoiseach, go mbeifear ábalta an bille a fhoilsiú go luath ina dhiaidh sin.

Níor nocht an Taoiseach sonraí an bhille ach chiallódh an méadú ar an bhfógra díbeartha a gheall sé gur fógra díbeartha 12 seachtain (in ionad sé seachtaine mar atá faoi láthair) a thabharfar feasta do thionónta tar éis bliain a chaitheamh in árasán nó i dteach. 

Chuir Micheál Martin i leith an rialtais nach raibh siad ag déileáil leis na fadhbanna ar bhonn práinne. Thagair sé do scéal tithíochta a d’inis bean a labhair ar an gclár raidió This Week. Codlaíonn sí féin agus cúigear páistí i seomra codlata amháin i dteach a máthar – teach ina bhfuil dháréag san iomlán ag cur fúthu. Bhí géarghá le reachtaíocht gan mhoill, a dúirt sé, chun tionóntaí a chosaint.

Mhol Mary Lou McDonald don Rialtas cosc iomlán ar ardú cíosa a fhógairt, agus faoiseamh cánach a thabhairt do thionóntaí. Dúirt Brendan Howlin nach raibh dlús á chur le tógáil tithe mar a bhí geallta ag an rialtas.

Sna freagraí a thug an Taoiseach ar cheisteanna an fhreasúra, dúirt sé gur tithe nua a thógáil réiteach na faidhbe, agus go dtógfaí idir 18,000-20,000 teach nua i mbliana. Taobh amuigh den fhaisnéis a thug sé faoi fhógraí díbeartha, atá faoi chaibidil thuas, níor thug sé faisnéis nua ar bith eile.

Chuir sé neamhshuim i gcúrsaí tithíochta i dTuaisceart Éireann i leith Shinn Féin: bheidís i mbun rialtais in Stormont dá mbeadh fonn orthu an scéal a leigheas, a dúirt sé, seachas a bheith á úsáid mar ghléas polaitiúil leis an rialtas a lochtú.

Chuir sé i gcuimhne don Lucht Oibre ina dhiaidh sin go raibh Alan Kelly ina aire comhshaoil go dtí le gairid (2016), agus nárbh fhiú mar sin aird rómhór a thabhairt ar a ngearáin. 

Mar a dhéanann sé go minic, sheachain an Taoiseach an deis pointí polaitiúla dá leithéid a scóráil agus ceisteanna cheannaire Fhianna Fáil á bhfreagairt aige. Níl athnuachan ar an gcomhaontú soláthair agus muiníne deimhnithe fós (beidh sula fada) ach choinnigh Leo guaim air féin.

Céard a léirigh an tréimhse ceistiúcháin, arís eile? 

  1. Ní ceisteanna dáiríre a chuirtear ná freagraí dáiríre a thugtar le linn Cheisteanna na gCeannairí.
  2. Is leor tuairisc tuairisceora de ghnáth chun ciall a bhaint as a ndeirtear.
  3. D’fhéadfaí smaoineamh gan stró ar bhealaí eile chun sásamh níos doimhne a bhaint as caint a mhair thart ar 20 nóiméad. Siúlóid, abair.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim tithíochta á plé sa Dáil – go leor ceisteanna, fíorbheagán freagraí agus'