‘An Ghaeltacht’ Dhigiteach agus 2016

Tá comharthaí dóchais ann go leanfar leis an bhforbairt ar ‘an Ghaeltacht’ ar líne sa bhliain atá amach romhainn

An Ghaeltacht

Caithfear go leor ama i mbliana ag breathnú siar ar ar tharla céad bliain ó shin agus in imeacht an chéid seo caite. Is iomaí casadh i scéal na Gaeilge ó cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun i 1893 agus sna blianta ó chonacthas a ‘ríocht beag Gaelach’ don Phiarsach i Ros Muc.

Ach is chun cinn ar an ríocht digiteach Gaelach a bheifear ag breathnú san alt seo agus ar na forbairtí lena bhfuil muid ag súil leo sa ‘Ghaeltacht Dhigiteach’ i 2016. (Caitheadh súil siar ar na forbairtí in 2015 anseo.)

D’fhéadfá a rá gurb é an cloch mhíle is mó ó thaobh na Gaeilge ar líne in 2016 ná go gcuirfear críoch leis an bhFoclóir nua. Bhíothas ag súil ar dtús go mbeadh focloir.ie críochnaithe i mí Nollag na bliana seo caite ach tá moill bheag ar an obair sin. Táthar ag súil anois len é a bheith críochnaithe i lár na bliana seo.

Bíodh súil againn freisin le haipeanna nua do na foclóirí atá ar teanglann.ie, togra eile foclóireachta atá ar bun ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire. Ar ndóigh, tháinig an leagan aipe de focloir.ie amach anuraidh (agus tá uasdátú le déanamh uirthi sin freisin i mbliana) ach tá aipeanna á bhforbairt d’fhoclóirí de Bhaldraithe, Uí Dhónaill agus don Fhoclóir Beag i láthair na huaire. Ní fios go fóill cé méid a bheidh críochnaithe faoin Nollaig seo chugainn ach beidh ceann nó dhó ann cinnte.

Foclóir-cropped3

Déanfar forbairt bhreise ar an suíomh teanglann.ie féin freisin i gcaitheamh na bliana seo. Cuirfear na mílte comhad fuaime agus gramadaí ar an dá shuíomh (focloir.ie agus teanglann.ie) agus tá ‘Inneall Gramadaí’ le cur ar fáil freisin.

Cuirfear le Corpas na Gaeilge i mbliana chomh maith, agus lucht na bhfoclóirí ag ullmhú don fhoclóir nua Gaeilge-Gaeilge atá ar na bacáin – ach maoiniú a bheith ar fáil dó. Beidh ábhar fuaime ó RTÉ Raidió na Gaeltachta á thras-scríobh agus á chur leis an gCorpas.

Ó thaobh na meáin shóisialta de, is deacair a rá céard é an chéad fhorbairt mhór eile a bheidh ar fáil i nGaeilge ach d’fhéadfá a bheith nach mór cinnte de nach mbeidh cibé forbairt a bheidh i gceist ar fáil sa teanga faoin Nollaig.

Is iondúil go mbíonn ar na haistritheoirí ar a laghad bliain go leith a chaitheamh le togra sula mbíonn sé réidh le heisiúint. Ba thrí timpiste a cuireadh Twitter ar fáil anuraidh, ach is beag an baol go dtarlódh sé sin arís le suíomh eile. Pé scéal é, níl aon chaint á déanamh go poiblí faoi láthair maidir le forbairt eile dá leithéid.

Tweet

An rud is fearr, is dócha, go bhféadfaí a dhéanamh ná brú a chur ar na comhlachtaí ar leo na suíomhanna seo chun a chur in iúl dóibh go dteastaíonn suíomh i nGaeilge uainn. Cuireadh tús le feachtas anuraidh chun brú a chur ar lucht Whatsapp an aip a chur ar fáil i nGaeilge ach níl tada tarlaithe fós. Dá n-éireodh le pobal ‘na Gaeltachta Digití’ díriú isteach ar shuíomh amháin – Instagram, YouTube nó Pinterest – agus tréaniarracht a dhéanamh leagan Gaeilge a fháil uathu bheadh obair mhór déanta acu. Dá mhéid mórshuíomhanna chuirtear ar fáil i nGaeilge, is ea is fearr an seans go ndéanfadh suíomhanna eile amhlaidh.

Níl aon teacht fós ar na leaganacha Gaeilge d’aipeanna na mórshuíomhanna atá ar fáil i nGaeilge cheana féin.

Tugadh le fios anuraidh go rabhthas ag obair ar an leagan aipe de Twitter ach níl tada cloiste againn ó shin. Dúradh nuair a seoladh Gmail dhá bhliain ó shin go mb’fhéidir go mbeadh an aip le cur ar fáil i nGaeilge dá mbeadh tóir ar an leagan deisce de.

Gmail Gaeilge 1000px

Idir an dá linn, tá lucht Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag obair leo agus muid ag súil le tuilleadh ábhar a bheith ar fáil ar na suíomhanna tearma.ie, dúchas.ie, logainm.ie agus ainm.ie.

Tá ábhar Contae Chorcaí, Gaeltacht Mhúscraí Uí Fhloinn san áireamh, le foilsiú ar an suíomh dúchas.ie i mbliana.

Beidh Meitheal Logainm á chur le chéile don bhliain 2016 freisin, agus beidh deis ag grúpaí taighde áitiúla agus taighdeoirí aonair a gcuid taighde ar mhionlogainmneacha a chur leis an mbunachar atá ag logainm.ie. Beidh gráid éagsúla ann do lucht bailithe an eolais agus socrófar cé acu an dtaispeánfar nó nach dtaispeánfar an t-eolas a bhailítear ag brath ar stádas an bhailitheora, díreach mar a dhéantar i gcás Mheitheal Dúchas.

Tá sé i gceist anois go gcuirfí léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann ar fáil ar logainm.ie go luath agus lucht Fiontar ag súil go mbeidh léarscáil Ghaeilge den tír ar fad ar fáil i 2016.

Duchas

Tá Coláiste na Tríonóide ag déanamh a gcuid don ‘Ghaeltacht Dhigiteach’ agus inneall nua aistriúcháin á fhorbairt acu i bpáirt le grúpaí eile. Tá leagan píolótach den inneall forbartha cheana agus nuair a bheidh an ‘Tapadóir’ seo réidh, táthar ag súil go mbeidh sé mar áis bhreise ag aistritheoirí sna ranna rialtais.

Dearadh an t-inneall seo go sonrach don Ghaeilge agus d’aistritheoirí gairmiúla agus is beag an baol mar sin go mbeidh tuilleadh Google-Ghaeilge á cur amach mar thoradh ar an bhforbairt seo.duolingo-logo

Níl inseacht béil ar an rath atá ar an aip d’fhoghlaimeoirí Gaeilge a chuir Duolingo amach sa bhliain 2014. Rinne Tuairisc.ie léirmheas ar an aip nuair a tháinig sé amach ar dtús agus roinnt laigí fós ann, ach tá feabhas curtha uirthi ó shin i leith agus os cionn 1.4 milliún duine anois ag foghlaim na Gaeilge uirthi.

Tuigtear do Tuairsic.ie go bhfuil aip nua ar na bacáin a sháróidh Duolingo – dar le lucht a déanta. Coinneoimis súil ghéar amach di sin.

Ar deireadh, chuir Conradh na Gaeilge achainí isteach chuig an gcomhlacht Apple an bhliain seo caite ag iarraidh orthu bogearra a chruthú ar chuma Siri a d’aithneodh an Ghaeilge.

Tá an-obair déanta ag lucht abair.ie i gColáiste na Tríonóide sa réimse seo agus cá bhfios cén úsáid a d’fhéadfadh Apple nó dream eile a bhaint as an teicneolaíocht sin ar fhóin phóca agus araile.

Fág freagra ar '‘An Ghaeltacht’ Dhigiteach agus 2016'

  • Tuigim

    Maith iad ar fad a chuir na rudaí seo ar fáil dúinn.
    Le Ghaeltacht Dhigiteach is Gaeltacht í an domhan ar fad agus b’fhéidir níos faide ná sin ;)
    Tá spás fíorálainn ♥

    • Pól Réamonn

      Rud amháin atá áirithe, tá níos mó acmhainní atá ar fáil dúinn inniu ná nuair a bhí mé ina mhac léinn.

  • Glór í Eo

    An-shuimiúil ach gan scéal ar bith faoi app le haghaidh tuairisc.ie? Bhfuil na pleananna curtha ar ceal?