‘Meitheal Logainm’ á forbairt ag Fiontar

Uirlis chun sonraí logainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt a bheidh sa mheitheal nua

 

logainm_en

 

Tá togra nua á fhorbairt ag foireann Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire dar teideal ‘Meitheal Logainm’.

Is scoil idirdhisciplíneach de chuid na hOllscoile é Fiontar atá i gceannas na suíomhanna tearma.ie, logainm.ie, ainm.ie, duchas.ie agus gaois.ie.

Beidh Meitheal Logainm ar fáil faoi dheireadh na bliana seo. Uirlis chun sonraí logainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt a bheidh inti.

Cuireadh tús le Meitheal Dúchas ag tús na bliana seo, togra ina n-iarrtar ar an bpobal trascríobh a dhéanamh ar na leaganacha digitithe d’ábhar Bhailiúchán na Scol, atá ar fáil saor in aisce ar duchas.ie.

Tá an sluafhoinsiú an-choitianta ar fad sa lá atá inniu ann agus é in úsáid ag an togra Letters 1916, Twitter agus Google chun obair mhór a chur i gcrích.

Tá 263 ball cláraithe le Meitheal Dúchas anois agus tá os cionn 4,716 leathanach trascríofa ag na baill sin faoin am seo. Is ionann an méid sin agus 9% den ábhar ar fad atá ar fáil.

Fág freagra ar '‘Meitheal Logainm’ á forbairt ag Fiontar'