Feachtas ar bun ag éileamh leagan Gaeilge de Whatsapp

Tá feachtas litreach curtha ar bun ar an idirlíon chun brú a chur ar an teachtaire Whatsapp leagan Gaeilge dá sheirbhís a chur ar fáil

whatsapp-logo

Ar an ngrúpa Facebook Gaeilge Amháin a d’iarr Félim Boland ar dtús go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den bhogearra cadrála.

Tá Whatsapp á shlua-aistriú go os cionn seachtó teanga faoi láthair – an Chatalóinis agus dhá chanúint Phortaingéilise ina measc.

Is éard atá i gceist leis an sluafhoinsiú (crowd-sourcing) seo ná go mbíonn úsáideoirí na seirbhíse á n-aistriú trína gcuntas Twitter nó Facebook ar an suíomh translate.whatsapp.com.

Cuireann na húsáideoirí leagain aistrithe d’abairtí nó téarmaí ar an suíomh agus déanann úsáideoirí eile, a bhfuil an teanga acu, vóta a chaitheamh don leagan aistrithe is fearr leo. Faomhtar na leagnacha aistrithe a gcaitear líon áirithe vótaí dóibh.

Is é seo an córas a úsáideadh le Facebook agus WordPress a aistriú agus tá an coras céanna in úsáid faoi láthair ar aistriú Twitter.

Meastar, ó tharla gur le Facebook an áis curtha teachtaireachtaí Whatsapp, gur mó seans go dtabharfar cluas éisteachta don fheachtas litreach.

Tá an feachtas faoi lán seoil ar mheáin shóisialta eile freisin ar nós Twitter. Ní fios go fóill cén freagra a bheas ag Whatsapp ar an éileamh.

Is áis curtha teachtaireachtaí don ghuthán cliste é Whatsapp a ligeann do úsaideoir teachtaireachtaí a sheoladh saor in aisce. Tá sé ar fáil don iPhone, do ghutháin Android, Windows, Nokia agus Blackberry.

Féadtar idir théacs, fhíseán, fhuaim agus phictiúr a sheoladh ar Whatsapp agus réitíonn an méarchlár Gaeilge Adaptxt leis.

Cheannaigh Facebook Whatsapp anuraidh agus tá sé ar cheann de na háiseanna fóin is mó tóir ar domhan.

Fág freagra ar 'Feachtas ar bun ag éileamh leagan Gaeilge de Whatsapp'