Aip nua don fhoclóir Béarla Gaeilge ar fáil – agus ní theastaíonn uait a bheith ar líne

Seoladh aip nua don fhoclóir nua Béarla Gaeilge nach gá a bheith ceangailte leis an idirlíon chun a úsáid, an chéad Aip i sraith aipeanna foclóireachta atá beartaithe ag Foras na Gaeilge

Eimear Ní Chonaola ó TG4 agus an Aip á seoladh aici ag Scléip na hÓige, Oireachtas na Samhna, 29 Deireadh Fómhair.
Eimear Ní Chonaola ó TG4 agus an Aip á seoladh aici ag Scléip na hÓige, Oireachtas na Samhna, 29 Deireadh Fómhair.

Tá an Aip nua don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil don phobal anois. Sheol Eimear Ní Chonaola ó TG4 í ag Oireachtas na Samhna.

Cuireann an aip ar chumas na n-úsáideoirí an foclóir a bheith ar fáil ar an nguthán póca nó ar tháibléad acu gan bheith ceangailte leis an idirlíon. Nuair a dhéanfar breisiú nó leasú ar ábhar an Fhoclóra amach anseo, déanfar an Aip a nuashonrú dá réir. Is í seo an chéad Aip i sraith aipeanna foclóireachta atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, mar chuid dá straitéis go mbeidh na hacmhainní foclóireachta is nua-aimseartha agus is cuimsithí ar fáil don Ghaeilge.

Tá breis eolais maidir leis an aip le fáil ag https://www.focloir.ie/ga/page/app.html.