An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?

Sa tsraith nua seo, caitheann ár léirmheastóir súil ar a bhfuil d’fheidhmchláir ann do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim. An tseachtain seo: Duolingo...

iphone5-in-hand

An té a mbeadh sé de chrógacht ann tabhairt fé gheábh thar lear i láthair na huaire agus tamall den gheimhreadh Gaelach a fhágaint ina dhiaidh, tugadh sé fé ndeara go bhfuil costas an aerthaistil anois ag titim chomh tapaidh le heitleáin bhradacha Rúiseacha. Ach pé plean taistil atá ag clanna Gael don am atá amach romhainn, ní gá d’aon duine feasta a bheith spleách ar an mBéarla sa teagmháil dó leis an saol mór. Míneod a bhfuil i gceist agam.

Is mó duine ar fud an domhainín seo a labharfadh ar na deacrachtaí a bhaineann le teangacha iasachta a shealbhú, agus ar a dhonacht is a múineadh ar scoil dóibh iad, agus dar ndóigh, is mar thoradh ar chúinsí den chineál seo a d’úsáidfeadh roinnt daoine an focal ‘fuath’ i dtaca le pé teanga a bheadh i gceist.

Ba é an tuiscint a bhí agamsa ar an méid seo ar feadh i bhfad ná nach raibh san fhoghlaim teangacha ach caitheamh aimsire ar leith nár chuir ach dornán geekeanna suim ann. Ach i bhfianaise na tóra atá anois ag daoine ar fheidhmchláir le haghaidh foghlaim teangacha, tá malairt tuairime ag teacht orm. Is minic anois a bhíonn fuaimeanna Duolingo le clos, mar shampla, ó chomhphaisnéirí dhom ar bhusanna agus ar thraenacha srl. ag ciorrú an bhóthair dóibh féin ar bhealach thar a bheith oideachasúil. Is ea, is maith le daoine a bheith ag foghlaim teangacha.

Baineann buntáistí ollmhóra leis na feidhmchláir seo a bhunaítear ar na tuiscintí is nua-aimseartha san fhoghlaim teangacha, seachas na modhanna traidisiúnta a chuir mórán daoine ó dhoras san am a caitheadh. Ceadaíonn na feidhmchláir seo don fhoghlaimeoir a bheith solúbtha ó thaobh ama, gan a bheith ceangailte le múinteoir ná le rang ná le téarma scoile ná le sceideal an chórais iompair phoiblí. Ceadaítear dó a bheith solúbhtha ó thaobh suímh, leis, a chuid foghlama á dhéanamh ina sheasamh ar an Luas nó ina shuí ar rothar seasta an ionaid spóirt áitiúil más maith leis é, nó gan an tigh a fhágaint in aon chor maran gá sin dó.

Is minic gur féidir airgead a shábháil dá mbarra, agus anuas air sin, tá go leor de na comhlachtaí seo ag tairiscint táillí speisialta i láthair na huaire san iarracht dóibh teacht i dtír ar rúin uaillmhianacha na hathbhliana a dhéanann mórán daoine i mí Eanáir.

Ón uair go bhfuil leaganacha nua den chineál seo feidhmchláir á bhforbairt ag dreamanna éagsúla an t-am ar fad, shocraíos-sa go dtabharfainn cuntas ar na tréithe is suntasaí de na feidhmchláir is fearr dá bhfuil le fáil. Córas na gcúig réalt a bheidh mar shlat tomhais agam sa tsraith léirmheasa seo. Tosnaímis le Duolingo!

 

duolingo-logo

 

Duolingo ****

Is mó táirge d’fhoghlaim teangacha atá le fáil saor in aisce ar líne, ach go bhfios dom, níl oiread is ceann amháin acu atá in aon ghiorracht do bheith chomh maith le Duolingo. Is féidir Duolingo a úsáid ar an ríomhaire nó ar an nguthán cliste, ach ní mór ceangal idirlín a bheith agat len é a úsáid i gceart; níl córas rómhaith ann chun na haonaid a stóráil ar do ghléas, sa tslí is go bhféadfá é a úsáid nuair nach mbíonn ceangal idirlín agat, agus is minic a bhaintear de do ghléas aonaid a bheadh críochnaithe agat cheana.

Baineann éagsúlacht ar fónamh leis an sórt ceachta atá le fáil sa bhogearra, agus is é an ceann is dúshlánaí agus is tairbhí acusan, b’fhéidir, ná an trascríobh a iarrtar ar an bhfoghlaimeoir a dhéanamh ar abairtí ón sprioctheanga. Uaireanta, bíonn blas an róbait ar na taifeadtaí a chloistear, leithéid an tSintéisitheora Gaeilge ar abair.tcd.ie, mar shampla.

Gné a bhaineann le Duolingo nach mbaineann leis na feidhmchláir eile atá tástáltha agam ná gur féidir úsáid a bhaint as foclóirí an téacs réamhthuarthaigh ar do ghuthán agus freagraí á soláthar agat. Is fuirist foclóir réamhthuarthach don sprioctheanga áirithe a íoslódáil ar do ghléas, agus bíonn sé seo ina bhuntáiste mór don té a bheadh ag foghlaim teangacha mar an Rómáinis, a mbíonn an-chuid comhartaí diaicritice i gceist léi, sa tslí is ná gá dó a chuid ama a chur amú ag útamáil le scáileán an ghléis ag cuardach na gcarachtar ait seo.

Ag an am céanna, tiocfaidh cathú ar fhoghlaimeoirí áirithe gan máistreacht a dhéanamh ar chóras ortagrafaíochta na sprioctheanga ón uair go mbíonn an foclóir réamhthuarthach sásta an cion sin den obair a dhéanamh ar a shon. Bíonn an feidhmchlár seo ag tathant ar an bhfoghlaimeoir a bheith ag déanamh beagáinín gach lá, ag dul siar ar an méid a foghlaimíodh cheana, bunriachtanas san fhoghlaim teanga, agus de bharr go bhfuil cuma an chluiche físeáin ar leagan amach an fheidhmchláir, meallfar idir óg is aosta ar ais go dtí é arís agus arís eile.

Is féidir nascadh le cairde le dul in iomaíocht leo chomh maith tríd an bhfeidhmchlár, agus má tá sé d’ádh ort cuntas LinkedIn a bheith agat, foilseoidh Duolingo tuairisc ar do chuid dul chun cinn go poiblí nuair a bheidh ar a laghad 30% de do chúrsa curtha i gcrích agat.

Agus cé nach slachtmhar ná ciallmhar ar fad é an saghas Gaeilge a mhúintear ann (locht a fhaightear go forleathan ar phacáistí teanga eile de chuid Duolingo chomh maith), tá an eagraíocht freagrach as 1.24 milliún foghlaimeoir a mhealladh chun an phacáiste Gaeilge go dtí seo. Ní miste a lua mar bharr maise ar an scéal gur gearr go mbeidh Klingon ar fáil mar sprioctheanga acu.

Féachfaimid ar Transparent an tseachtain seo chugainn!

Fág freagra ar 'An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?'

  • Fionn

    Is fíor-spéisiúil é seo go léir. Ach ní fheadair anois ar chóir dom féachaint chuig an Klingon. Seo mar a bhí agam in aitheasc beag ag bainnis iníon dom, san Iodáil leath-bhliain ó shin, agus líon mór gaolta agus cairde againn as Éirinn ann:

    May I congratulate the lovely couple as Mr Spock would say in Star Trek: “Lunga vita e prosperità”. Nó lig dom é sin a rá sa chaoi seo, ar son na síoraíochta: Go maire sibh rathmhar.

  • eilis

    Ar an gcéad dul síos mholfainn d’aon duine atá ag iarraidh a scileanna Gaeilge a chleachtadh fáil réidh leis an iPhone atá agaibh sa phictiúr thuas agus fón Samsung a úsáid ina ionad! Is é Samsung an t-aon chomhlacht a chuireann comhéadan iomlán Gaeilge ar fáil ina gcuid gléasanna uile. Bealach iontach is ea le cur le do scileanna Gaeilge agus í a chleachtadh i do shaol laethúil. Má tá gléas Samsung agat, teigh go Settings, Language agus feicfidh tú go bhfuil an Ghaeilge sa liosta mar rogha teanga. Bain sult as!