An é síorleagadh dealbh an réiteach is fearr ar athrú meoin an phobail?

Ba chóir go mbeadh díospóireacht mheáite ann sula dtugtar faoi dhíchoimisiúnú deilbhe

An é síorleagadh dealbh an réiteach is fearr ar athrú meoin an phobail?

Dealbh de Sheán Russell, iarCheann Foirne an IRA, i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is mó dealbh agus leacht cuimhneacháin (gan trácht ar phlaiceanna agus sráid-ainmneacha) atá ag seasamh in áiteanna poiblí ar fud na tíre seo (agus i dtíortha eile) le fada an lá, ach nach dtógfaí iad sa lá atá inniu ann. Ní thógfaí iad mar gheall ar an athrú meoin a thagann ar an bpobal faoi na cineálacha gaiscí a maítear ar son an té atá á chomóradh.

Ar ndóigh, ní minic an pobal ar fad ar aon intinn faoi na cúrsaí seo: náire agus fearg ar dhaoine áirithe, cuid eile, ar nós cuma liom fúthu.

Ach má táthar ag caint ar fáil réidh le dealbh nó le leacht faoi leith, mar gheall ar an athrú meoin seo a thagann ar an bpobal, níor mhór a bheith cúramach faoin ngnó ar fad: caithfidh na critéir don ‘díshealbhú poiblí’ seo a bheith soiléir agus seasmhach.

Bhain conspóid le Seán Russell ina lá, agus baineann conspóid lena cháil i gcónaí. Chuile sheans nach mbeadh formhór mór an phobail in Éirinn an lae inniu ag aontú, beag ná mór, le tuairimí ná le bearta míleata agus polaitíochta Russell, go háirithe an bhaint a bhí aige leis an réimeas Naitsíoch agus é ag lorg cúnaimh do bhearta an IRA.

Tá sé intuigthe go mb’fhearr le go leor daoine nach mbeadh dealbh ag seasamh in áit phoiblí ag tabhairt ómóis dó. Agus, ar ndóigh, ní rud nua é (in aon tír) dealbha nó leachtanna a bheith á mbaint anuas (nó athbhaisteadh a bheith á dhéanamh ar ionaid phoiblí), nuair a athraíonn meon an phobail nó fiú nuair a athraíonn an drong cheannais.

Ach shílfeá, i gcás stáit dhaonlathaigh mar atá againn in Éirinn, gur chóir go mbeadh díospóireacht mheáite nó cur agus cúiteamh staidéartha ann faoin scéal seo, sara dtugtar faoi dhíchoimisiúnú deilbhe nó a leithéid: is cinnte go spreagfadh cás amháin tuilleadh éileamh ar a leithéid.

An é síorleagadh dealbh agus leachtanna an réiteach is fearr ar an athrú meoin a thagann ar phobal i bhfad na haimsire i leith eachtraí agus pearsana áirithe staire?

Ach an stair a bheith á hiniúchadh go cáiréiseach agus go hoscailte (agus á múineadh sna scoileanna), shílfeá go mbeadh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar céard atá (agus a bhí) i gceist leis na dealbha agus na leachtanna cuimhneacháin seo.

Agus, má tá an pobal fós den dtuairim, i ndiaidh díospóireachta meáite, nár chóir aitheantas poiblí a thabhairt níos mó don té atá á chomóradh, tá bealaí ann (le toil institiúidí daonlathacha an phobail) chun géilleadh do thoil an phobail.

Fág freagra ar 'An é síorleagadh dealbh an réiteach is fearr ar athrú meoin an phobail?'

  • Feardorcha

    B’ait liom riamh an ghráin a thug daoine áirithe do Sheán Russell agus ag an am céanna an gean a léiríodh do Frank Ryan – beirt a bhí ag oibriú as lámha a chéile ar son na Poblachta.

  • Seán Mac Bhriain

    An féidir a rá go raibh Ó Connaill gan locht (gan ach sampla amháin a thabhairt).