An Druid dulta go dtí dúthaigh John B. sa tóir ar fhírinní síoraí Sive

LÉIRMHEAS: Pé rud eile faoi, tugann léiriú Druid ar ‘Sive’ sa Gaeity faoiseamh dúinn ó leadrán na gcéadta léiriú, amaitéarach agus eile, a chuir caidhp an bháis ar scread feirge John B. Keane

An Druid dulta go dtí dúthaigh John B. sa tóir ar fhírinní síoraí Sive

Achoimriú gearr ar an bplota: déagóir óg scoile í Sive, leanbh tabhartha ar fheirm bheag dhearóil a huncail. Is bitseach chríochnaithe a haintín Mena. Bean nimhneach atá tiomanta chun Sive ‘a dhíol’ fá choim ar £200 i gcleamhnas le feirmeoir láidir, seanchreatlach fir agus cos leis san uaigh. Cleamhnas a d’eagraigh an graibeálaí claon Thomasheen Seán Rua, slíomachán lofa fir -scáthán fireann Mena sa togra náireach céanna. 

Sive feimineach don aonú haois is fiche? Sive iar-mhí-úsáid na bpáistí? Sive iar-na Kerry Babies? Sive iar-#MeToo? Bulaí-choincheap, más ea, a dhear Garry Hynes. Pé rud eile faoi, tugann an Sive seo faoiseamh dúinn ó leadrán na gcéadta léiriú, amaitéarach agus eile, a chuir caidhp an bháis ar scread feirge príomhordúil John B. Keane thar na mblianta anall. Léirithe a stálaigh dráma pléascánta fhear Lios Tuathail.

Géillim gur deacair an ‘drisiúr’ a bhualadh mar cliché in amharclannaíocht Éireann an fichiú haois. Dear seit ingearach, áfach, agus carnaigh túr ceithre dhrisiúr ar airde ina lár agus tá an sean-nath seargtha iompaithe ar a cheann agat. Daingean, carcair, príosún atá anois agat – túr géibhinn ina bhfuil an leanbh mná álainn Sive sáinnithe. Í faoi ghlas ag dúchas agus nósanna agus ainnis agus saint agus piseoga agus seirbhe agus binbe na ndrochbhlianta – carnán lofa na nglúnta a d’imigh roimpi. Cailín bocht eile gan aon chumhacht, fágtha sa bhfaopach ag fórsaí claonta shochaí dhúnta an choimeádachais.

Más é sin mo léamh ar luí Sive an Druid sa Gaiety, cén sórt asarlaíochta a thugann Garry Hynes dúinn an dul seo? An bhfuil eilimintí uile an dráma ag freagairt dá chéile? An bhfuil na dearaí go léir – stáitse, soilse, fuaim, feistis – ag ceol as an umar céanna? Creidim go bhfuil.

An bhfuil leibhéal comónta foirfeachta sroichte ag na haisteoirí? Nó an bhfuil meascán stíle agus cuir chuige éagsúla ag teacht salach ar a chéile? Má tá míchothromaíocht chanúna ann, agus tá, an bhfaightear away leis? An seasann gach taispeántas ar a dhá chois féin, agus fiú má sheasann, conas mar a luíonn siad le hais a chéile san iomlán?

Is cuma sa sioc liom gur athraigh Hynes inscne na dtincéirí – ainmfhocal, dála an scéil, a úsáidim i gcomhthéacs stairiúil an dráma. Is treise dá bharr, agus is gaire don dúchas féin mallachtaí feanntacha ‘Pats Bacach’ Marie Mullen. Bhíodh caint ag mo sheanmháthair féin faoi ‘mallacht an tincéara mná’. Crúnn Mullen gach aon bhraon sásaimh as an séideán gaoithe a thugann sí chun beatha. Tá chuile rud ceart aici, an guth, an gheáitsíocht. Tá an grá agus an mhailís ar éileamh aici, fá seach, de réir mar a oireann siad dá cuspóir. Tá seod thar luach eile i láithreacht stáitse Marie Mullen – údarás.

Ach má thugann Mullen sainmhíniú nua ar a páirt siúd, is iad ‘Mena’ agus ‘Thomasheen Seán Rua’ ceartlár, croí, inneach, inneall tiomána, míniú, putóga, bun, barr, tóin, eireaball, mol, buthal agus brí Sive. Maitheann an dráma dóibh aon laigí beaga a bheadh in aon charachtar eile. Ach is snámh in aghaidh easa don léiritheoir mura roghnaítear aisteoirí a thabharfaidh ‘Mena’ agus ‘Thomasheen’ iomlán foirfe chun beatha dó, nó di. Cuirtear ailtireacht an dráma as a riocht mura mbíonn cothromaíocht idir thaispeántais na díse damanta sin.

Tá rud álainn ar fad déanta ag Tommy Tiernan le ‘Thomasheen Seán Rua’. Rud nach rabhthas ag súil leis. Aisteoir iontach fisiciúil é Tiernan. Is geall le rinceoir bailé comhaimseartha é ina chuid gluaiseachtaí. Is léir anois go raibh mímeadóir den scoth i bhfolach i bhfuirseoir na hUaimhe. Thairis sin, tá bagairt agus plámás, calm agus pléascántacht ann chomh maith le  tuiscint, uainíocht, géarchúis, samhlaíocht agus fuinneamh – i mbéarlagair Chiarraí, ‘Tá an full fwaic aige’.

Níl haon smál gairmiúil ar Andrea Irvine mura sásaíonn a taispeántas éilimh phríomhordúla uilig Mena. Is sár-aisteoir cruthanta ina réimsí ildánacha féin í, ach ní ise, Feirsteach mná, a roghnaigh í féin don ról. Ní haon locht uirthi nach raibh teacht aici ó dhúchas ar thuin aintíní tuaithe na gcupán leanúnach tae, ná rithimí cainte chomharsana na gceapairí mairteola sléibhe. Is dúshlán é nach bhfuil blas Ladhar a’ Chrompáin go nádúrtha ina cluas, ach ní mairg an méid sin dar a ‘Mena’. I bhfeabhas a d’imigh cúrsaí nuair a luigh sí isteach ar a ról – bhí mír an cháca milis le Sive foirfe. Agus bhain sí splanc as an idirphlé binbeach idir í féin agus ‘Nanna’ Barbara Brennan. Tá Barbara, mar is dual di, os cionn a buille arís an babhta seo.

Bhíos an-tógtha le debut gairmiúil stáitse Gráinne Good – Sive an teidil. Rug sí greim iontach ar ghlaine croí an chailín, agus ar mhilseacht an chaidrimh gheanmnaí idir í is a searc óg buachalla Liam Scuab. Má tá macallaí Saoirse Ronan inti, tá sin intuigthe. Ní haon ualach uirthi an méid sin, ná ní haon ábhar gearáin é ach an oiread.

Teanga seachas ceardaíocht ná plota John B. Keane a iompraíonn fírinní síoraí Sive. Braithim uaim i gcónaí an chluas choiteann a thug bealach isteach do The Southern Theatre Group i gCorcaigh ar shícé agus ar thírdhreach teanga phobal John B – pobal a mhaireann fós ar na hardtailte sceirdiúla idir Cnoc na gCaiseal agus Ladhar a’ Chrompáin. Dúthaigh Sive, Sharon’s Grave, The Year of the Hiker. Dúthaigh John B.

Murar tháinig Béarla na hÉireann Chiarraí Thuaidh iomlán slán as an léiriú reatha, is trua sin, ach tá cúitimh eile aimsithe ag compántas Gary Hynes a chuireann le stór agus stair agus seasamh an dráma.   

Seasca bliain ar aghaidh, tálann Sive go fial fós orthusan a ghéilleann di. 

Fág freagra ar 'An Druid dulta go dtí dúthaigh John B. sa tóir ar fhírinní síoraí Sive'

  • Ailbhe

    Pé rud faoin léiriú féin, sárphíosa scríbhneoireachta atá sa léirmheas seo…

  • Feardorcha

    An-léirmheas go deo.