An daonra méadaithe ach tá thiar ar thrí réigiún an iarthair i gcónaí

Braitheann stádas réigiún sa saol mór ar an gcaighdeán maireachtála, i dtéarmaí airgid agus rachmais, i gcomparáid le réigiúin eile

An daonra méadaithe ach tá thiar ar thrí réigiún an iarthair i gcónaí

Lá Stáisiúin amuigh faoin tuath i gceantar Bhaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe os cionn 30 bliain ó shin. Bhí Easpag Chluain Fearta san am, an Dr Seán Ó Ciarba ann. Bhí a chluasa biorraithe aige ag éisteacht leis an gcomhrá agus an tae á roinnt amach mar a bhíodh laethanta Stáisiúin san am sin. Thug sé suntas do cheathrar feilméaraí agus an scéal brónach a bhí acu; bhíodar in ísle brí. Ní raibh fonn ar dhuine ar bith dá gclann a bhí ag éirí aníos fanacht ar an ngabháltas dúchais. Bhíodar ag tabhairt cúl don tuath, cúl leis an bhfeilm, cúl leis an gceantar.

B’as an gcomhrá sin a d’fhás gluaiseacht na nEaspag san iarthar agus san iarthuaisceart sna 1990idí.

Tarraingíodh aird ar an gcúlú san iarthar agus san iarthuaisceart – easpa fostaíochta, easpa seirbhísí ar chaighdeán sásúil, easpa infreastruchtúir agus an baol a bhí ann go mbánófaí an réigiún. Thugadar ceannaireacht, tharraing siad cruinnithe, fuaireadar aird sna meáin sna réigiúin agus i mBaile Átha Cliath.

Tugtar síos dóibh go mba iad ba chionsiocair le Stádas Tacaíochta Grád a hAon na hEorpa a choinneáil in iarthar na hÉireann.

Tarraingíodh an oiread sin airde ar ghluaiseacht na nEaspag gur eagraíodh cruinniú Rialtais i mBealach an Doirín i gcontae Ros Comáin agus b’ansin a bunaíodh Coimisiún Forbartha an Iarthair. Déanann an Coimisiún go leor taighde agus foilsítear tuairiscí. Foilsíodh ceann tráthúil le gairid. Eolas agus staitisticí atá i gceist agus iad bunaithe ar an gcéad tuairisc a foilsíodh bunaithe ar Dhaonáireamh na bliana anuraidh.

Mar a rinneadh 30 bliain ó shin nuair a chuaigh na hEaspaig i mbun gnímh, tá an bhéim i dtuarascáil an Choimisiúin ar stádas an iarthair agus an iarthuaiscirt i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. Contaetha Dhún nan Gall, an Chláir agus Chúige Chonnacht atá i gceist.

Ar an gcéad iarraidh, tá an daonra ag méadú sa réigiún, 886,385 atá anois ann i gcomórtas le 828,697 i nDaonáireamh 2011. Sin ardú 7% in imeacht na 6 bliana is deireanaí. Fágann sin go bhfuil 17.2% de dhaonra Phoblacht na hÉireann lonnaithe i réigiún an iarthair agus an iarthuaiscirt anois. I gcomhthéacs na staire, 30.7% de dhaonra na hÉireann bhí lonnaithe sa gceantar in 1841 agus 18.2% den daonra a bhí ann nuair a chuaigh na hEaspaig i mbun a bhfeachtais i dtús na 1990idí.

Ar ndóigh is comhartha maith é go bhfuil an daonra ag méadú san iarthar agus san iarthuaisceart – 25.7% in imeacht na 10 mbliana idir 2012 agus 2022. Ach ar an taobh eile den scéal, tá méadú 32.7% ar an daonra sa gcuid eile den tír sa tréimhse chéanna.

Beag beann ar staitisticí an daonra, tá comharthaí ann go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar an saol sna réigiúin thiar ó aimsir ghluaiseacht na nEaspag. Mar shampla, feictear ón scagadh a rinne Coimisiún Forbartha an Iarthair ar an Daonáireamh go bhfuil carranna anois i 93% de na tithe agus na háiteanna cónaithe i gcontae na Gaillimhe. Cé nach bhfuil an figiúr seo sa Daonáireamh, tá €75 milliún curtha i dtaisce anois sa dá Chomhar Creidmheasa atá ag freastal ar phobail Chonamara. Tuigeann duine ar bith a thug séirse ag tabhairt lámh chúnta i ngluaiseacht na gComhar Creidmheasa gurb in athrú mór saoil.

Ach, braitheann stádas réigiún sa saol mór ar an gcaighdeán maireachtála, i dtéarmaí airgid agus rachmais, i gcomparáid le réigiúin eile.

“Is é an t-airgead atá ag daoine ina bpócaí le caitheamh i rith na seachtaine an tomhas is fearr ar stádas réigiún,” a deir John Daly, eacnamaí sinsearach atá ag obair le Comhthionól an Iarthuaiscirt, ceann d’eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh sna réigiúin. “Faoin tráth seo, níl ach 84% den mheán i bPoblacht na hÉireann i bpócaí mhuintir an iarthair agus an iarthuaiscirt.” Bhí an céatadán sin ardaithe go dtí 92% deich mbliana ó shin.

Míníonn an tUasal Daly go bhfuil réigiún an iarthair agus an iarthuaiscirt ar an 17ú réigiún is lú forbairt agus rachmas as na 234 réigiún i gcóras réigiúnach na hEorpa.

Tuige?

Easpa infreastruchtúr sásúil ar bhealaí go leor. Easpa caiteachais ar an oideachas ardleibhéil. Easpa dóthain ceantair chathrach agus ceangal láidir daonra sna bailte móra.

An leigheas?

Luann an tUasal Daly – agus seo é polasaí an Chomhthionóil – go dteastaíonn infreastruchtúr ar nós an bhóthair timpeall chathair na Gaillimhe agus bóithre eile. Leagtar béim ar fhorbairt chalafort Ros an Mhíl agus ar an infreastruchtúr a theastaíonn le haghaidh tionscal na muilte gaoithe amach ón gcósta thiar. Tharraing sé aird ar an tuarascáil a rinne Údarás na Gaeltachta faoin gcalafort agus dúirt go dtugann sé léargas réadúil ar na buntáistí a bhainfeadh le tionscal na gaoithe ar muir. Mhínigh John Daly nach bhfuil ach calafort agus ionad amháin in Éirinn uilig anois a bheadh in ann láimhsiú iomlán a dhéanamh ar mhéadú mór ar thionscal na gaoithe – agus sin é Béal Feirste.

Teastaíonn airgead agus molann an Dálach go dtabharfaí buntáistí breise airgid do thionscnaimh agus do sheirbhísí san iarthar agus san iarthuaisceart. Theastódh, a deir sé, go mbeadh an coibhneas breise sin leagtha síos i bpolasaí an Stáit.

Moladh loighciúil go maith sa gcás atá ann ach ón méid atá feicthe ó aimsir ghluaiseacht siúd na nEaspag, rud é a bheadh deacair a bhaint amach.

Fág freagra ar 'An daonra méadaithe ach tá thiar ar thrí réigiún an iarthair i gcónaí'