AN DÁIL NUA: ‘Tá mé ag labhairt i nGaeilge amháin chun aird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta’

I nGaeilge amháin a bhí a céad a céad óráid sa 33ú Dáil leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin

AN DÁIL NUA: ‘Tá mé ag labhairt i nGaeilge amháin chun aird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta’

Thug leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin a céad óráid sa 33ú Dáil i nGaeilge amháin chun “aird a tharraingt ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta”.

Ag moladh ceannaire a páirtí, Eamon Ryan, mar Thaoiseach, a bhí an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath-Ráth an Dúin nuair a rinne sí a ráiteas faoina leochailí is atá an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar theanga phobail.

Tharraing ráiteas eile a rinne Catherine Martin faoin nGaeilge aird an phobail in 2016.

Dúirt sí an uair sin go raibh pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Bhí i bhfad níos mó Gaeilge sa Dáil inniu ná mar a bhíonn de ghnáth agus cúpla abairt nó níos mó ná sin ag Teachtaí Dála éagsúla.

Ba iad Catherine Martin agus an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly an t-aon bheirt a thug píosaí cainte uathu i nGaeilge amháin.

Dúirt Catherine Connolly go raibh sí ag súil go gcloisfear níos mó Gaeilge sa Dáil nua.

Labhair roinnt Teachtaí Dála eile roinnt Gaeilge agus iad ag déanamh comhghairdeachais leis an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl as a atoghadh agus ag moladh a rogha féin do phost an Taoisigh.

Ar na Teachtaí Dála sin a raibh Gaeilge ina gcuid óráidí, bhí an Taoiseach Leo Varadkar, Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, agus Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin.

Ceathrar ar cuireadh a n-ainmneacha faoi bhráid na Dála do phost an Taoisigh tráthnóna – Leo Varadkar, Fine Gael, Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Micheál Martin, Fianna Fáil, agus Eamon Ryan, an Comhaontas Glas.

Tá fiúntas na n-iarrthóirí sin á phlé faoi láthair.

Níl dóthain tacaíochta ag aon duine acu chun go dtoghfaí mar Thaoiseach iad.

Fág freagra ar 'AN DÁIL NUA: ‘Tá mé ag labhairt i nGaeilge amháin chun aird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta’'

  • Brian Patterson

    Maith thú. Meas mór.

  • Seán Mag Leannáin

    Bail ó Dhia uirthi agus ar Catherine Connolly as a ndílseacht don teanga.

  • Seán Mag Leannáin

    An dá Catherine!

  • Diarmaid

    B’fhiú nasc leis an bhfíseán a chur leis an alt seo don phobal leisciúil. Mise san áireamh. Grma

  • Máirtín Ó Maolmhuaidh

    Meas Mór agam do dhaoine a sheasann an fód ar son na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta.

  • Bernadette Watson

    Maith sibh, an bheirt Catherine, a labhair go hiomlán as Gaeilge in a gcéad óráid sa Dáil nua. Mòr an trua agus an náire nach dtugann RTÉ 1 aon aird orthu sna scéalta nuachta ag a 9.

  • Seán Ó Dálaigh

    Féarplé di agus is iontach gur éirigh le Catherine Connolly a bhí chomh dílis don teanga riamh agus a choinnigh an brú ar an Roinn agus ar an Rialtas faoin reachtaíocht agus faoin straitéis nuair a bhí gach cuma ar an scéal go raibh an dá rud dearmadta acu.

  • Catherine Weafer

    Ar fheabhas!

  • Pádraig Ó Murchú

    Má chaillimse mo theanga, caillfidh mé mo chiall,
    Mar is fearr liomsa mo theanga ná an ghreim a théann im’ bhéal ,
    Bhí sí agam im’ naonáin agus bhí sí agam i gceart,
    Nó an lá go sínfear síos mé, beidh sí agam le slacht

    Ní lena mílseacht ná lena dílseacht,
    Ná lena háilleacht ná lena cáilleacht a labhraimid í,
    Fiú is go bhfuil gach caillíocht aici,
    Ní I dtaobh go bhfuil sí chomh milis le mil,
    Ná chomh nádúrtha leis an uisce ag rith
    Ná leis an bhféar ag fás lena thaobh,
    Ach mar gurb í ár dteanga féin í
    Á tháinig chughainn go dílis ó na glúinte a chuaigh romhainn.