‘Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta’ – Catherine Martin

‘Tá todhchaí na Gaeltachta faoi chlóca dubh. Suan ná séan, ní bhfaighidh sí choíche, gan tacaíocht an stáit seo, láithreach bonn,’ a deir an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin sa Dáil

CATHERINE MARTIN

Bhí an chéad óráid a thug an Teachta Dála Catherine Martin sa Dáil go mór i mbéal an phobail toisc a phaiseanta is a bhí sí, agus bhí an paisean céanna le braistint ar a cuid cainte ar maidin agus a bhfuil i ndán don Ghaeltacht faoi chaibidil aici an turas seo.

Agus ráitis faoin nGaeilge á dtabhairt sa Dáil ar maidin, dúirt an Teachta Dála ón gComhaontas Glas go bhfuil pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dhein Martin idirdhealú idir cás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus cás na teanga lasmuigh don Ghaeltacht.

“Ní mór dúinn cuimhneamh gurb é an difríocht idir Gaeilge phobal na Gaeltachta agus an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná gur slabhra neamhbhriste lenár sinsir Cheilteacha í teanga phobail na Gaeltachta.

“Síneann fréamhacha na teanga siar i bhfad roimh ré na Normannach, roimh ionsaí na Lochlannach, siar roimh ré na Críostaíochta fiú, siar go dtí ré na miotaseolaíochta,” a dúirt sí.

Mhaígh an Teachta Dála  go bhfuil an teanga ag dul i léig sa Ghaeltacht mar gheall ar easpa tacaíochta an Stáit agus “bagairt an Bhéarla chuile áit”.

“Is ceist phráinneach é an meath seo. Seo am an ghátair do chainteoirí dúchais,” a dúirt sí.

Dhein an Teachta Dála, a toghadh i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin san olltoghchán, ceangal idir cás na Gaeltachta agus cás na timpeallachta.

“Is maith is eol dúinn go bhfuil athrú aeráide mar bhagairt ar an timpeallacht agus go bhfuil an timpeallacht  i mbaol. Mar an gcéanna, dearbhaíonn an Comhaontas Glas  go bhfuil todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá géarghá le haghaidh plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille.”

Dúirt sí gur “obair in aisce” a bheidh sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge gan infheistíocht chuimsitheach i seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, agus seirbhísí don óige”.

Mhol an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais go dtabharfaí “tús áite do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an lámh in uachtar ag an teanga mar theanga an phobail”.

Chaithfí a chinntiú, a dúirt sí, go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag ábhair oidí agus múinteoirí agus go dtabharfaí cosaint do “shaibhreas” na teanga.

Chaithfí tacú leis na teaghlaigh sin “atá ag déanamh a seacht ndícheall ár dteanga agus ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chothú”.

Dúirt Martin go raibh “frustrachas” ar phobal na Gaeltachta agus go raibh dualgas ar gach polaiteoir i nDáil Éireann cluas éisteachta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin.

Mhol sí go mbunófaí Lárionad Náisiúnta don Oideachas i mBaile Bhuirne agus go leagfaí tuilleadh cúraimí sóisialta, cultúrtha agus teanga ar Údarás na Gaeltachta.

Ba ghá bonn reachtúil láidir a chur faoi straitéisí teanga náisiúnta agus Gaeltachta agus cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga.

“Má táimid dáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, caithfear cearta Gaeilge a neartú seachas iad a mhaolú is a laghdú. Molann an Comhaontas Glas go mbunófaí Aonad na Gaeilge i roinn an Taoisigh chun a chinntiú go gcuirfear an tAcht seo i bhfeidhm i ngach eagraíocht stáit agus sna ranna rialtais.”

Dúirt Martin go raibh borradh faoin teanga lasmuigh den Ghaeltacht i bhfianaise fhás na Gaelscolaíochta agus gur cheart aird a dhíriú ar bhonn práinne ar chás na Gaeltachta.

“Ag eascairt as an dearcadh dearfach seo [fás na Gaelscolaíochta] caithfear géarchéim na Gaeltachta a phlé agus réiteach a fháil ar na dúshláin.

“Is fúinne atá sé mar pholaiteoirí tacaíocht a thabhairt don chainteoir óg dúchais nach bhfuil sa mhóramh a thuilleadh agus sealbhú na teanga a chinntiú.  Dar le Sorcha Ní Chéilleachair, comhbhunaitheoir Tuismitheoirí na Gaeltachta, ‘in áit an foghlaimeoir a bheith báite  i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh a mhalairt atá ag tarlú sa Ghaeltacht sa lá inniu ann’.

“Is fúinne uilig atá sé sa teach seo brú a chur ar Airí Rialtais tearmann teanga a chothú do theaghlaigh Ghaeltachta agus maoiniú a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath ar shealbhú teanga á bpáistí, agus don fhoghlaimeoir sa mhórthimpeall feasta.”

Dúirt Martin nach mairfeadh an Ghaeltacht “leochaileach leonta” dá dtabharfaí an chluas bhodhar do na “deacrachtaí” ann.

“Muna ndéanaimid beart de réir ár mbriathar sa Teach seo, agus má ligimid ár maidí le sruth, ar thábhacht na Gaeltachta, beimid uilig ciontach as slad a dhéanamh ar  anam agus ar chuisle an náisiún seo.

“I bhfocail an Phiarsaigh: ‘Mór mo ghlóir/Mé do rug Cú Chulainn Cróga/Mór mo náire/Mo chlann féin/A dhíol a máthair.’ Mar fhocail scoir, tá todhchaí na Gaeltachta faoi chlóca dubh. Suan ná séan, ní bhfaighidh sí choíche, gan tacaíocht an stáit seo, láithreach bonn.”

Fág freagra ar '‘Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta’ – Catherine Martin'

  • Eoghan ONeill

    Tiocfadh leat an frása ‘ Pobre México! tan lejos de Dios y tan cerca de los Estados Unidos’ a chur in oiriúiunt do chás na teangan sna Gaelteachtaí atá faoi bhrú ag an teanga is cumhachtaí ar fud na cruinne ó lár na haoise seo chaite. Braithim go bhfuil an bhean seo Catherine Martin dáiríre faoina deireann sí agus go bhfuil Gael sa bhreis istigh sa Dáil anois i measc na nAnglos.

  • Seán Ó Floinn

    Bímis macánta, níl aon mhaith le hóráidí mar seo, tá sé ró-dhéanach.

    Ní féídir léi óráid a dhéanamh gan athrú aeráide a lua, a Dhia Dha Réiteach táimid bréan de!

  • Seán Ó Floinn

    Cén fáth is gá daoibh gach uile trácht a mheas? Bhfuil eagla oraibh roimh na tráchtairí?

    Nuair is gá trácht a mheas, is dócha nach bhfeicfidh daoine eile an trácht má tá an t-údar mall á fhaomhadh.

  • Seán Ó Floinn

    Anuas air sin, nach bhfuil slí ar bith ann chun tráchtairí a chur ar an eolas trí ríomhphost má thugann duine eile freagra ar a thrácht?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…go raibh dualgas ar gach polaiteoir i nDáil Éireann cluas éisteachta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin.’

    Dá dtoiseodh na polaiteoirí siúd i nDáil Éireann agus i dTithe an Oireachtais, a bhfuil cumas labhairt na Gaeilge acu, ár dteagaidh dúchais a chur chun tosaigh agus a labhairt go nádúrtha ar urlár na Dála – is cuma caidé na gnóthaí a bhíonn a phlé – b’fhéidir go spreagfadh sé muintir na hÉireann, agus muintir na Gaeltachta ina measc, le níos mó measa, ama agus foghlama a thabhairt don Ghaeilg.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím go hiomlán le Cordelia anseo – is é atá de dhíth ná go labhródh na Gaeilgeoirí an Ghaeilge. Ní chosnódh sé bonn bán agus dhéanfadh sé an-chuid maitheasa mar bheadh ar na hiriseoirí glacadh leis an nGaeilge mar ghné dá gcuid oibre ar gá a bheith airdeallach air – nó ar a laghad úsáid a bhaint as na cluaisíní chun teacht ar aistriúchán comhuaineach.
    Ach b’fhearr le polaiteoirí a bheith ag láinseáil pleananna agus ag cabhrú lena gcairde deontais, tuarastail agus pinsin a fháil agus a bheith ag scóráil pointí i gcoinne polaiteoirí eile.
    An bhfuil oiread is Gael amháin ansin i dTithe an Oireachtais?

    Cé nár léirigh mé dearfacht ar bith anseo thuas maidir leis na polaiteoirí atá againn, fáiltím leis an nguth nua Glas Gaelach seo. Is maith liom a bhfuil cloiste agam uaithi go dtí seo agus tá súil agam go rachaidh sí ó neart go neart. Tá tús maith déanta aici i mo thuairimse, pé scéal é. Ach tá i bhfad níos mó ag teastáil. Caithfidh na polaiteoirí ó gach aon pháirtí chomh maith leis na Neamhspleáigh glacadh leis an dúshlán. Anois nó riamh.
    Agus maidir le cúrsaí aeráide, tá an-chuid cosúlachtaí idir an cheist sin agus ceist na Gaeilge – ceann acu ná an leisce a bhíonn ar pholaiteoirí agus lucht riaracháin na tíre glacadh leis an bhfírinne mar gheall orthu, gan trácht ar rud éigin fiúntach a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.

    • Seán Ó Floinn

      Níor cheart comparáid a dhéanamh idir athrú aeráide agus ás na Gaeilge – is leír go raibh dulm amú ar na heolaithe mar gheall ar an athrú aeráide. Tá eolaithe aeráide ag tuar tubaistí aeráide ó na 1970idí i leith ach níl an tuar tagtha faoin tairngreacht. Sna 1970idí dúradh go mbeadh ‘fionnuar domhanda’ ann, mar shampla: https://en.wikipedia.org/wiki/Global_cooling. Agus dúirt eolaí aeráide cáíliúil in 2000 go raibh an sneachta ag dul i léig: https://wattsupwiththat.files.wordpress.com/2015/11/snowfalls-are-now-just-a-thing-of-the-past-the-independent.pdf.

      Níl mórán creidiúna ag daoine as na tuartha seo thuilleadh – nílimid ag iarraidh go samhlófaí cás na Gaeilge leis an mbaothchaint seo faoin aeráid

    • Donncha Ó hÉallaithe

      “An bhfuil oiread is Gael amháin ansin i dTithe an Oireachtais?”

      Tá rud éicint faoi cheist nach maith liom? In ainm Chroim saor sinn ón bhfíor-ghaelachas seo!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An phíosa cainte ó Catherine Martin. Is léir go dtuigeann sí cás na Gaeltachta. Tá súil agam go dtugann Seán Kyne aird ar a raibh le rá aici agus é ag dul i ngleic leis na dúshláin atá roimhe.