An Conradh fós ag diúltú clárú le lobbying.ie

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie inniu nach gcláróidh an eagraíocht leis an suíomh go dtí go mbeidh sé go huile is go hiomlán i nGaeilge

Lobbying.ie

Ní chláróidh Conradh na Gaeilge leis an suíomh brústocaireachta lobbying.ie go dtí go mbeidh Gaeilge curtha ar an suíomh ar fad. Tá 90% d’ábhar an tsuímh anois ar fáil i nGaeilge agus tá Oifig an Ombudsman “ag leanúint ar aghaidh le leaganacha Gaeilge den ábhar eile a chur ar fáil”.

Rinne an Conradh gearán le hOifig an Ombudsman faoin easpa Gaeilge ar an suíomh den chéad uair i mí Bealtaine agus dúirt an uair sin nach mbeidh siad sásta clárú mar eagraíocht stocaireachta mura féidir leo é sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Thug urlabhraí de chuid na hOifige um Chaighdeán in Oifigí Poiblí le fios do Tuairisc.ie go bhfuil formhór an ábhair ar an suíomh ar fáil sa dá theanga agus go bhfuil “na hardáin idirghníomchacha uile ar an suíomh lena gcuirtear ar chumas duine clárú, tuairisceán a dhréachtú nó a chur isteach agus dul i dteagmháil leis an oifig” ar fáil sa dá theanga.

Tá iarrtha ag an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh ar an Oifig scéim teanga a chur faoina bhráid roimh dheireadh na bliana seo ach thug urlabhraí de chuid na hOifige le fios do Tuairisc.ie go bhfuil ‘beartas inmhéanach’ glactha ag an Oifig a rialaíonn seirbhísí sa dá theanga oifigiúil.

“De réir an bheartais inmheánaigh sin, féachaimid lena chinntiú go ndéanfar aon ábhar amach anseo ar an suíomh gréasáin a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga nuair is féidir é,” a dúirt an t-urlabhraí.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie inniu nach gcláróidh an eagraíocht leis an suíomh go dtí go mbeidh sé go huile is go hiomlán i nGaeilge.

Thug Brendan Howlin, an tAire Caiteachais Phoiblí, le fios i mí Bealtaine go mbeadh “gach ábhar ábhartha agus riachtanach chun cabhrú le comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta” ar fáil ar an suíomh i nGaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil Béarla fós le léamh ar chuid de na roghchláir le linn an phróisis cláraithe.

Tháinig an tAcht um Brústocaireachta ar Rialáil i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair. Féadfaidh daoine aonair, comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag stocaireacht clárú leis an suíomh lobbying.ie le gur féidir taifead a choinneáil orthu siúd a bhíonn i mbun stocaireachta ar mhaithe le follasacht i gcúrsaí poiblí na tíre.

Fág freagra ar 'An Conradh fós ag diúltú clárú le lobbying.ie'

  • Séamas Mac Coitir

    Tá súil agam nach nglacfaidh naimhde na Gaeilge deis den áiméar chun ceap milleáin a dhéanamh den nGaeilge. Ar ndóigh, bhí gach ceart ag an dlíodóir a bhí ag gníomhú ar son an chosantóra, an líomhain a tharraing sé anuas, a chur ar a shúile don mbreitheamh a bhí i gceannas na cúirte.
    Is léir domsa anois, gurb iad na húdaráis atá i réim a bhí faillíoch, mar gurb orthu siúd a bhí dualgas an chruthúnais a chur i gcrích thar teorainn aon amhrais réasúnta. Treise libh!