Ní chláróidh an Conradh trí Bhéarla mar eagraíocht stocaireachta

Conradh na Gaeilge ag diúltiú clárú leis an gcóras nua le taifead a choinneáil orthu siúd a bhíonn i mbun stocaireachta go dtí gur féidir sin a dhéanamh i nGaeilge

Lobbying.ie

Ní bheidh Conradh na Gaeilge sásta clárú mar eagraíocht stocaireachta faoin dlí nua atá tagtha i bhfeidhm murar féidir leo é sin a dhéanamh trí Ghaeilge.

Féadfaidh daoine aonair, comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag stocaireacht clárú leis an suíomh Lobbying.ie le gur féidir taifead a choinneáil orthu siúd a bhíonn i mbun stocaireachta ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr i gcúrsaí poiblí na tíre.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nach mbeidh an Conradh ag clárú leis an suíomh go dtí go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge agus go mbeadh “leatrom á dhéanamh ar eagraíochtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge” mura raibh teacht ar an suíomh sa teanga sin.

“Ní bheidh m’eagraíocht in ann clárú go mbeimid in ann sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Glacaim leis nach bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh grúpa stocaireachta thíos leis má roghnaíonn siad príomhtheanga oifigiúil na tíre a úsáid,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie

Tá gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le hOifig an Ombudsman faoin ábhar agus tá Oifig an Choimisinéara Teanga curtha ar an eolas freisin acu faoin scéal.

Déardaoin seo caite a sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, an suíomh gréasáin nua, a bunaíodh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil.

Liostálfar ar an suíomh cé na daoine a bhíonn i mbun stocaireachta, an cás a rinne siad agus cé a bhainfeadh buntáiste as a gcuid iarrachtaí. Liostálfar freisin torthaí na stocaireachta chomh maith le hainmneacha na n-oifigeach poiblí nó polaiteoirí a ndearnadh stocaireacht orthu.

Is iad an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a dhéanfaidh monatóireacht ar an gcóras nua.

Fág freagra ar 'Ní chláróidh an Conradh trí Bhéarla mar eagraíocht stocaireachta'