Beidh ‘gach ábhar riachtanach’ ar Lobbying.ie ar fáil i nGaeilge – Howlin

Dúirt an tAire Brendan Howlin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún go mbeidh éinne ar mian leo clárú i nGaeilge in ann é sin a dhéanamh

09/12/2014. Cabinet Meeting. Pictured The Minister
An tAire Brendan Howlin. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin go bhfuil sé mar rún ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh “gach ábhar ábhartha agus riachtanach chun cabhrú le comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta” ar fáil ar an suíomh lobbying.ie i nGaeilge.

Dúirt sa Dáil níos túisce an tseachtain seo nach raibh aon fheidhm dhíreach aige ar an gcomhlacht toisc gur comhlacht neamhspleách ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é an Coimisiún.

Bhí an tAire ag freagairt ceiste ón Teachta Éamon Ó Cuív (FF) a d’fhiafraigh de faoin socrú atá déanta ag a Roinn déileáil le comhfhreagras agus fiosrúcháin ó bhéal i nGaeilge faoin gcóras nua stocaireachta a tugadh isteach le gairid.

Rinne Conradh na Gaeilge gearán leis an gCoimisiún nuair a seoladh an suíomh ag deireadh mhí Aibreáin na bliana seo mar nárbh fhéidir clárú trí mheán na Gaeilge. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, nach gcláródh an Conradh leis an suíomh go dtí go mbeadh sé ar fáil i nGaeilge agus go raibh “leatrom á dhéanamh ar eagraíochtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge”. Níor cuireadh leagan Gaeilge den suíomh ar fáil ó shin.

Dúirt an tAire Howlin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún go mbeidh éinne ar mian leo clárú i nGaeilge in ann é sin a dhéanamh. Dheimhnigh sé go bhfuil foireann an Choimisiúin in ann seirbhísi a chinntiú i nGaeilge agus i mBéarla araon cheana féin.

Tiocfaidh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil i bhfeidhm ar 1 Meán Fómhair na bliana seo. Féadfaidh daoine aonair, comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag stocaireacht clárú leis an suíomh lobbying.ie le gur féidir taifead a choinneáil orthu siúd a bhíonn i mbun stocaireachta ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr i gcúrsaí poiblí na tíre.

Liostálfar ar an suíomh cé na daoine a bhíonn i mbun stocaireachta, an cás a rinne siad agus cé a bhainfeadh buntáiste as a gcuid iarrachtaí. Liostálfar freisin torthaí na stocaireachta chomh maith le hainmneacha na n-oifigeach poiblí nó polaiteoirí a ndearnadh stocaireacht orthu.