An chéad chath buaite ag Cill Dara agus a gcluiche le Maigh Eo socraithe don Droichead Nua

Tá sé ina raic ó d’fhógair CLG Dé Luain gur i bPáirc an Chrócaigh a bheadh an cluiche idir Maigh Eo agus Cill Dara sna babhtaí cáilithe

An chéad chath buaite ag Cill Dara agus a gcluiche le Maigh Eo socraithe don Droichead Nua

Tuairiscítear gur i bPáirc Naomh Conlaith sa Droichead Nua Dé Sathairn a bheidh an cluiche conspóideach peile idir Cill Dara agus Maigh Eo.

Tá sé ina raic ó d’fhógair CLG Dé Luain gur i bPáirc an Chrócaigh a bheadh an cluiche sa tríú babhta de na cluichí cáilithe agus bheartaigh Cill Dara agus a mbainisteoir Cian O’Neill nach n-imreoidís an cluiche mura ngéillfí gur sa Droichead Nua a bheadh sé.

Fuair lucht Chill Dara go leor tacaíochta le cúpla lá anuas mar gheall ar a seasamh agus bhí go leor brú dá réir ar CLG buntáiste an bhaile a thabhairt dóibh. De réir rialacha an chraobhchomórtais tugtar buntáiste an bhaile don fhoireann is túisce a thagann amach sa tarraingt do na babhtaí cáilithe, ach is faoin CCCC atá sé an cinneadh deireanach a dhéanamh faoi cá n-imrítear na cluichí. Mhaígh CLG nach mbeadh dóthain slí i bPáirc Naomh Conlaith, mar a bhfuil áit do 8,500 duine, don slua a bheadh ag iarraidh freastal ar an gcluiche a bheidh ar siúl tráthnóna Dé Sathairn agus go gcaithfí cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a thabhairt san áireamh.

Dúirt Stiúrthóir na gCluichí ag CLG Feargal McGill go bhfógrófaí bua gan choimhlint do Mhaigh Eo sa chás nach mbeadh foireann Chill Dara i láthair i bPáirc an Chrócaigh don chluiche cáilithe.

Sheas bainisteoir Chill Dara Cian O’Neill an fód áfach agus dúirt nach raibh aon bhunús le cás CLG ach amháin gur oir sé dóibh féin go n-imreofaí an cluiche i mBaile Átha Cliath.

Beidh an cluiche idir an dá chontae ar siúl anois sa Droichead Nua ag 7pm tráthnóna Dé Sathairn.

Idir an dá linn, beidh an cluiche eile a bhí le bheith ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an lá céanna, contae an Chabháin in aghaidh Thír Eoghain, ar siúl anois i bPáirc Brewster in Inis Ceithleann ag 5pm Dé Sathairn.

Tá an cluiche idir Cill Dara agus Maigh Eo ar cheann de na cluichí is mó sna babhtaí cáilithe go dtí seo agus an fhoireann as Cúige Laighean ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar fhir an iarthair.

Fág freagra ar 'An chéad chath buaite ag Cill Dara agus a gcluiche le Maigh Eo socraithe don Droichead Nua'