‘An Cailín Ciúin’ le bheith sna pictiúrlanna anocht agus ‘clasaic’ á thabhairt air

Tá léirmheasanna cúig réalta á fháil ag fadscannán Gaeilge a ainmníodh an tseachtain seo d’Féile Scannán Sydney

‘An Cailín Ciúin’ le bheith sna pictiúrlanna anocht agus ‘clasaic’ á thabhairt air

An Cailín Ciúin, scannán atá ag fáil léirmheasanna cúig réalta ag oscailt sna pictiúrlanna anocht.

“Clasaic” a thug léirmheastóir scannáin The Guardian, Peter Bradshaw ar An Cailín Ciúin agus cúig réalta bronnta aige ar an bhfadscannán Gaeilge.

Dúirt léirmheastóir eile, ar Entertainment.ie, gurb é ‘an scannán Gaeilge is fearr riamh’ a bhí ann agus thug ‘masterpiece dár gcuid féin’ ar shaothar Choilm Bhairéad.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil an scannán Gaeilge roghnaithe le taispeáint ag Féile Scannán Sydney. Beidh an scannán ar cheann de 12 scannán a bheidh san iomaíocht i gcomórtas oifigiúil na féile i mí an Mheithimh.

Tá an iliomad duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Ceithre bhabhta bualadh bos agus gártha molta a thuill an scannán i mBeirlín.

Is é Colm Bairéad stiúrthóir An Cailín Ciúin, agus seo an chéad fhadscannán aige, cé go bhfuil gearrscannáin agus clár faisnéise scríofa aige cheana. Ag labhairt dó le Tuairisc le déanaí, dúirt sé gur chreid sé féin agus foireann an scannáin go raibh ‘rud éigin speisialta idir lámha againn’ agus bhí siad ‘dóchasach go rachadh sé i bhfeidhm ar dhaoine’.

Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar nóibhille Claire Keegan, Foster. Agus a máthair ag ullmhú chun leanbh eile a shaolú, cuirtear Cáit (Catherine Clinch), nach bhfuil ach naoi mbliana d’aois, chun fanacht lena gaolta i bhfad ó bhaile, Eibhlín (Carrie Crowley) agus Seán (Andrew Bennett). Agus í ag fanacht ina dteach álainn, tosaíonn Cáit ag bláthú faoina gcúram, ach ansin faigheann sí amach go bhfuil rún acu a d’fhéadfadh gach rud a athrú. Tá moladh go leor faighte ag aisteoirí An Cailín Ciúin cheana féin, go háirithe Catherine Clinch, nach bhfuil ach dhá bhliain déag d’aois.

Léiríodh an scannán seo mar chuid de scéim Cine4 TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, a bhfuil sé mar aidhm aige fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt agus a mhaoiniú.

Tagann sé sna sála ar scannáin Ghaeilge eile a bhfuil ardmholadh faighte acu, amhail Arracht agus Foscadh.

Scannán 95 nóiméad é An Cailín Ciúin agus tá sé rangaithe mar shaothar 12A.

Fág freagra ar '‘An Cailín Ciúin’ le bheith sna pictiúrlanna anocht agus ‘clasaic’ á thabhairt air'