An Spáinn v Sasana – 8.00in
Seo chugainn cluiche ceannais EURO 2024 agus coimhlint idir an fhoireann is fearr sa chomórtas, foireann lán d’imreoirí a thug tógáil croí dúinn agus iad ag dul ar an ionsaí, agus, bhuel, Sasana.
Is iondúil go mbíonn cuid mhaith de mhuintir na hÉireann ag súil go gclisfidh ar Shasana i gcluichí móra, bíodh sin ar mhaithe le bheith ag magadh faoinár gcomharsana nó ar chúiseanna eile, ach ní hé an schadenfreude amháin a fhágfaidh go mbeidh go leor sa tír seo ag iarraidh an Spáinn a fheiceáil ag ceiliúradh anocht.
Níl aon amhras ann ach go raibh na Spáinnigh céim nó dhó chun cinn ar aon fhoireann eile a chonaiceamar sa Ghearmáin le mí anuas. Is minic na laethanta seo go mbíonn na boic mhóra ag na mórchomórtais sacair ag imirt go mall agus go leamh agus iad dírithe ar bhotúin a sheachaint seachas ar imirt chliste. Bhí dea-toradh an bhua ag an bPortaingéil ar an gcur chuige cúramach seo ag EURO 2016 agus ag an bhFrainc ag Corn an Domhain 2018 ach tá léirithe ag an Spáinn i mbliana gur féidir dul chun cinn a dhéanamh agus stíl beagáinín níos oscailte in úsáid chomh maith.
Teastaíonn imreoirí maithe freisin, cinnte, agus níl an Spáinn gann orthu sin ach an oiread. Tá an domhan mór faoi gheasa ag na gaiscí atá déanta ag na hógánaigh Niko Williams agus go háirithe Yamine Lamal ar fhoireann na Spáinne go dtí seo. Bhí an cúl a d’aimsigh Lamal i gcoinne na Fraince sna babhtaí leathcheannais gan sárú ach, agus a 17ú breithlá aige inné, beidh an déagóir ag súil nach bhfuil deireadh leis an gceiliúradh go fóill.
Tá gach cluiche go dtí seo buaite ag an Spáinn agus dá n-éireodh leo anocht, bheadh siad ar an dara foireann riamh a mbeadh na seacht gcluiche a bhí acu i mórchomórtas idirnáisiúnta buaite acu – an Bhrasaíl in 2002 an fhoireann eile.
Níor sáraíodh Sasana go fóill ach an oiread, in ainneoin a gcuid laigí. Cé go raibh imirt na foirne chomh lag, leadránach go dtí seo, dhéanfaí dearmad air sin láithreach dá n-éireodh leo anocht. Idir chúl iontach Jude Bellingham i gcoinne na Slóvaice, na ciceanna éirice i gcoinne na hEilvéise agus chúl Ollie Watkins a chloígh na hÍsiltírigh, tá ábhar montáise ann cheana féin. Ní theastaíonn anois ach cúpla radharc de Gareth Southgate agus a chuid imreoirí ag crochadh Corn Henri Delaunay in airde.
Níl na Sasanaigh gan seans sa chluiche seo, ná baol air, ach an oiread. Tá taithí ag cuid mhór de na himreoirí ar chluiche ceannais mór, rud nach bhfuil fíor faoi fhormhór na Spáinneach, agus tá Sasana tar éis feabhsú de bheagán le cúpla cluiche anuas.
Ba sa tréimhse idir cúl Xavi Simons don Ísiltír agus leath ama sa chluiche leathcheannais a chonacthas an imirt is fearr ó Shasana go dtí seo sa chomórtas nuair a chuaigh Kobbie Mainoo agus Phil Foden i bhfeidhm go mór ar chúrsaí. Cé go raibh amhras ann faoin chic éirice a bronnadh ar Shasana, bhí an cúl tuillte acu agus mí-ádh orthu nár éirigh leo ceann eile a chur leis.
D’athraigh cúrsaí nuair a chuir an Ísiltír an ceathrú himreoir lár páirce chun páirce roimh leath ama agus bhí na bearnaí a raibh Sasana ag teacht i dtír orthu dúnta ag na hÍsiltírigh. Ní imríonn an Spáinn ach le triúr i lár na páirce agus ní athróidh Luis de la Fuente é sin don chluiche ceannais ach ní gá dó mar go ndéanann duine den triúr sin, Rodri, obair bheirte.
Cé nach bhfuil éirithe le roinnt d’imreoirí Manchester City barr a maitheasa a bhaint amach ag EURO 2024, níl Rodri ina measc agus é ar fheabhas ar fad don Spáinn go dtí seo. Bíonn léamh iontach aige ar an imirt i gcónaí agus cé go mbeidh cabhair ag teastáil uaidh, níl aon imreoir níos fearr ann chun dul i ngleic le Foden agus Jude Bellingham sa chuid sin den pháirc.
Nuair a bhíonn seilbh ag an Spáinn ar an liathróid is mó a fheictear tionchar na beirte eile i lár na páirce, Brian Ruiz agus Dani Olmo. Tar éis dó trí chúl a scóráil go dtí seo don Spáinn, chomh maith le péire eile a chruthú, tá ardmholadh faighte ag Olmo as a chuid taispeántas ach bíonn tionchar nach beag ag Ruiz ar imirt na Spáinne chomh maith agus é ag nascadh rudaí le chéile.
Agus cosaint na Spáinne ag brú suas i dtreo na líne leath bealaigh, fágtar spás ar a cúl, spás a d’fhéadfadh Ollie Watkins nó Ivan Toney rith isteach ann dá mbeadh siad ag imirt ach níl seans ar bith nach dtosóidh Harry Kane, in ainneoin go bhfuil an chuma air go bhfuil sé scriosta.
Mura mbíonn deireadh leis an gcoimhlint faoin am a dtabharfar leithéidí Watkins agus Cole Palmer chun páirce sa dara leath, ní bheidh Sasana gan seans ach tá chuile dhúshlán go dtí seo sáraithe ag na Spáinnigh agus má imríonn siad mar a d’imir sna cluichí eile, beidh leo.
Fág freagra ar 'An bua tuillte ag an Spáinn ach tá sé sa mhianach ag Sasana an chraobh a sciobadh leo'