An bráithreachas Gaeltachta a osclaíonn doirse

Tá oíche mhór ar mhaithe le Cumann Caide na Gaeltachta á reáchtáil anocht agus ómós á thabhairt do na deartháireacha Uí Shé – Fergal, Darragh, Tomás agus Marc

An bráithreachas Gaeltachta a osclaíonn doirse

Chaith mé cosamar deich mbliana fichead ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh isteach agus amach as seomraí feistis agus mé ag obair mar iriseoir do Raidió na Gaeltachta  – ní haon bhréag a rá is dócha nach bhfuil contae in Éirinn nár chnag mé ar a ndoras le linn an achair sin. Fós ní le teann plámáis a deirim go raibh rud éicint faoi leith i gcónaí ag baint le cuairt a thabhairt ar an áit a mbíodh peileadóirí Chiarraí ag feistiú roimh chluiche nó ag caitheamh a gcuid balcaisí i málaí ina dhiaidh.

Cúis amháin leis sin is ea go raibh oiread ratha orthu. Tugann áireamh garbh i m’intinn le fios gur imríodar i gCluiche Ceannais na hÉireann 18 uair le linn na tréimhse céanna. Ach ní insíonn sin croí an scéil ná baol air agus is beag cartadh atá le déanamh go dtagann sé chun solais go bhfuil agus go raibh baint chomh mór céanna leis an gcaidreamh ag an ‘mbráithreachas Gaeltachta’ atá idir iad siúd a labhraíonn teanga ársa na nGael.

D’oscail an meas agus an t-ómós atá agam do mo chomhghleacaí Micheál Ó Sé doirse go leor dom, mar a rinne Comórtas Peile na Gaeltachta.

Agus nuair a d’éirigh Liam Ó hUigín, Séamus Mac Gearailt agus go deimhin  Mickey ‘Ned’ as an imirt, bhí a gcuibhiúlacht chomh feiceálach céanna mar bhainisteoirí.

Agus ansin ar ndóigh, Páidí.

Las an aithne a chuir mé air siúd mar imreoir agus mar bhainisteoir coinneal im chroí nach múchfar go deo. Cúig bliana tar éis a bháis, níl lá dá dtéann thart nach dtagann sé isteach im intinn.

Ní nach ionadh, fágann pé eachtra a bhíonn i gceist meangadh ar m’aghaidh agus cnap ar mo chroí.

Ní foláir ach gur chuir mé faoi agallamh é 100 uair le linn an ama atá i gceist agam – bhí Corn Mhig Uidhir ina bhaclainn aige ar an 22ú Meán Fómhair 1985 ar an agallamh ba shuntasaí acu, is dócha.

Fós is ceann de chineál eile ar fad is ansa liom. Samhain na bliana 2006 agus é ina rún scaoilte go raibh sé le ceapadh ina bhainisteoir ar Chontae an Chláir, chuir Páidí glaoch orm (agus ar 50 iriseoir eile, táim cinnte) a bheith in Inis lá arna mhárach ag an bpreasócáid ‘le heagla ná beadh aon duine eile ann’!

Ní gá a rá go raibh an t-óstán ag cur thar maoil agus nuair a bhí an scéal deimhnithe ag Cathaoirleach an Choiste Contae bhailigh cúpla dosaen iriseoirí náisiúnta agus áitiúla ag barr an halla áit a bhfaigheadh siad deis labhartha leis an rí ungtha.

Ba spéirbhean óg dhathúil, fionn a bhí ar cheann na scuaine, ceamaradóir lena hais agus giolla eile lena thaobh sin a raibh solas ar bharr bata aige.

‘TV3 Sports here, Páidí, a quick word,’ a deir sí.

‘No problem,’ a deir an bainisteoir nuacheaptha, ‘but a longstanding tradition has built up over a number of years that I always give first preference to Raidió na Gaeltachta. I will be with you as soon as I have finished with Mártan here!’

Is fadó roimhe ó shiúil seanleaid maol, toirtiúil chomh toirtéiseach chuig an ardán – cúis eile go bhfuil an lasair sin im chroí chomh láidir agus a bhí riamh.

A thuilleadh ‘Séanna’, Gearaltaigh agus Dara mánla Ó Cinnéide a tháinig aniar chugainn nuair a chaith Páidí na bróga imeartha ar an lochta agus thóg sé tamall orm léamh a dhéanamh ar sheit óg Ard a’ Bhóthair go háirithe.

Darragh ba thúisce a tháinig an bealach. Ní raibh aon cheal cainte air siúd riamh bail ó Dhia air – a mhalairt go deimhin, ach go gcaithfeá fanacht go raibh labhartha aige le chuile dhuine eile sa seomra go míneodh sé dóibh céard a bhí ceart agus mícheart lena raibh déanta acusan. Bhíodh an té ar a raibh cúram dúnta na háite ag fógairt orainn faoin am a mbímis críochnaithe!

Scéal eile a bhain le Tomás. Tharlódh go raibh dó nó trí de shéasúir imeartha déanta aige le Ciarraí sular éirigh liom greim a fháil air beag ná mór. Sular tharla sin, ba mhinic i mo sheasamh taobh amuigh den doras dúnta mé ag fanacht lena oscailt – fós, a luaithe agus a théinn isteach, nuair a chuirfinn tuairisc Thomáis, ní bhíodh dé ná deatach air. ‘Imithe,’ a deiridís.

Ansin d’fhoghlaim mé a bheith san airdeall ar an scorach a d’éalaíodh amach cúpla soicind sula ndéanfaí an ‘oscailt oifigiúil’, máilín ar a dhroim, caipín ‘baseball’ tarraingthe anuas thar a shrón agus a smig buailte faoin dtalamh. A mháthair fhéin ní aithneodh é. Ní hionadh gur thóg sé tamall ormsa.

Togha na n-ambasadóirí ar fad ab ea na peileadóirí contae sin atá luaite agam, ach níl iontu, mar is fíor faoi gach cumann eile, ach cuid amháin den aonad is tábhachtaí inár saol lasmuigh dár dteaghlaigh.

Go mba fada buan sibh.

– Tá an t-alt seo foilsithe sa leabhrán cuimhneacháin a bhronnfar anocht orthu siúd a bheidh ag freastal ar ‘Oíche Ómóis na nDriotháracha Uí Shé’ a bheidh ar siúl in Óstán an Gleneagle i gCill Airne. Tá an ócáid á reáchtáil ar mhaithe le hairgead a bhailiú d’fhorbairt pháirc Ghallarais

Fág freagra ar 'An bráithreachas Gaeltachta a osclaíonn doirse'