Tá sé i gceist ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn an Bille nua um Shláinte Phoiblí a cheadóidh rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i mBéarla amháin a shíniú inniu.
Thug an tUachtarán, a bhfuil an dara téarma san Áras i ndán dó i bhfianaise na pobalbhreithe is déanaí i dtaca le toghchán na huachtaránachta, an méid sin le fios agus é faoi agallamh ar an gclár Morning Ireland ar maidin.
Dúirt Ó hUigínn gurbh amhlaidh gur ag scrúdú na dréachtreachtaíochta sláinte a bhí sé nuair a bhí an díospóireacht idir ceathrar eile de na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar siúl ar RTÉ oíche Dé Luain. Tá faoi an reachtaíocht sin a shíneadh inniu, a dúirt sé.
D’iarr ceanneagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta ar Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite gan reachtaíocht nua maidir le lipéid ar dheochanna meisciúla a shíniú toisc, a dúirt siad, go ndéantar ‘éagóir inti’ ar an nGaeilge.
In aighneacht a chuir ag an ngrúpa nua Gaeltacht Bheo, a dhéanann ionadaíocht ar an 26 eagraíocht pleanála teanga sa Ghaeltacht, iarrtadh “go humhal” ar an Ó hUigínn gan an Bille um Shláinte Phoiblí a shíniú nuair a chuirfí faoina bhráid é.
Níl de rogha ag an Uachtarán ach gach bille a chuirtear faoina bhráid a shíniú ina dhlí ach amháin sa chás go síleann sé go bhfuil an bille, nó aon chuid de, míbhunreachtúil. Sa chás sin féadadh sé diúltú an bille a shíneadh i ndiaidh dó comhairle a fháil ón gComhairle Stáit. Ina dhiaidh sin, má tá sé fós den tuairim go bhfuil an bille míbhunreachtúil, caithfidh sé é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí le cinneadh críochnúil a fháil.
Ó tharla nach bhfuil tagairt ar bith do cheachtar den dá theanga oifigiúil sa chuid sin den reachtaíocht nua a bhaineann leis na lipéid sláinte, meastar go mbeadh sé deacair cás a dhéanamh go bhfuil sé míbunreachtúil.
Dhiúltaigh an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil an mhí seo caite do leasú ar an mBille a d’fhágfadh go mbeadh an rabhadh sláinte atá beartaithe inti i nGaeilge agus i mBéarla.
Mhaígh an tAire Sláinte Simon Harris go raibh fianaise aige go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.
Dúirt sé go raibh a chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla bunaithe ar thaighde, ach léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire.
Idir an dá linn, léirigh pobalbhreith a foilsíodh ar an Irish Times ar maidin go bhfuil Ó hUigínn go rábach chun tosaigh ar na hiarrthóirí eile agus gan ach beagán os cionn seachtaine fágtha go dtí lá an toghcáin.
De réir na pobalbhreithe a rinne IPSOS/MRBI, bheadh 66% den vóta ag Ó hUigínn, nó a dhá oiread den tacaíocht a bheadh ag an gcúigear iarrthóirí eile in éineacht.
Má bhí dea-scéal d’aon duine de na hairrthóirí eile sa phobalbhreith ba don Fheisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada é agus 11% aici, aon phointe céatadáin níos lú ná mar atá ag an bhfear gnó Seán Gallagher sa dara háit.
Léirigh pobalbhreith eile a foilsíodh ag tús na seachtaine nach raibh ach 5% ag iarrthóir Shinn Féin.
Beidh an chéad díospóireacht teilifíse ar siúl idir na hiarrthóir go léir ar siúl anocht ar Virgin Media One.
Murchadh
95% de na bileoga bolscaireachta a scaip Sinn Féin ar shon Liadh Ní Riada sna Gaeltachtaí, is i mBéarla atá siad. Focail mhóra agus mogaill fholmha. An mar sin a bheidh acu sin leis má ráinníonn dóibh a bheith sa rialtas!
Magaoidh
Leagann an Bille Sláinte seo fasach dlíthiúil ríchontúirteach síos. Beidh cead de réir dlí cosc a chur ar an teanga náisiúnta ar fógraí oifigiúla stáit.
Ní rud siombalach é an Bille Alcóil seo. Is céim eile é chun teanga na tíre a dhíchoimisiniú mar theanga oifigiúil stáit.
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an t-aon áit gur féídir an feillbheart seo a throid.¶
Sibéal
Tugann Alt 8.3 den Bhunreacht cead ag an rialtas teanga amháin a úsáid. Ní chuireann sé cosc ar comhlachtaií príobháideacha an Ghaeilge a úsáid. Seans go gcuirfeadh grúdlann nó drioglann Gaeltachta an rabhadh sa dá theanga.