Achainí déanta ag eagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta ar an Uachtarán gan reachtaíocht nua a shíniú

Tá iarrtha ag Gaeltacht Bheo ar Uachtarán na hÉireann gan an Bille Um Shláinte Poiblí a shíniú mar gheall ar an ‘éagóir’ a dhéantar ann ar an nGaeilge

Achainí déanta ag eagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta ar an Uachtarán gan reachtaíocht nua a shíniú

Tá iarrtha ag ceanneagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta ar Uachtarán na hÉireann gan reachtaíocht nua maidir le lipéid ar dheochanna meisciúla a shíniú toisc, a deir siad, go ndéantar ‘éagóir inti’ ar an nGaeilge.

In aighneacht atá curtha ag an ngrúpa nua Gaeltacht Bheo, a dhéanann ionadaíocht ar an 26 eagraíocht pleanála teanga sa Ghaeltacht, iarrtar “go humhal” ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn gan an Bille um Shláinte Phoiblí a shíniú nuair a chuirfear faoina bhráid é.

Iarrtar sin ar an Uachtarán, a deirtear san aighneacht, mar gur dhiúltaigh an tAire Sláinte do leasú ar an mBille a d’fhágfadh go mbeadh an rabhadh sláinte atá beartaithe inti i nGaeilge agus i mBéarla.

Mhaígh an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil an mhí seo caite go raibh fianaise aige go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar lipéid deochanna alcóil ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Dúirt sé go raibh a chinneadh diúltú do lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla bunaithe ar thaighde, ach léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire.

Rinneadh cáineadh géar ar an Aire bunaithe ar scéal Tuairisc.ie agus dúírt Aire Stáit sa Roinn Sláinte féin gur ‘baineadh siar aisti’ ar chloisteáil di a laghad fianaise a bhí ag an Aire s dá mhaíomh go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine.

San aighneacht atá seolta ag Gaeltacht Bheo chuig an Uachtarán, deiretar gur chuir an méid a bhí le rá ag Harris agus a easpa fianaise dá áiteamh “alltacht agus ionadh” orthu.

“Má ghlactar leis an mbille seo is cinnte gur céim ar gcúl a bheadh ann do stádas na teanga agus dár n-iarrachtaí pleananna teanga a fheidhmiú agus an pobal a thabhairt linn. Cuireann an cinneadh seo teachtaireacht dhiúltach amach nach bhfuil áit nó fáilte roimh an nGaeilge i réimsí ar leith den tsochaí.

“Tá fasach ann cheana féin leis na lipéid dhátheangacha atá in úsáid le hearraí tobac agus ní léir go bhfuil mearbhall ar éinne dá bharr.

“Iarraimid go humhal ort mar sin gan an bille seo a shíniú ach é a sheoladh ar ais chuig Tithe an Oireachtais ionas go ndéanfar an éagóir seo i leith na Gaeilge a chur ina cheart,” a deirtear in aighneacht Gaeltacht Bheo chuig Uachtarán na hÉireann.

Níl de rogha ag an Uachtarán ach gach bille a chuirtear faoina bhráid a shíniú ina dhlí ach amháin sa chás go síleann sé go bhfuil an bille, nó aon chuid de, míbhunreachtúil. Sa chás sin féadadh sé diúltú an bille a shíneadh i ndiaidh dó comhairle a fháil ón gComhairle Stáit. Ina dhiaidh sin, má tá sé fós den tuairim go bhfuil an bille míbhunreachtúil, caithfidh sé é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí le cinneadh críochnúil a fháil.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ag eagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta ar an Uachtarán gan reachtaíocht nua a shíniú'

  • Magaoidh

    Tá sé suimiúil gur eagraíocht Gaeltachta a thosaigh an troid in aghaidh an bhille leichealach seo. Ba chóir do Ghaeltacht Bheo achainí ar líne a thosú ina a iarrtar ar an Uachtará gan an bille Alcóil a shíniú. Ní cás siombalach é seo. Seo “test case” nach mór do ghluaiseacht na Gaeilge a throid. Má theipeann orainn an bille seo a stopadh níl aon bhrí dáiríre le hAlt 8 de Bhunreacht na hÉireann ná le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Is Dochreidte go mbeidh cead cosc a chur de réir dlí an Ghaeilge a úsáid ar fógraí oifigiúla stáit.

    Tá Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, na saineolaithe teanga aitheanta, na gníomhaithe teanga aitheanta, an Coimisinéar Teanga agus Foras na Gaeilge ina dtost faoin gcás seo.

    Seo céim thromchúiseach i dtreo an Ghaeilge a dhíchoimisiniú mar theanga oifigiúil stáit.

  • Críostóir

    Ní dóigh liom go bhfuil sé cóir iarraidh ar an Uachtárán gan bille a shíniú mar seo. Níl cumhacht ag an Uachtárán veto a imirt ar dlíthe a thagann chuige ón Dáil.

  • Magaoidh

    @ Criostóir
    Níl veto i gceist. Tá cumhacht ag Uachtarán na hÉireann diúltú bille a shíniú má cheapann sé go bhfuil sé míbhunreachtúil agus ansin glaoch ar an Chomhairle Stáit agus an bille a sheoladh chun na h Ardchúirte más mian leis. Tá sin déanta cheana ag uachtaráin faoi bhillí eile.

  • AnRógaire

    Dá mbeadh an stáit i ndáiríre faoi thacú le pobal na gaeilge, nuair nach bhfuil comhlachtaí ar nós na bancanna sásta freastal ar an bpobal sa dá theanga oifigiúil, as a stuaim féin, chuirfí reachtaíocht i bhfeidhm a thabharfadh ceart don saoránach seirbhís iomlán a fháil ina rogha teanga oifigiúil ó na comhlachtaí seo.

  • Balor

    An stáit ag iarraidh ar choistí pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus ansin ag brú an Bhéarla ar na pobail cheanna. Maith Gaeltacht Bheo as labhairt amach i gcoinne na fimíneachta seo.