An bhfuil rud ar bith níos mí-eiticiúla ná an Late Late Toy Show?

Is uafásach an brú a chuireann leithéidí chlár na mbréagán ar RTÉ ar thuismitheoirí a mbíonn a ndóthain le déanamh acu bia a chur ar an mbord agus na billí eile a choinneáil íoctha

An bhfuil rud ar bith níos mí-eiticiúla ná an Late Late Toy Show?

An bhfuil rud ar bith níos mí-eiticiúla ná clár na mbréagán ar an Late Late Show? Ní mar sin a fheiceann tromlach na ndaoine é ar ndóigh. Ní léir d’fhormhór an mhilliún go leith lucht féachana ach clár taitneamhach nádúrtha a mbaineann idir thuismitheoirí agus pháistí sult as.

Is mar sin freisin a chuimhníonn daoine air nuair a thagann a seal féin le bheith ina dtuismitheoirí. I staidéar a rinneadh anuraidh frítheadh amach gurbh é an clár seo an chuimhne gheanúil ba mhó ar a n-óige a bhí ag daichead faoin gcéad de na daoine faoi thríocha bliain d’aois a ceistíodh.

Ach sa deireadh thiar thall is éard atá sa gclár mí-úsáid leanaí, idir na leanaí a méadaíonn sé a ndúil thar cuimse sna bréagáin agus leanaí i dtíortha bochta a bhíonn ag déanamh bréagán ar phá suarach agus gan cuid acu ach dhá bhliain déag d’aois.

Tá aithne agam ar bhean óg a tháinig a chónaí in Éirinn as Sasana ocht mbliana ó shin. Bhí iontas an domhain uirthi a leithéid de chlár fógraíochta a fheiceáil ar an tseirbhís náisiúnta phoiblí seo againne. Ní bheadh a leithéid de chlár ar an mBBC go deo.

Ach tá an clár chomh mealltach sin nach gcaillfeadh sí ar rud ar bith anois é.

Clár taitneamhach a dhéanamh an aidhm atá ag RTÉ, agus airgead a thabhairt isteach ar ndóigh. Ach is é aidhm na ndéantóirí agus na ndíoltóirí bréagán tuismitheoirí a spreagadh leis na bréagáin a cheannacht.

Bíonn an fhógraíocht sin dírithe ar bhocht agus ar nocht. Is uafásach an brú é go minic ar thuismitheoirí a mbíonn a ndóthain le déanamh acu agus bia a chur ar an mbord agus na billí eile a choinneáil íoctha.

Tá leagan sa nGaeilge anois ar a dtugtar brú ón bpiarghrúpa. Chonaic mo chara Japonica a leithéid seo de bhréagán ar an Late Late Show a déarfas Amelia lena máthair. Caithfidh mise ceann acu a fháil mé féin.

Nuair a shiúil Bob Quinn, Lelia Doolan agus Jack Dowling amach as RTÉ fadó ba é an drochthionchar a bhí ag fógraíocht ar an stáisiún tríd is tríd is mó a bhí ag dó na geirbe acu. Bhí an ghráin shíoraí ag Bob Quinn go háirid ar an bhfógraíocht a bhí dírithe ar na páistí. Chaith sé blianta ó shin ag iarraidh an scéal a athrú.

Nuair ba é Micheál D. Ó hUigínn an tAire a bhí freagrach as RTÉ cheap sé Quinn ar Údarás an stáisiúin. Déarfá leat féin an uair sin go mbeadh an-deis aige a chás a chur chun cinn. Chuir go cumasach ach bhí na fórsaí a bhí ina aghaidh i bhfad ró-láidir.

Dá dhonacht dá raibh cúrsaí an uair sin is seacht measa anois an tomhaltachas, an nualiobrálachas agus an mé féineachas.

I léacht a thug sé i Sligeach ag an am mhínigh Bob Quinn céard a bhí i gceist aigeasean.

Tharraing sé aird aríst ar an drochbhail a chuirtear ar oibrithe a bhíonn ag déanamh bréagán sna tíortha bochta. Bhí neart fíricí aige a bhí foilsithe ag an eagraíocht charthanachta Trócáire.

I gcás amháin i Vítneam ghoill truailliú ceimiceach ar 200 oibrí a bhí ag cur sprae ar bhréagáin phlaisteacha. Nuair a d’iarr siad cúiteamh briseadh as a bpost iad.

Dúirt Quinn go raibh feachtas ar bun ag Trócaire ag an am in aghaidh na monarchan dúshaothair seo. Fuair an feachtas neart poiblíochta sna nuachtáin agus ar na stáisiúin áitiúla raidió. Níor luadh ar RTÉ ar chor ar bith é.

Thug an colúnaí, John Waters, tacaíocht do Bhob Quinn ag an am. Mheabhraigh seisean go raibh cosc sa tSualainn ar fhógraíocht a bheadh dírithe ar pháistí. San Iodáil ní raibh cead briseadh fógraíochta a bheith i gclár do pháistí.

Rialacha den chineál céanna a bheag nó a mhór a bhí sa Danmhairg, san Ostair agus sa mBeilg.

Is mór idir sin agus clár na mbréagán.

Fág freagra ar 'An bhfuil rud ar bith níos mí-eiticiúla ná an Late Late Toy Show?'

  • Bob Quinn

    Níl!
    Fai Play go Seosamh O Cuaig, Ach, dá mbeadh an seo uilig curtha i lathair trí Gaeilge, is cosúil nach mbeadh aon fhadhb ag Gaeilgeoirí na tíre seo.

  • O Tuairisg

    Tá Joe iompaigh isteach i gceann de peataí ar líne sin atá maslaithe ag chuile rud agus a chaithfeas an mhaith a bhaint as chuile rud mura bhfuil sé fhéin sáite ina lár.

  • Éibhear

    Tá an ceart ar fad ag an tuairisc seo. Clár ullmhór fógraíochta ag mealladh páistí seo tír seo agus leanaí eile i dtíortha bochta a bhíonn ag déanamh na mbréagán sin ar phá suarach. Náire ar RTÉ agus náire ar an lucht féachana.