An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith?

Tá cor nua i scéal mhuintir Reavey a chuireann poll i bplean rialtas na Breataine chun reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm le bac a chur ar fhiosruithe

An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith?

Oíche idir dhá Nollaig a bhí ann, an 4 Eanáir 1976. Bhí triúr de mhuintir Reavey sa bhaile ar an gCorr Leacht i ndeisceart Ard Mhacha, bhí a dtuismitheoirí agus tuilleadh den dáréag clainne imithe ar cuairt ag duine muinteartha.

Bhí John Martin 24, Brian 22 agus Anthony Reavey 17 ag faire ar an teilifís. Mar ba ghnách ní raibh aon ghlas ar an doras. Shiúil na fir ghunna isteach, iad ag scaoileadh leis an triúr. Fuair John Martin agus Brian bás ar an láthair. Goineadh Anthony go dona agus fuair sé bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

B’in é an chéad cheann de shraith ionsaithe uafásacha sa cheantar i gcaitheamh cheithre huaire fichead. Tamall gearr i ndiaidh na heachtra sin, cúig mhíle dhéag ar shiúl ón láthair, mharaigh dílseoirí triúr de mhuintir Dowd, beirt deartháireacha agus a n-uncail in ionsaí seicteach eile. An tráthnóna dár gcionn in ionsaí díoltais mharaigh fir ghunna a d’úsáid an lipéad ‘Republican Action Force’ deichniúr oibrithe Protastúnacha i sléacht Kingsmills. Bhí an tIRA in ainm is a bheith ar shos comhraic ag an am ach ceapadh gurbh iad a bhí ciontach as an uafás.

Mhaígh dílseoirí an UVF gurbh iad a bhí freagrach as na hionsaithe ar na Caitlicigh, muintir Reavey agus muintir Dowd ach de réir eolais a tháinig chun solais ó shin ba iad ‘drong Ghleann Anna’ (Glenanne Gang) a bhí ciontach. Bhí baill den RUC agus den UDR chomh maith leis an UVF gníomhach san drong lena luaitear 120 dúnmharú, buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin san áireamh.

Tá na blianta ó shin caite ag gaolta na marbh in Ard Mhacha ar thóir an chirt. Tá cor nua suntasach i scéal mhuintir Reavey áfach. Cor is ea é a chuireann poll i bplean rialtas na Breataine chun reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm le bac a chur ar fhiosruithe.

Ina pholasaí d’olltoghchán 2019 gheall Boris Johnson faoiseamh ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí. Dá réir d’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, go rithfear reachtaíocht go luath chun ‘líne a tharraingt’ faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Ní cheadódh an dlí an faoiseamh sin – nó maiteanas – a thabhairt d’fhórsaí an stáit amháin; ní mór é a cheadú freisin do na paraimíleataigh, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí. Mhaígh Brandon Lewis go raibh sé ionann is dodhéanta dóthain fianaise a fháil le duine a chiontú, gur saothar in aisce a bheadh i bhfiosrúcháin agus gurbh fhearr díriú ar scéalta /faisnéis a bhailiú.

Is mór idir é sin agus fianaise nua a bheith tagtha chun solais. Chuir Ombudsman na bPóilíní in iúl do Eugene Reavey, feachtasóir síochána, go raibh comhad seolta chuig an tSeirbhís Ionchúisimh ag moladh go gcúiseofaí iarbhall den RUC as marú a dheartháireacha, i measc cúiseanna eile. Tá sé sin déanta i ngeall ar fhianaise nua agus é le tuiscint go raibh Oifig an Ombudsman den bharúil go raibh dóthain téagair ina gcás le haghaidh cúisimh. Tagann an scéal sin sna sála ar thuairiscí faoi DNA nua i gcás Tom Oliver a maraíodh i 1991. Sé Jon Boutcher, iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire a nocht an t-eolas sin; tá na céadta cásanna stairiúla á scrúdú aige agus é diongbháilte gur cheart do rialtas na gCaomhach éirí as a bplean faoisimh.

An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith? Ní léir go bhfuil. Fuaireamar leide le cúpla lá anuas. Scríobh Coimisinéir um Chearta an Duine, Dunja Mijatović, ó Chomhairle na hEorpa chuig an Státrúnaí Lewis ar an gCéadaoin ag iarraidh air athmhachnamh a dhéanamh mar gur chéim ar gcúl é a phlean. Bhí imní ar an gCoimisinéir, a dúirt sí, go sáródh scéim na Breataine a dualgais faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go dtiocfadh sé salach ar an athmhuintearas mar go gceilfeadh sé an chóir ar dhaoine..

D’fhoilsigh sí an freagra a fuair sí ón Státrúnaí Lewis maille leis na nótaí mínithe a foilsíodh mí Iúil. Is féidir an comhfhreagras ina iomláine a léamh anseo.

Dúirt Brandon Lewis go raibh siad ag dul i gcomhairle le daoine i gcónaí agus nach raibh bailchríoch ar an obair go fóill. Ceistíonn a lán an maíomh sin faoi chomhairliúchán, grúpaí íobartach go háirithe.

Glór láidir in éadan an phlean is ea guth an Choimisinéara. Chomh maith léise tá na páirtithe logánta ar fad in aghaidh an phlean mar atá eagraíochtaí cearta an duine abhus, san Eoraip agus i Meiriceá. Níl aon dabht ach gur cor drámatúil é an seans ar chúiseamh i gcás mhuintir Reavey agus dul chun cinn in obair Jon Boutcher – má ligtear dóibh a dhul ar aghaidh. Ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de sin mar tá an baol ann go gcoiscfí na cásanna faoi reachtaíocht Brandon Lewis.

Tá an cás in aghaidh na reachtaíochta sin ag treisiú ach tá an uimhríocht in Westminster mar thaca ag Johnson agus Lewis, beag beann ar phrionsabail nó cearta.

Fág freagra ar 'An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith?'