An bhfuil an ceart acu siúd a bhíonn ag béicigh ar imreoirí an chaid a lascáil isteach in ainm Dé!  

Más beag an rud an chiall, is mór é a dhíth ar dhuine… Sinn ceann de ceachtanna caide ón dara babhta sa tsraith náisiúnta peile

An bhfuil an ceart acu siúd a bhíonn ag béicigh ar imreoirí an chaid a lascáil isteach in ainm Dé!  

Taoide ag casadh

Ar feadh aon bhliain déag idir 2011 agus 2022, chas Doire agus Tír Eoghain ar a chéile trí bhabhta dhéag agus ní fhéadfadh Doire iad a chloí. Tá na ceithre chluiche deireanach eatarthu buaite ag Doire agus an taoide casta sna coimhlintí idir an dá chontae.

Ní bheidh Tír Eoghain róbhuartha faoi thoradh an deireadh seachtaine seo caite mar tuigeann siad go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa tsaol ná dhá phointe sraithe i dtús mhí Feabhra ach mar sin féin aithneoidh siad an feabhas in imreoirí ar nós Niall Loughlin agus Cormac Murphy a thabharfaidh an mhuinín agus an misneach do Dhoire chun dul céim níosa shia i mbliana.

Bhí babhtaí sa chluiche go bhféadfadh Doire báidí a bheith tógtha acu seachas pointí. Ná bí ag súil go mbeidh siad chomh trócaireach níos déanaí sa bhliain nuair a bheidh boladh na fola i gceart ina srón agus an fhuil féin níos fuaire sa chuisle.

 

Aidan O’Shea agus Cian Murphy. Pictiúr: ©INPHO/Evan Logan

Ní cleas é go ndeintear trí huaire é

Nuair a chaill Áth Cliath in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn, b’in é an chéad uair ó 2010 gur chaill curadh craoibhe na bliana roimis sin a gcéad dhá chluiche sraithe. Bhí dóthain le feiscint is le braistint i dtaispeántas an tSathairn, áfach, chun ná beidís róshuaite mar gheall ar an dara cluiche as a chéile a chailliúint le haon phointe amháin. Uaireanta, áfach, nuair a chailleann an piarda mór cluiche nach dual dó a chailliúint, deineann sé i bhfad níos mó díobhála ná mar a tuigtear ag an am.

Ba iad Ciarraí an fhoireann dheireanach a chaill dhá chluiche as a chéile i dtús sraithe mar churadh uile-Éireann agus tá sé cloiste míle babhta ó shin acu mar gheall ar an misneach a thug bua san Átha Cliath do leithéidí Michael Darragh McAuley, Philly McMahon agus a gcomhghleacaithe i gCill Airne an lá úd. Ní raibh buaite ag Maigh Eo aige baile i gcoinne Átha Cliath ó 2012 agus bhí 20 cluiche idir shraith agus chraobh caillte i gCaisleán an Bharraigh le deich mbliana anuas acu.

Cé gur ar éigean go raibh sé tuillte Dé Sathairn acu, má bhí féin, b’fhéidir gurb shin é an gráinne beag a chuirfidh teaspach arís iontu agus iad ag tabhairt fé Thrá Lí fé cheann coicíse.

Scaoil leis an gcaid

Leis an bpasáil sall is anall agus an imirt thomhaiste choigilteach atá sa treis inniu, nach ait é gur tháinig dhá bháide cinniúnach ó dhá chaid ard ag tuirlingt go tuathalach i mbéal an bháide i Roinn 1 na sraithe an deireadh seachtaine seo? Ba ag tabhairt fé phointí in eireaball gluaiseachtaí a bhí Jordan Flynn i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn agus Seánie O’Shea i gCluain Eois inné ach tagann stad nó stailc éigin ar bháideoirí anois nuair a thuirlingíonn caid dá leithéid faoin maide trasna.

Níl aon taithí acu air a thuilleadh agus bíonn san le feiscint san éiginnteacht a bhíonn orthu ag dul fé dhéin na caide. Thuig Stephen Coen agus Diarmuid O’Connor gurb amhlaidh atá, bhaineadar earraíocht as an éiginnteacht agus seachas báidí cruthaithe de dhroim ealaíne agus seifte, bhí dhá bháide chomh bunúsach is a chífir i mbliana againn.

Tabharfaidh san ugach breise dóibh siúd a cloistear coitianta ar an dtaobhlíne ag béicigh ar imreoirí an lae inniu an ‘chaid a lascáil isteach in ainm Dé!’. An bhféadfadh go bhfuil an ceart acu?

Ná dein nós is ná bris nós

Bhí ana-chaint roimh thús na sraithe fé aclaíocht na réiteoirí nó a mhalairt. Tugadh le fios go raibh roinnt áirithe réiteoirí aitheanta ar an bpainéal eadarchontae nár éirigh leo ins na tástálacha a bhí ar bun an mhí seo caite i mBaile an Aba. Ní bheinn róbhuartha fén gcúram san i dtosach na bliana ach bheinn i gcónaí ag faire amach do nósanna áirithe a thagann chun cinn san earrach agus a leanann isteach sa bhiaiste caide.

Bunaithe ar fhianaise neamheolaíoch ón gcéad dhá bhabhta sraithe, is cosúil go bhfuil treoir éigin fachta ag réiteoirí gan oiread ama a chur leis an imirt i ndeireadh an dara leath is a bhíodh á chur tamall siar. D’fhógair Joe McQuillan trí nóimeat i ndeireadh an chluiche idir Ciarraí agus Doire i dTrá Lí an tseachtain seo caite.

Cheapas féin agus scata eile go raibh seo ábhar beag cnuaisciúnach agus shéid sé an fheadóg díreach agus Ciarraí ar tí fogha amháin eile a thabhairt ar thóir pointe an chomhscóir. I gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn, d’fhógair Fergal Kelly ceithre nóimeat chun an t-am caillte a chúiteamh leis na himreoirí agus leis an lucht féachana.

Arís séideadh an fheadóg gan oiread is soicind amháin eile a thabhairt don bhfoireann (Áth Cliath) agus don imreoir (Brian Fenton) a bhí i seilbh na caide. Tá cúrsaí aclaíochta ríthábhachtach i gcluichí an lae inniu ach uaireanta, tá an daonnacht díreach chomh tábhachtach nó níosa thábhachtaí. Más beag an rud an chiall, is mór é a dhíth ar dhuine.

Fág freagra ar 'An bhfuil an ceart acu siúd a bhíonn ag béicigh ar imreoirí an chaid a lascáil isteach in ainm Dé!  '

  • jpmorley0@gmail.com

    Stíl chaide an lae inniu…cuireann sí múisc orm agus ar na mílte eile nach mé. Scríte ar gheataí Fota lasmuigh tá an mana seo:
    ‘Boutez en avant’ agus is isteach ansin a théann foireann chaide Chorcaí, uair umá seach (agus contaetha eile leis), ag traenáil agus ag cluichíocht nó díreach… ag rith le brothall. Is léir ón lupadaíl lapadáil a bhíonn acu, mo léan, ná tugtar aon aird faoin spéir ar an mana sin nó, má thugtar, ná tuigtear aon fhocal de. ‘Boutez en avant’*…scaoil isteach an chaid in ainm dílis Dé!
    * uaidh sin a tháinig an logainm ‘Buttevant’ mar ar ceannaíodh an stail iomráiteach a bhí ag Napoleon.