An baol ann nach spreagfar dóthain suime sa phobal i gceachtar reifreann

Is beart tromchúiseach leasú a dhéanamh ar an mBunreacht i dtír ar bith, is cuma cén dearcadh atá agat ar an ábhar atá á phlé

An baol ann nach spreagfar dóthain suime sa phobal i gceachtar reifreann

Cuireadh tús oifigiúil an tseachtain seo leis an bhfeachtas eolais don dá reifreann a reachtálfar an mhí seo chugainn.

Tá an Coimisiún Toghcháin agus na polaiteoirí ar fad gafa anois leis an bpróiseas a bhaineann leis an bpobal a chur ar an eolas, na hargóintí a chur i láthair agus daoine a mhealladh le haontú lena ndearcadh.

Bíonn fadhb mhór go minic suim an phobail i reifrinn a spreagadh. D’éirigh go han-mhaith leis na feachtais sna reifrinn ar an bpósadh comhghnéis agus ar an ochtú leasú nó ceist an ghinmhillte, mar go mba cheisteanna iad a spreag tuairimí agus mothúcháin an-láidir i measc daoine.

De ghnáth caitheann timpeall 60% vóta i dtoghchán agus d’fhéadfadh an líon daoine a thagann amach a bheith chomh hard le 68 nó 69%. Ní hamhlaidh i gcás reifrinn. In 2015, tháinig 61% den phobal amach le vótáil sa reifreann ar an bpósadh comhghnéis agus chaith 64% a vóta sa reifreann leis an ochtú leasú a scriosadh as an mBunreacht. ‘Réabhlóid chiúin’ a thug an Taoiseach ar thoradh an reifrinn sin ag an am.

Ní bhíonn a leithéid de réabhlóid ann de ghnáth nuair a bhíonn reifreann i gceist. Níor chaith ach 34% den phobal a vóta sa reifreann ar chearta an linbh in 2012.  39% a chaith a vóta sa reifreann le fáil réidh le Seanad Éireann. I gcás na gconarthaí Eorpacha bíonn lion na vótóirí íseal freisin ach amháin nuair a iarrtar orainn breithiúnas a thabhairt den dara huair!

An babhta seo? Ní bhreathnaíonn sé go fóill ar aon nós go bhfuil suim sa bhfeachtas. Cén bhrí ach an tábhacht a bhaineann leo, go háirithe, dar liomsa ceist an chúraim. Tá an Stát ag ‘dréim’ le tacú le daoine a deirtear.

Sa lá atá inniu ann tá an Stát ag brath an iomarca cheana féin ar theaghlaigh agus gaolta le cúram a dhéanamh do dhaoine a bhfuil tinneas orthu nó atá ag dul in aois. Ar bhealach ní ceist inscne atá inti cé gur mar sin a chuirtear i láthair í. Tá an oiread baint aige leis an Stát a bheith ag tacú le daoine atá ag dul in aois agus ag cur tacaíochta ar fáil do lucht an chúraim.

Mar thoradh ar an ualach a bhíonn le hiompar ag daoine a bhíonn i mbun cúraim tá seans nach mbeidh siad saor le vóta a chaitheamh. Sa reifreann eile ar shainmhíniú an teaghlaigh, tá ceisteanna go leor faoi sheasamh traidisiúnta an teaghlaigh a bheith bunaithe ar an bpósadh. Sin dearcaadh atá athraithe go mór ó 1937 ach tá imní faoin sainmhíniú a thabharfar ar  “chóngais bhuanfasacha”. Nithe iad seo ar fad atá le plé i rith an fheachtais.

An imní a bheadh ormsa faoi láthair nach spreagfar dóthain suime i measc an phobail i gceachtar ábhar. Is beart tromchúiseach leasú a dhéanamh ar an mBunreacht i dtír ar bith, is cuma cén dearcadh atá agat ar an ábhar atá á phlé.

Tá sé tábhachtach go mbeadh muid ar fad ag éisteacht leis na hargóintí ach thar aon ní eile go dtéann muid amach agus vóta a chaitheamh. Is pribhléid a bheith i do chónaí i Stát ina dtugtar an guth duit – baineadh muid leas as an nguth céanna.

Fág freagra ar 'An baol ann nach spreagfar dóthain suime sa phobal i gceachtar reifreann'

  • An Sléibhteoir

    Is faoi na Cúirteanna a bheidh sé brí a bhaint as “cóngais bhuanfasacha”, bheadh ionadh orm ma tá oiread agus dlíodóir bunreachtúil amháin sa tír ata sásta le cé comh débhríoch is atá an moladh seo. Tháinig an tAire O’Gorman amach tar éis débhríocht na foclaíochta nua a bheith nochtaithe sna meáin, ag rá go gceapann sé féin seo no siúd faoi cad is brí le “cóngas buanfhasach” ach is cuma cad a deireann sé linn san fheachtas mar ní faoin Aire atá sé brí a sholáthar. Dá mba rud é go raibh brí ar leith ón Aire bhí sé de cheart ag an Aire é sin a rá go soiléir sa leasú molta.