Díreach tar éis ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh, nuair a bhí aird an domhain mhóir dírithe ar chúrsaí i nGaza agus ar fhreagra na nIosraelach ar na hionsaithe sin, bhí guthanna le cloisteáil in Iosrael gur chóir dóibh an deis a thapú agus ionsaithe a dhéanamh ar Hezbollah ar an talamh sa Liobáin.
Ag an am, dhiúltaigh lucht déanta cinntí Iosrael don chathú glacadh leis an gcomhairle sin. Ach tá an cogadh i nGaza ar siúl le níos mó ná naoi mí anois agus tá na hIosraelaigh ag maíomh go bhfuil na hoibríochtaí, go háirithe i Rafah, ag teacht chun deiridh.
Fiú cúpla seachtain ó shin, dúirt urlabhraí de chuid fhórsa cosanta Iosrael nach mbeadh siad in ann slad a dhéanamh ar Hamas go hiomlán. Cé gur cháin príomh-aire na tíre ráiteas an urlabhraí tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil siad chun tarraingt amach as Rafah i gceann tamaill. Beidh orthu ansin ruathair a sheoladh arís agus arís eile ar an stráice amhail mar atá a dhéanamh acu i lár an stráice chun Hamas a choimeád faoi bhrú, gan iad a scriosadh go hiomlán.
Mar gheall air seo tá na glórtha le cloisteáil arís ag rá gur chóir d’fhórsaí cosanta Iosrael an teorainn a thrasnú chun deireadh a chur leis na hionsaithe faoi dheireadh is faoi dheoidh.
Ó thús an chogaidh in Gaza bhí ionsaithe teoranta á ndéanamh ag Hezbollah agus ag Iosrael ar a chéile trasna theorainn na Liobáine agus mar gheall air sin, bogadh níos mó ná 60,000 Iosraelach ó na bailte sa tuaisceart. I ndeisceart na Liobáine meastar gur bhog thart ar an méid céanna sibhialtach níos faide ó thuaidh ón teorainn chomh maith.
Cogadh dearg eile ina bhaol
Tá guthanna na sibhialtach a aistríodh ón teorainn ag teacht chun cinn in Iosrael agus tá cuid den phlé sa tír dírithe ar an gcoimhlint sa tuaisceart seachas a bheith dírithe go hiomlán ar Gaza. Dúirt aire amháin le déanaí nach raibh aon dul as ach go mbeadh orthu cogadh “crua géar” a sheoladh i gcoinne Hezbollah sa Liobáin. Anuas air sin tá go leor comharthaí eile ann go bhfuil siad chun beart a dhéanamh de réir a mbriathair.
Cúpla mí ó shin thosaigh siad ag athlonnú trealamh míleata breise, lena n-áirítear tancanna agus airtléire, chuig an teorainn agus cé nach raibh trúpaí breise le feiceáil ag an am, tá siad le feiceáil anois.
Tá siad tar éis cleachtaí míleata a eagrú sa tuaisceart le déanaí agus thug príomh-aire na tíre cuairt ar na trúpaí amhail mar a rinne sé díreach roimh an ionradh ar Gaza. Roimh na cleachtaí, dúirt an t-aire cosanta go raibh an chomh-aireacht chogaidh tar éis pleananna an airm chun ionradh a dhéanamh a fhaomhadh. Dúirt sé chomh maith nach ndíreofaí aon ionradh a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhuintir na Liobáine ach ar Hezbollah amháin.
Cé go bhfuil ionsaithe teoranta á ndéanamh ag an dá thaobh ó thús an chogaidh i nGaza cuireadh an lasair sa bharrach sa choimhlint sin nuair a mharaigh an hIosraelaigh ceannaire sinsearach de chuid Hezbollah ag tús mhí an Mheithimh.
Tuairiscítear an tseachtain seo go bhfuil roinnt othar á n-aistriú ag na húdaráis sláinte ón tuaisceart go dtí ospidéil i lár na tíre mar ullmhúchán, de réir dealraimh, roimh chogadh ar an talamh sa Liobáin.
B’fhéidir nach bhfuil sna comharthaí thuasluaite ach teachtaireacht do Hezbollah, ach dúirt príomh-aire Iosrael le déanaí go bhfuil sé chun slándáil thuaisceart na tíre a chur i bhfeidhm arís “bealach amháin nó bealach eile” ionas go mbeadh na sibhialtaigh in ann filleadh abhaile.
Anuas ar na comharthaí in Iosrael tá comharthaí sa Liobáin freisin go mbeidh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus Hezbollah. Tá roinnt tíortha, lena n-áirítear an Ghearmáin, Ceanada, an Ísiltír agus an Araib Shádach, tar éis foláirimh a thabhairt dá saoránaigh sa Liobáin an tír a fhágáil mar gheall ar bhaol cogaidh.
Impleachtaí
Tá na Meiriceánaigh dáiríre faoin mbaol cogaidh faoi láthair agus tá siad tar éis toscaire speisialta a chur chuig an réigiún chun cúrsaí a phlé sa Liobáin agus in Iosrael. Ach tuairiscítear nach bhfuil aon réiteach taidhleoireachta ag teacht chun cinn go fóill.
Cinnte má thagann sos cogaidh buan i bhfeidhm in Gaza athróidh cúrsaí agus b’fhéidir go mbeidh socrú de shaghas éigin idir Hezbollah agus Iosrael, rud a dheimhnigh leascheannaire Hezbollah an tseachtain seo.
Ach dar leis na hIosraelaigh níl sos cogaidh buan ar na bacáin in Gaza agus tá meon mhuintir Iosrael athraithe agus níl siad sásta a thuilleadh cur suas le Hezbollah a bheith chomh láidir sin díreach trasna na teorann sa Liobáin.
Má sheolann siad cogadh dearg tá tuiscint anois ag an domhan mór ar cad a tharlóidh:
- Déanfar scrios ar chuid mhaith de bhonneagar na Liobáine lena n-áirítear áiseanna giniúna leictreachais, córais séarachais agus uisce.
- Déanfar scrios ar na ceantair uirbeacha ina bhfuil Hezbollah láidir i mBéiriút
- Déanfar scrios ar roinnt bailte agus sráidbhailte i ndeisceart na tíre.
- Mar gheall ar líon na ndiúracán atá ag Hezbollah déanfar scrios ar roinnt áiseanna sibhialta agus míleata in Iosrael chomh maith.
Ach is é an baol is mó a bhaineann le cogadh dearg eile sa réigiún ná go leathnódh an choimhlint agus go dtarraingeofaí an Iaráin isteach sa chogadh. Luaigh urlabhraí Iaránach le déanaí nach mbeadh an dara rogha acusan ach tacaíocht iomlán a thabhairt do Hezbollah.
Fearn
Níl lá locht agam ar anailís Mháirtín Uí Dhuibhir anseo agus is dóigh ná a mhalairt go mbeidh an cogadh mar a luadh é.
Troideann an tIosraeleach gach troid ar son a mhaireachtála. Troideann an Pailistíneach gach troid ar son a mhaireachtálasa. Is cealg san fheoil Iosrael i súile chairde na Palaistíne, agus is cealg san fheoil gach cara Iosrael ag gach rialtas cáirdiúil ag Iosrael. Ceist ghabhlánach ar muin cheist ghabhlánach. Fágann sin easpa dúil comhréitigh ag an dá thaobh. Fágann sin easpa achar comhréitigh eadarthu. Cinnte ligeann an dá thaobh orthu go bhfuil bealach a gcomhréithigh ann, ach níl ansin ach straitéis chogaíochta.
Tá an Geásach ag seasamh amach mar nár sheas Palaistíneach amach chomh maith roimhe. Smístear é, basctar é ach maireann a anam agus spreagann sé Palaistínigh eile. Tá Palaistínigh an Bhruaigh Thoir ceansaithe agus faoi íslebhrí cheana. Is faoi Phalaistínigh na Liobáine an dara cathéadán a oscailt. Gan dabht, tá cogadh ar gos íseal cheana féin ar bun sa Liobáin agus “caithfidh” Iosrael buaileadh. Go nuige seo ba nós leo an feallmharú ardoifigeadh ón spéir sa Liobáin agus an chorrfheallmharú ar an Iaráineach a sheasann leo. Neartóidh an tIosraelach ar an sluamharú sa Liobáin mar a chleachtann sé i nGeása.
Baileoidh an Palaistíneach sa Liobáin a mhisneach agus a spiorad. Fualaingeoidh sé amhail a bhráthair i nGeása, agus siúlfaidh an tIaráineach cuid den bhóthar leis, ach beidh sé goilliúnach do bhrú idirnáisiúnta. Ní bheidh an dara rogha ag an Liobáineach.
Gníomh fola a bhéas ann ar aon dul le Seachtain na Cásca 1916, ach mairfidh sé níos faide ná seachtain.
Beidh an Palaistíneach ag súil go gcaillfidh an tIosraelach an meas atá air i súil an domhain, agus go lagfar spiorad an Iosraelaigh.
Beidh an dá thaobh ag druidim le pointe “breith ná bás”. Dia idir sinn agus an t-anachain.