Amhras ar leas-dhéan coláiste oiliúna faoi ‘bhailíocht’ scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Deir Pádraig Ó Duibhir go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair ‘is éasca le honóir a bhaint amach ann’ agus go dtuigeann gach duine atá ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais ‘nach bhfuil caighdeán na Gaeilge sna scoileanna ag feabhsú’

Amhras ar leas-dhéan coláiste oiliúna faoi ‘bhailíocht’ scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá amhras ar leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Pádraig Ó Duibhir, faoi “bhailíocht” scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Ó Duibhir go bhfuil amhras air faoin scrúdú ó tosaíodh ag bronnadh 40% de mharcanna an scrúdaithe don scrúdú cainte.

Pádraig Ó Duibhir

“Is maith an rud é i mbealach amháin, ach i mbealach eile tá sé soiléir go dtig le go leor daltaí Ardteiste an-chuid a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus iad ag dul isteach sa scrúdú. Idir an aiste don pháipéar scríofa, bíonn aiste de ghlanmheabhair réidh le húsáid do cibé topaic atá ar an scrúdú, agus an scrúdú béil,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair “is éasca le honóir a bhaint amach ann” agus go dtuigeann gach duine atá ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais “nach bhfuil caighdeán na Gaeilge sna scoileanna ag feabhsú”.

Tá fáilte curtha ag Ó Duibhir roimh an bhfógra an tseachtain seo go mbeidh grád H4, nó 60-70 faoin gcéad, sa Ghaeilge ardleibhéil ag teastáil feasta chun áit a fháil sna coláistí oiliúna do bhunmhúinteoirí.

“Seolann an t-athrú amach an teachtaireacht cheart, bhí an teachtaireacht mhícheart á seoladh amach nuair a bhí caint ar an 50%. Mar sin féin, tá fadhbanna níos bunúsaí a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu, bailíocht an scrúdaithe féin ar cheann acu,” a dúirt sé.

Níor theastaigh i mbliana le bheith i d’ábhar oide bunscoile ach H5, 50-60 faoin gcéad, sa Ghaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo d’fhág an polasaí iontrála sin go mbeadh duine in ann áit a fháil sna Coláistí Oiliúna gan fiú an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

Fág freagra ar 'Amhras ar leas-dhéan coláiste oiliúna faoi ‘bhailíocht’ scrúdú Gaeilge na hArdteiste'