An bunriachtanas Gaeilge d’ábhar múinteoirí le hardú an bhliain seo chugainn

Faoin bpolasaí iontrála atá ann faoi láthair d’fhéadfadh duine áit a fháil sna Coláistí Oiliúna gan fiú an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh san Ardteist

An bunriachtanas Gaeilge d’ábhar múinteoirí le hardú an bhliain seo chugainn

Tá an bunghrád a theastaíonn i scrúdú Gaeilge na hArdteiste chun áit a fháil i gcoláiste oiliúna do bhunmhúinteoirí le hardú an bhliain seo chugainn.

D’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton inniu go mbeidh grád H4, nó 60-70 faoin gcéad, sa Ghaeilge ardleibhéil ag teastáil feasta chun áit a fháil sna coláistí oiliúna do bhunmhúinteoirí.

Níor theastaigh i mbliana le bheith i d’ábhar oide bunscoile ach H5, 50-60 faoin gcéad, sa Ghaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo d’fhág an polasaí iontrála sin go mbeadh duine in ann áit a fháil sna Coláistí Oiliúna gan fiú an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

Faoin seanchóras, theastaigh ar a laghad 55%, nó C3, i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ó dhaltaí ar mhaith leo céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

Ní mó ná sásta a bhí lucht an ghaeloideachais leis an íosriachtanas nua sa chóras iontrála do na Coláistí Oiliúna a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair na bliana seo, córas a d’fhág gur leor grád H5, nó D1 mar a bhíodh, sa Ghaeilge.

Agus na hathruithe ar na bunriachtanais iontrála i dtaobh na Gaeilge, an Bhéarla agus na Matamaitice á bhfógairt ar maidin aige, dúirt an tAire Bruton go raibh an córas nua á thabhairt isteach le cinntiú go mbeadh sé de chumas ag bunmhúinteoirí “ceannaireacht” a thabhairt maidir le teagasc na n-ábhar sin.

Is é an bunriachtanas a bheidh ann don Bhéarla agus don Mhatamaitic feasta ná 60-70 faoin gcéad ag an ngnáthleibhéal. Níl aon athrú le déanamh ar an mbunriachtanas ag an ardleibhéal do na hábhair sin – 30-40 faoin gcéad.

Ní thiocfaidh na hathruithe i gceist don dream atá ag déanamh na hArdteiste an samhradh seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'An bunriachtanas Gaeilge d’ábhar múinteoirí le hardú an bhliain seo chugainn'

  • Mánus

    Teastaíonn coláiste LánGhaeilge chun bunmhúinteoirí agus meánmhúinteoirí a thraenáil don Ghaeloideachas.
    Tá siollabas Gaeilge na hArdteiste dírithe ar dhaltaí nach labhrann Gaeilge taobh amuigh den rang Gaeilge. Ní leor grád H4, nó 60-70 % sa Ghaeilge Ardleibhéal mar shlat tomhais chun bunmhúinteoirí a sholáthar dos na Gaelscoileanna.

  • Cenél Aedha

    An cheist atá le breithniú ná an bhfuil riachtanais an scrúdaithe ag teacht le riachtanais ghairme oidí Gaeilge i mbunscoileanna. Tá, méid áirithe, ach is léir don dall go bhfuil difríochtaí eatarthu freisin, mar shampla tábhacht san Ardteist le cumas léirmheastóirechta ar litríocht. Bíodh sin ag dalta ardteiste ná ná biodh, ní léiriú é ar a c(h)umas teagaisc Gaeilge sa scoil náisiúnta áit a dteastaíonn scileanna tábhachta teanga de shórt eile msh foclóir sách maith, fuaimiú cruinn, cruinneas gramadaí etc agus bheith in ann í a theagasc go héifeacht spéisiúil taitneamhach.
    Ó thús na hathbheochna d’éirigh leis na mílte múinteoirí saorálacha an-obair a dhéanamh taobh amuigh den chóras oideachais go minic gan cáilíochta arda acu i scrúduithe stáit de. Is mó i bhfad a chuir siadsan i gcrích ná atá déanta sna scoileanna stáit le céad bliain anuas.
    Cinntímis mar sin go bhfuilimid ag díriú ar na rudaí iomchuí- murach sin ní bheidh againn ach córas lochtach. Cuimhnímis air freisin go bhfuil an bhunobair sa scoil náisiúnta ríthábhachtach; mura mbeireann an dalta greim mhaith ar an nGaeilge ag an gcéad leibhéal sin, is beag seans go ndéanfaidh siad aon mhaith ag an dara leibhéal.

  • Mánus

    Ar Adhmhaidin RNG inniu Dé hAoine agus é ag caint faoi Ghaeilge na hArteiste tá amhras léirithe ag Pádraig Ó Duibhir saineolaí oideachais ar “bhailíocht an scrúdú fhéin”.

  • Braoin

    Cuireann se faitíos orm ó thaobh na teanga de cuid de na daoine a bhfuil aithne agamsa orthu agus atá ag gabháil le Gaeilge a mhúineadh. Más rud é gurb iadsan na múinteoirí Gaeilge amach anseo, ar son Dé cén chaoi a mbeidh seans dá laghad ag na gasúir scoile nach í an Ghaeilge a dteanga dhúchais acu an rud a phiocadh suas ar chor ar bith agus iad fanta ag brath ar an gcóras scoile amháin…